Méid an Téacs

Toraíocht Taisce le Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Meán Fómhair 16, 2013

A Chairde,

Tá Coiste Chairde Ghaelcholaiste an Phiarsaigh bunaithe againn anois. Tá grúpa beag daoine bailithe le chéile agus is é an chéad sprioc atá againn ná tuismithóirí agus dáltaí Mean Fomhair 2014 a chur in aithne dá chéille. Tá muid i mbun Toraíocht Taisce/Treasure Hunt agus coisir beag a éagrú í Marley Pk ar an 8ú Meitheamh 2013. Beidh níos mó eolais le fáil nios giorra den am. Is deis iontach a bheidh ann castáil leis na páistí and teaghlaigh eile atá clárithe do 2014. Beidh caint, cácai agus roinnt craic ar an lá agus ba bhréa linn sibh a fhéiceail ann.

Bheinn buíoch díobh ach RSVP a dhéanamh liom, trí roimhphoist a sheoladh chugam, roimh Bealtaine an 27ú lá.

Agus má tá spéis agua am ag aon duine agaibh tacaíocht a thabhairt do Chairde dean teangmhail liom ag eolas@gaelcholaiste.com le bhur dtoil.

Mise le Meas
Sarah O’Connell Nolan
Cathaoirleach Chairde Ghaelcholáiste an Phiarsaigh

www.gaelcholaiste.com

Thriomaigh an fhoinse

Meán Fómhair 16, 2013

Chríochnaigh Foras na Gaeilge a chonradh le Foinse ceithre bliana ó shin.

Bhí an Foras míshásta maidir le díolachán, de réir cosúlachta. Thaitin Foinse go mór liomsa: bhí scríbhneoirí den scoth ag an pháipéar agus uaireanta fuair tú scéalta nach bhfuair tú i nuachtán ar bith eile. De réir mo bharúlasa, ní raibh Gaelscéal, an páipéar a tháinig ina dhiaidh, leath chomh maith is a bhí Foinse. Níor díoladh ach thart fá 1,400 cóip sna siopaí, de réir dealraimh. Ach tháinig Foinse ar ais mar fhorlíonadh san Irish Independent gach Céadaoin. Paipéar an-mhaith a bhí ann. Tá an ceart agat: aimsir chaite. Bhí fógra ar shuíomh Idirlín Foinse.ie an tseachtain seo caite ag rá nach mbeadh an t-eagrán clóite de Foinse ar fáil as seo amach. Tá seirbhís Idirlín Foinse ar fáil go fóill. Áis den scoth atá ann: tugtar sé no seacht bpíosa nuachta ar an suíomh i nGaeilge ghlan agus tugtar cuidiú do dhaoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu. Rinne Emer Ní Chéidigh agus a foireann an-jab. Bhí cuma an-phroifiseanta ar an pháipéar bheag. Mhéadaigh an lucht léitheoireachta 350% ! Thosaigh daoine óga ag léamh nuachtán Gaeilge den chéad uair.

Áis den scoth a bhí san eagrán clóite – áis d’fhoghlaimeoirí go háirithe. Ach anois níl nuachtán Gaeilge againn. Ní bheidh múinteoir Gaeilge ábalta nuachtán a thaispeáint dá rang le pointe a léiriú. An bhfuil tír eile sa domhan nach bhfuil nuachtán aici sa chéad teanga náisiúnta? Nach fimínigh muid? Nach ceap magaidh í Éire? Táimid ag lorg stádas oifigiúil don Ghaeilge agus nílimid in ann nuachtán seachtainiúil a chur le chéile fiú. Thiocfadh le foireann bheag – seisear b’fhéidir – páipéar maith a chur amach gach seachtain. Tá na scríbhneoirí againn. Ach tá siad dífhostaithe. An mbeidh glúin eile de scríbhneoirí Gaeilge againn? An bhfuilimid sásta leis na liarlóga Béarla? (‘No fun, no Sun’). Ar chaill muid ár ndínit ar fad? An rachaidh an Ghaeilge bóthar na Laidine: teanga bheo – ábhar scoile – cuid de staidéir chlasaiceacha – as radharc?

 

Nósanna imeachta nua frithbhulaíochta á bhfoilsiú ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn T.D., do na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fad

Meán Fómhair 13, 2013

Éileofar ar scoileanna straitéisí oideachais agus coisc a bheith acu don chibearbhulaíocht.

Inniu, d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., nósanna imeachta nua frithbhulaíochta atá lena nglacadh agus lena gcur i bhfeidhm ag na 4,000 bhunscoil agus iar-bhunscoil ar fad. Tá na nósanna imeachta nua agus Ciorclán 0045/13 na Roinne a ghabhann leo foilsithe anois ar shuíomh gréasáin na Roinne ag http://edweb/en/Publications/Policy-Reports/Anti-Bullying-Procedures-for-Primary-and-Post-Primary-Schools.pdf

Forbraíodh na nósanna imeachta seo tar éis comhairlithe leis na comhpháirtithe cuí oideachais agus tá siad á gcur in ionad treoirlínte a eisíodh chuig na scoileanna i 1993. Cinneadh ar na nósanna imeachta seo mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh ar threoirlínte 1993 agus ar fheidhmiú an Phlean Aicsin um Bulaíocht a foilsíodh in Eanáir 2013.

De réir na nósanna imeachta nua ní mór go mbeadh an cosc ar an mbulaíocht ina chuid dhílis de pholasaí frithbhulaíochta scoile. Adúirt an tAire Quinn “bhí áthas air a fheiceáil go raibh fócas láidir sna nósanna imeachta ar straitéisí oideachais agus coisc chun déileáil le hiompraíocht bhulaíochta, go háirithe cibearbhulaíocht agus bulaíocht shainiúlacht-bhunaithe ar nós bulaíochta hómafóbaí agus trasfóbaí”.

Ní mór do gach scoil a polasaí frithbhulaíochta a fhorbairt de réir na nósanna imeachta. Ní mór don scoil an polasaí a fhorbairt i gcomhairle leis na tuismitheoirí, na mic léinn, agus foireann na scoile ar fad, agus aidhm aici cultúr agus atmasféar dearfach scoile a chruthú atá cuimsitheach agus a ghlacann le tréithe éagsúla i measc na mac léinn.
I measc príomheilimintí na nósanna imeachta tá:

  • Béim láidir ar iompraíocht bhulaíochta a chosc trí chultúragus atmasféar dearfach scoile a chothú agus a fhorbairt atá bunaithe ar an gcuimsitheacht agus ar an urraim
  • Cur chuige ag an scoil ar fad do chosc a chur le hiompraíocht bhulaíochta agus do dhul i ngleic léi
  • Riachtanas go gcloífeadh na scoileanna go léir leis an dteimpléad caighdeánaithe polasaí chun a bpolasaithe frithbhulaíochta a fhorbairt
  • Breis trédhearcachta do thuismitheoirí agus daltaí mar gheall ar an riachtanas ar scoil a polasaí frithbhulaíochta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na scoile agus é a thabhairt do chumann na dtuismitheoirí
  • Soiléiriú go n-áiríonn sainmhíniú na bulaíochta an chibearbhulaíocht agus bulaíocht shainiúlacht-bhunaithe (ar nós bulaíochta hómafóbaí agus bulaíochta ciníche)
  • Leideanna praiticiúla faoin gcaoi le cultúr agus atmasféar dearfach scoile a thógáil atá bunaithe ar an gcuimsitheacht agus ar an urraim
  • Nósanna imeachta soiléire chun an bhulaíocht a iniúchadh, a thaifead agus a réiteach. Tá sé aibhsithe sna nósanna imeachta gurb é is aidhm go príomhdha leis an iniúchadh ar an mbulaíocht ná fadhbanna ar bith atá ann a réiteach agus an caidreamh idir na páirtithe i gceist a athbhunú sa mhéid gur féidir é (seachas an milleán a roinnt).
  • Socruithe maoirseachta ar a n-áirítear Príomhoide na Scoile a bheith ag cur tuarascála rialta chuig an mBord Bainistíochta agus riachtanas ar an mBord athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar pholasaí frithbhulaíochta na scoile agus ar fheidhmiú an pholasaí sin. Ní mór a dheimhniú do chumann na dtuismitheoirí go ndearnadh an t-athbhreithniú bliantúil agus an deimhniú sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na scoile.

Tá riachtanas ar na scoileanna go léir tús a chur láithreach leis na socruithe cuí chun polasaí frithbhulaíochta a fhorbairt a chloíonn go hiomlán le riachtanais na nósanna imeachta nua, agus glacadh go foirmeálta leis. Táthar ag súil go mbeidh sé seo curtha i gcrích ag gach scoil a luaithe is féidir sa scoilbhliain 2013/14 ach ar chaoi ar bith tráth nach déanaí ná deireadh an dara téarma den scoilbhliain 2013/14.

Dúirt an tAire Quinn go “soláthraíonn tabhairt isteach na nósanna imeachta an-deis chun dlús a chur leis an gcur chuige atá againn i leith an bhulaíocht a chosc agus a réiteach i scoileanna”. Dúirt sé freisin go bhfuil na nósanna imeachta scríofa i stíl atá áisiúil don úsáideoir, agus go ndíríonn siad i mbealach an-phraiticiúil ar an rud nach mór do na scoileanna a dhéanamh chun an bhulaíocht a chosc agus a réiteach. Is é an rud is bunúsaí ná na príomheilimintí a bheith ceart ar fud na 4,000 scoil ar fad. Is iomaí scoil a bhfuiltear á dhéanamh seo go maith inti cheana féin agus beidh na nósanna imeachta nua mar bhun agus mar thaca agus mar fheabhas breise ar an méid atá siad á dhéanamh cheana.

I gcás na scoileanna sin nach réitíonn fadhb na bulaíochta chomh maith céanna beidh na nósanna imeachta nua ina dteimpléad polasaí bulaíochta agus ina dtreoir phraiticiúil ina bhfuil leideanna le fáil i dtreo is go mbeidh sé soiléir dóibh céard tá le déanamh acu. Mar thoradh ar na tiomantais sa Phlean Aicsin um Bulaíocht, beidh Cigireacht na Roinne ag cur béime níos láidre ar na bearta nach mór do scoileanna a dhéanamh chun cultúr dearfach scoile a chruthú agus chun an bhulaíocht a chosc agus a réiteach.”

Ghabh an tAire Quinn a bhuíochas leis na comhpháirtithe éagsúla oideachais as an ionchur a bhí acu sna nósanna imeachta nua. D’admhaigh sé chomh maith an ról lárnach a bhí ag Teresa McNeill, Príomhoifigeach Cúnta ina Roinnse a d’oibrigh go dlúth leis na comhpháirtithe oideachais chun na nósanna imeachta seo a fhorbairt.

Tá na nósanna imeachta nua ceaptha chun treoir a thabhairt d’údaráis scoile agus lucht foirne scoile maidir le cosc a chur le hiompraíocht bhulaíochta scoil-bhunaithe i measc na ndaltaí agus maidir lena réiteach. Cabhróidh na nósanna imeachta leo chomh maith agus iad ag déileáil le droch-thionchar ar bith a bhíonn ag bulaíocht a tharlaíonn in áit eile ar dhaltaí agus iad ar scoil.

Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo i leith na mbunscoileanna agus na n-iar-bhunscoileanna aitheanta ar fad agus i leith lárionaid oideachais (mar a shainmhínítear san Acht Oideachais, 1998 iad) a bhfreastalaíonn daltaí faoi bhun 18 bliain d’aois orthu. Áit a fhónann scoil ar aosaigh leochaileacha beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo i leith na bhfoghlaimeoirí fásta sin chomh maith. Ní mór d’údaráis scoile agus lucht foirne scoile cloí leis na nósanna imeachta seo nuair a bheidh siad ag déileáil le líomhaintí agus teagmhais bhulaíochta.

Sainmhínítear an bhulaíocht sna nósanna imeachta nua mar dhroch-iompraíocht nach dteastaíonn, bíodh sí ó bhéal, síceolaíoch nó fisiceach, atá ar siúl ag duine aonair nó grúpa in aghaidh duine (nó daoine) eile agus a leantar leis thar thréimhse ama. Soiléirítear sna nósanna imeachta seo go n-áiríonn an sainmhíniú seo an chibearbhulaíocht agus bulaíocht shainiúlacht-bhunaithe (ar nós bulaíochta hómafóbaí agus bulaíochta ciníche).

€ 3.4M do Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta

Meán Fómhair 13, 2013

Tá pleananna fógartha inniu chun Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta a fhorbairt i mBaile an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí. Cosnóidh an t-ionad seo, ina mbeidh achar de 1,400 méadar cearnach, suas le €3.4M.

San ionad nua, beidh oifigí agus áiseanna nua do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo; Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ina mbeidh áiseanna nua don naíonra agus seirbhísí réamhscoile; spás oiliúna; agus trí aonad fiontraíochta de chuid an Údaráis. Tá sé beartaithe freisin go dtógfaí clós súgartha poiblí do pháistí ar an suíomh, atá lonnaithe ar imeall shráidbhaile an Bhuailtín.

Tá €1.74M curtha ar fáil don tionscadal ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá €500,000 curtha ar fáil ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, agus is iad Údarás na Gaeltachta a chuirfidh an fuílleach (€1.2M) ar fáil. Tá súil go mbeidh an obair fhorbartha curtha i gcrích faoi fhómhar na bliana seo chugainn.

D’fháiltigh an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., roimh an fhorbairt, ag rá: “Beidh na seirbhísí tacaíochta teanga a bheidh ar fáil tríd an ionad forbartha seo de dhíth chun tacaíocht a thabhairt do Chorca Dhuibhne mar cheantar Gaeltachta. Léiríonn an fhorbairt seo cur i bhfeidhm praiticiúil na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus beidh an togra seo lárnach chun tacaíocht a thabhairt don phróiseas pleanála teanga i gCorca Dhuibhne.”

Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, “Is togra iontach tábhachtach é seo do Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus do pobal na háite. Déanfar freastal ar riachtanais thacaíochta teanga agus luath-oideachais agus cuirfear áiseanna nua-aimseartha oiliúna, fiontraíochta agus cruthú fostaíochta ar fáil ar mhaithe le neartú agus buanú an phobail agus na Gaeilge sa cheantar”.

Dúirt Éamonn Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach an Údaráis go bhfuil ról lárnach ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo agus a chuid fochomhlachtaí i bhforbairt agus i mbuanú na Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, chomh maith le tionchar ollmhór acu ar an eacnamaíocht áitiúil. Dar le Ó Neachtain go gcuirfidh an fhorbairt seo le líon agus le caighdeán na seirbhísí a bheidh ar fáil sa cheantar, le hinmharthanacht phobail, le seirbhísí bun-riachtanacha agus le buanú agus deiseanna fostaíochta i gCorca Dhuibhne.

Foilsithe ar Gaelport.com

Girls continue to outperform boys in Junior Cert

Meán Fómhair 13, 2013

The results repeat traditional trends and confirm the different educational experiences of male and female students.

In post-primary education, girls are more inclined to study at higher level in key subjects and are also more likely to get top grades.
Females accounted for 49pc of the 59,823 Junior Cert candidates this year, according to a gender breakdown by the State Examinations Commission (SEC).
However, they made up 58pc of those taking higher level Irish, 53pc of those taking higher level English, 50pc of those taking higher level maths and more than 50pc of higher level candidates in French, German Spanish, Italian, arts/craft/ design, business studies, music, home economics and religious education.
Childhood
The gender gap is also evident in the results achieved, with girls more likely to notch up ‘ honours’ A, B or C grades.
Girls picked up more As in all higher level papers except maths, Latin and metalwork.
Across the spectrum of the ‘ honours’ ABC grades, the girls went on to overtake the boys in maths and it was only in Latin and metalwork that the boys did better.
The roots of the differences between the sexes in academic engagement goes back to much earlier in their childhood, as illustrated in a recent report based on data gathered in the Growing Up in Ireland study.
The study findings, analysed by Denise Frawley, Selina McCoy and Maeve Thornton of the Economic and Social Research Institute ( ESRI) showed how nine-year-old girls and boys felt differently about school.
They found that girls had slightly higher reading test scores than boys, but boys scored higher in maths, especially at the top end.
This year, 13pc of boys scored an A in higher level maths, compared with 11pc of girls.
Boys are significantly less likely than girls to look forward to school, to like school and to like their teacher, the study also showed.
Boys have higher levels of school absenteeism and are less likely than girls to complete their homework on a regular basis. However, while they reported that gender was a significant predictor of school engagement, they said other factors, such as social background, were crucial in order to distinguish which types of boys and girls were most likely to be disengaged from school.
Kathleen Lynch, Professor of Equality Studies at University College Dublin (UCD), said the real issue in educational inequality was social class, not gender. She said that she had been pressing the Department of Education for years for data relating to matters such as social background and school attendance.

www.independent.ie

Girls take study honours for 3 core Junior Cert subjects

Meán Fómhair 13, 2013

Girls are still far more likely than boys to study the three core school subjects to higher level for Junior Certificate.

Figures released by the State Examinations Commission also reveal that girls do better in most of the 26 subjects, with more getting As and honours grades A, B or C) in the vast majority.
Significant improvements in uptake of Irish and maths to higher level were evident again in this week’s results, largely attributed to curricular and other reforms.
But far more female students still chose the tougher exam than boys, with one of the biggest variations being at Junior Cert Irish.
In a school with 50 girls and 50 boys who sat the exams in June, for example, 30 girls but only 22 or 23 boys would have done honours Irish.
Boys still trail girls in doing higher level maths, although half of the 30,155 male students doing the subject sat the higher level in June — just below the 53% of females. Almost equal proportions (41% of girls and 42% of boys) did ordinary level maths, and slightly more boys (7.5%) than girls (6%) sat foundation level papers.
In English, almost 79% of girls but only 68% of boys sitting the higher level papers this year. This meant double the proportions of boys compared to girls taking English at ordinary (29% compared to 14%) and foundation levels (3% as against 1.5%).
The trends continue among other popular languages, with four girls doing higher level French for each one sitting ordinary level, compared to a 3:1 ratio among male students.
For Junior Cert German, studied by just over 10,000, the numbers are very similar, although very slightly more balanced, with 79% of girls and 71% of boys doing higher level.
Of 22 subjects in which figures are provided for higher level, maths, Latin and metalwork were the only ones in which more boys got As, while more boys than girls got honours in just Latin and metalwork.

www.irishexaminer.com

Béalscrúdú don TS níos coitianta in 2013

Meán Fómhair 12, 2013

Inné, cuireadh torthaí an Teastais Shóisearaigh ar fáil do dhaltaí scoile na tíre seo, agus dhírigh formhór an phlé sna meáin chumarsáide ó shin ar na hathruithe atá i ndán don Teastas Sóisearach amach anseo.
Rinne Gaelport.com anailís ar na figiúirí a cuireadh ar fáil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit le feiceáil cén t-adhmaid a d’fhéadfaí a bhaint as na figiúirí seo ó thaobh na Gaeilge de.
Díolúine
Ag féachaint ar an nGaeilge mar chroí ábhar sa Teastas Sóisearach mar aon le Matamaitic agus Béarla, bheifeá ag súil go mbeadh líon na ndaltaí ag tabhairt faoin scrúdú mórán mar aon gcéanna don trí scrúdú sin.

I mbliana, thug 7,261 dalta níos mó faoin mBéarla mar ábhar don Teastas Sóisearach, ná mar a thug faoin nGaeilge.

Tá dhá chúis ar leith nach mbeadh dalta san áireamh sna figiúirí thuas don scrúdú Gaeilge; tá díolúine acu ón ábhar nó ní raibh siad i láthair ar lá an scrúduithe. Is féidir díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge a dheonadh ar dhalta sna cásanna seo:

• Dalta nach bhfuair a b(h)unoideachas i bPoblacht na hÉireann
• Daltaí a bhí ar an mbunscoil i bPoblacht na hÉireann ach a chaith tréimhse níos faide ná 3 bliana lasmuigh den Stát sular fhill siad ar an oideachas sa Stát agus iad os cionn 11 bliain d’aois um an dtaca sin.
• Daltaí le deacrachtaí foghlama nó míchumas intleachta
• Dalta ón iasacht nach bhfuil tuiscint ar bith aige/aici ar an mBéarla

Is ar an mbonn go bhfuil deacrachtaí foghlama ag an dalta an bealach is coitianta a fhaightear díolúine ón nGaeilge mar ábhar scoile. Nuair a scrúdaítear na figiúirí do theangacha Eorpa eile, (seachas an Ghaeilge nó an Béarla) feictear go bhfuil níos mó daltaí ag tabhairt faoi theangacha eile ná mar atá ag tabhairt faoin nGaeilge.

Is deacair a shamhlú gur féidir deacracht ar leith a bheith ag dalta leis an nGaeilge nach mbeadh acu le teangacha eile. An bhfuil an díolúine ón nGaeilge á húsáid go soiniciúil ag príomhoidí nó ag daltaí chun éalú ó cheann de na croí ábhar teagaisc?
An Béalscrúdú Roghnach
Bhí borradh suntasach le feiceáil i mbliana ar líon na ndaoine a thug faoin mbéalscrúdú roghnach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh. In 2013, thug 10,486 dalta (20.15%) faoin mbéalscrúdú, suas go mór ó 7,388 (14.5%) sa bhliain 2012. Le blianta beaga anuas, tá fás leanúnach tagtha ar líon na scoileanna a chur an béalscrúdú roghnach ar fáil dá ndaltaí mar a fheictear sa léaráid thíos:
Cé gurb iad Coimisiún na Scrúduithe Stáit a riarann an béalscrúdú don Ardteist, ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh, is faoin scoil féin atá sé an béalscrúdú a chur ar na daltaí scoile, agus is pointe teannais é seo i measc scoileanna na tíre. In ainneoin go bhfuil molta ag an ASTI agus ag an TUI do mhúinteoirí Gaeilge gan tabhairt faoin obair bhreise seo is léir go bhfuil líon na scoileanna atá ag cur an bhéaltriail ar fáil ag méadú go suntasach bliain ar bhliain le 5 bliana anuas toisc na marcanna breise atá ag dul don bhéalscrúdú anois ag leibhéal na hArdteiste.
Ábhair eile trí Ghaeilge
Ach oiread le blianta eile, thug tuairim is 2% de dhaltaí an Teastais Shóisearaigh i mbliana faoi ábhar eile, seachas An Ghaeilge, trí Ghaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com

Cúntóir Naíonra agus Stiúrthóir Cúnta

Meán Fómhair 12, 2013

Naíonra Chaitlín Maude, Caile Átha Cliath 24 ag lorg duine mar stiúrthóir do:
a) Chúram pháistí d’uair a chloig roimh scoile agus
b) trí uair a chloig i.e. eagrú lóin agus glanadh suas 1i.n. – 4i.n.
Duine le FETAC 5 i gCúram Leanaí agus cumas maith Gaeilge más féidir.
Post 9 mhí atá i gceist anseo. €12 san uair.
Spriocdháta: 16-9-2013
CV chuig naionra.cm@gmail.com

Stiúrthóir Cúnta do Cúram tar éis scoile. 1i.n.-5i.n. Luan – Aoine.
Duine le FETAC 5 i gCúram Leanaí agus cumas maith Gaeilge más féidir. €12 san uair.
Post 9 mhí atá i gceist anseo.
Spriocdháta: 16-9-2013
CV chuig naionra.cm@gmail.com

Rúnaí Scoile

Meán Fómhair 12, 2013

Tá folúntas do Rúnaí Páirtaimseartha Scoile i nGaelscoil Riada, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
Post páirtaimseartha atá i gceist.
Riachtanais:
• Beidh ar an té a cheapfar a bheith sásta imréiteach Gharda a fháil.
• Ard-chaighdeán Ghaeilge riachtanach don phost.
• Scileanna ríomhaireachta agus dea-scileanna cumarsáide de dhíth.
• Ní mór d’iarrathóirí taithí rúnaíochta agus riaracháin a bheith acu .
Seol do c.v chuig riada06@gmail.com nó chuig:
An Cathaoirleach,
Gaelscoil Riada,
Ráithín, Baile Átha an Rí,
Co. na Gaillimhe

Spriocdháta: Dé Céadaoin, 25 Meán Fómhair 2013

Suíomh idirlín nua ag Gaelscoil Shliabh Rua

Meán Fómhair 12, 2013

Tabhair cuairt ar shuíomh idirlín nua ceann de na scoileanna is nua sa tír – Gaelscoil Shliabh Rua. Tá éacht déanta ag foireann, tuismitheoirí agus daltaí na scoile ónar oscail sí ar an 29 Lúnasa agus guímis gach rath orthu.

« Previous PageNext Page »