Comhaltachtaí Taighde – Fiontar
Márta 13, 2013
Sonrúchán na gComhaltachtaí Taighde PhD (2013-16)
Tá líon teoranta comhaltachtaí lánaimseartha taighde á dtairiscint ag FIONTAR i réimse na téarmeolaíochta agus na foclóireachta Gaeilge.
Beidh na comhaltaí taighde ag obair i bpáirt le meitheal na dtionscadal taighde atá á bhforbairt ag Fiontar: www.focal.ie, www.logainm.ie, www.ainm.ie, www.duchas.ie, na téarmaí Gaeilge ar www.iate.europa.eu agus acmhainní téarmaí dlí atá á dtiomsú as foinsí éagsúla.
Is fiú €16,000 sa bhliain na comhaltachtaí seo. Íocfaidh Fiontar na táillí clárúcháin freisin. Tréimhse 3 bliana (ag tosú Meán Fómhair 2013) a bheidh i gceist.
Ní mór an próiseas deimhnithe ar an gclár PhD a chur i gcrích go sásúil i ndeireadh bhliain 1. Beidh na comhaltaí lonnaithe in Fiontar, DCU, ar bhonn lánaimseartha.
Riachtanais:
Bunchéim onóracha sa Nua-Ghaeilge (2:1 ar a laghad i ngné na Nua-Ghaeilge) móide céim mháistreachta i réimse cuí.
Fáilteofar roimh iarratais ó mhic léinn atá ag gabháil de Chlár MA faoi láthair ach a gcuid scrúduithe go léir a bheith i gcrích faoi 31 Bealtaine 2013.
Próiseas Iarratais:
Ba chóir d’iarrthóirí CV a chur ar fáil mar aon le ráiteas gearr (faoi bhun 500 focal) faoi na cúiseanna ar mhaith leo tabhairt faoin taighde.
Is gá ainmneacha beirt mholtóirí acadúla a sheoladh chuig Fiontar ar fhoirmeacha a chuirfear ar fáil chuige sin. Níor chóir iarraidh ar mholtóirí iad a líonadh isteach. Pléifidh Fiontar an cheist sin leo ar ball.
Ba chóir tras-scríbhinn de thorthaí deiridh na bunchéime a chur ar fáil mar aon le torthaí na hiarchéime (má tá siad ar fáil).
Ba chóir plean taighde a sholáthar freisin (uasmhéid 2,000 focal) ina sonrófar (i) an cheist taighde; (ii) an mhodheolaíocht; (iii) plean sonrach ina luaitear tascanna agus sceideal ama; (iv) liosta gearr na bpríomhfhoinsí.
Ba chóir saothar scríofa críochnaithe amháin a rinneadh cheana a chur ar fáil mar shampla d’obair thaighde, eg. miontráchtas nó aiste thaighde.
Is gá d’iarrthóirí coinne a eagrú le Fiontar roinnt seachtainí roimh an spriocdháta chun breis eolais a fháil agus ábhar iarratais a phlé.
Spriocdháta deiridh chun iarratas iomlán a aighniú: 17 Bealtaine 2013.
Ina theannta sin, cuirfidh Fiontar fáilte ar bhonn leanúnach roimh iarrthóirí taighde iarchéime i gceann ar bith de shainréimsí acadúla na foirne agus d’fhéadfadh sé go mbeadh comhaltacht taighde ar fáil i gcásanna áirithe.
An Dr Caoilfhionn Nic Pháidín,
Fiontar,
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Fón: +353 (0)1 700 5173; R-phost: caoilfhionn.nicphaidin@dcu.ie
Maebh mar loinnir dhóchais Mhúscraí i gcomórtas Scór
Márta 13, 2013
Is í Maebh Ní Dhuinnín ó Bhéal Átha ’n Ghaorthaidh an loinnir dhóchais a bheidh ag Gaeltacht Mhúscraí i gcraobh an chontae de Scór na bPáistí níos déanaí an mhí seo.
Chuaigh Maebh ar aghaidh ó bhabhta leathcheannais Chorcaí – a bhí ar siúl in Áth an Chóiste an Satharn seo caite – sa chomórtas amhránaíocht aonair, agus raghaidh sí ar aghaidh go dtí craobh an chontae sna hUamhanna ar an 24ú Márta. Roimhe sin bhuaigh Maebh an teideal rannóige tar éis di craobh cheannais Mhúscraí a bhuachaint. I mbabhta ceannais Mhúscraí chomh maith, tháinig Colm Mac Lochlainn ó Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra sa dara háit san amhránaíocht aonair, fad a thóg Eoin Ó Conaill ó Chumann Liathróid Láimhe Chill na Martra an tríú háit sa chomórtas ceol uirlise aonair. Bhí rath do Scoil Abán Naofa Baile Mhúirne (3ú háit) agus do Scoil Chúil Aodha/Barr d’Inse (2ú háit) sa chomórtas ceol uirlise, agus tháinig Síle Ní Mheachair ó Scoil Chúil Aodha sa dara háit sa chomórtas ceol uirlise aonair.
www.eveningecho.ie
The Irish language: Throwing good money after bad?
Márta 13, 2013
The Irish language has played a central role in shaping our culture.
Its influence is so deep-rooted that it has nurtured Hiberno-English — an Irish solution to an English imposition. Because of our history it, like other suppressed languages, has been afforded a political status, an assumed patriotic integrity, replicated in other countries once colonised. Whether this is permanent or even relevant today is an open question. Despite that, and despite the great emotional and almost spiritual attachment some Irish people feel for the language, it has not been central to Irish life for over a century.
Nevertheless, the 2011 census recorded a 7.1% increase in the number of self-declared Irish speakers. Some 1.77m people said they could speak Irish. However, and this seems more pertinent, only 1.8% used it every day outside of the education system. This marginalisation was highlighted yesterday when An Coimisinéir Teanga launched his annual report in Galway. Coimisinéir Seán Ó Cuirreáin revealed that gardaí are to get a laminated card carrying useful phrases in Irish. This follows instances where a garda competent enough in Irish to deal with the public through Irish was not immediately to hand. It is estimated that we spend something around €1bn a year just teaching Irish. Other programmes add to that cost. Foras na Gaeilge supports 19 Irish promotion organisations with state funding. Television service TG4 got €32.75m in current funding from Government last year. Its audience stands at something around 2% of the population. Raidió na Gaeltachta has, it is believed, an even smaller audience though official figures are not available. It may be assumed that funding for RnaG pushes the bill for Irish language broadcasting towards the €50m mark for just these two outlets. Gaelscoileanna have been enthusiastically supported though whether this reflects a commitment to the language or something else is uncertain. So successful are they that they may be the source of a new urban Irish apparently incomprehensible to some native speakers.
Though Irish was afforded official language status by the EU in 2007 a recent report suggested the language had been spoken just nine times by ministers at EU meetings in the last two years. In the EU parliament Irish took up just 0.23% of the speaking time during plenary sessions up to May 2012. Even if the country was not bankrupt this litany of failure would have to be considered. That we spend as much as the current round of Croke Park talks hope to save on teaching Irish every year — €1bn — seems at least irrational in today’s circumstances. Economic criteria should not be the primary consideration on this largely cultural issue but maybe it is time to be less reverential, less deferential on the subject. After all, the facts speak for themselves — if Irish was as important to people as some would suggest it would not need huge, ongoing ubvention to register the tiniest blip on society’s radar, it would be almost self-sustaining if not regenerating. Current policies have failed and it’s time to ask why we keep throwing good money after bad. Doing that would not be an attack on Irish just an admission that the vast majority of the population seem to be at best indifferent on the subject and that the billions we have spent on trying to popularise the language have been largely wasted.
www.irishexaminer.com
Féile Scoildramaíochta Bhéal Feirste
Márta 13, 2013
Rinneadh Féile Scoildramaíochta Bhéal Feirste a reachtáil i gColáiste Feirste ar na mallaibh.
Naoi nGaelscoil éagsúla ó chontaenta Aontroma agus an Dúin a chuaigh chun ardáin agus leithéid Shrek, Annaí agus Caisleán na dTaibhsí á léiriú acu.
Seo séú bliain na Féile atá mar réamhbhabhta do Chraobh Uladh a bheas ar siúl i Leitir Ceanainn ag deireadh na míosa seo.
Seo chugaibh blaisín d’aisteoireacht agus siamasaíocht na Féile chomh maith le caint ó na rannpháirtithe: Féach an físeán ar Meon Eile.
Comórtas Scannánaíochta do Scoileanna le Sigmatak
Márta 12, 2013
Tá comórtas scannánaíochta seolta ag Sigmatak Ltd atá dírithe ar dhaltaí aois 11-16 chun aghaidh a thabhairt ar na contúirtí atá ann do dhaoine óga ar líne. Sé aidhm an chomórtais ná go ndéanfadh daoine óga scannán chun áird a tharraingt ar na contúirtí atá ann agus conas eispéaras sábháilte a bheith acu ar líne.
Is deis iontach é seo do scoileanna ról lárnach a bheith acu agus aghaidh a thabhairt ar an dtábhacht a bhaineann le daoine óga a mhúineadh chun a bheith sábháilte ar líne.
Chomh maith le duais a bhuachaint, tá buntáistí le bheith rannpháirteach ina leithéid de chomórtas. I measc na buntáistí, tá ardú féin-mhuinín iontu siúd a ghlacann páirt chomh maith le cabhrú scileanna riachtanacha a fhorbairt a bhéas tairbheach sa todhchaí dá slí beatha, cosúil le ceannasaíocht, cumarsáid agus comhoibriú. Scileanna a shíleann muidne, a dheanfaidh buaiteoir feiliúnach don chomórtas seo.
Is féidir leis an scannán a bheith as Gaeilge ach caithfidh fo-theidil a bheith leis chun go dtuigfidh na moltóirí an teachtaireacht.
Tá tacaíocht á fháil ag an comórtas seo ó ceithre eagraíocht, ina measc, Royal Holloway University agus McAfee. Siad na moltóirí ar an bpainéal ná ceannairí sinsearacha ó eagraíochtaí Blue Chip.
Tuilleadh eolas ar www.sigmatak.com agus sa bhileog seo: Sigmatak Film Competition Flyer
SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí
Márta 12, 2013
Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí/Leanaí i gCeatharlach, le chéile do Sheachtain na Gaeilge ar an Satharn seo chugainn, 16ú Márta ag 11 a chlog ar maidin.
Bunaíodh SPRAOI an samhradh seo caite agus tagann an grúpa le chéile gach dara Dé Sathairn in Ionad Phobal Darach Úr.
Bíonn tae agus caife do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag spraoi. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge ach díreach suim agus sásta triail a bhaint aisti!
Costas €3 an chlann a bhíonn le n-íoc agus bíonn tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa costas sin. Eagraithe i gcomhar le Comhluadar Teo tá an grúpa SPRAOI oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois.Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn do Sheachtain na Gaeilge ach go háirithe agus beidh fáilte roimh cách!
www.carlow-nationalist.ie
Rannpháirtithe ag teastáil do shuirbhé ar leanaí ar an idirlíon
Márta 12, 2013
Tá Síle Uí Ghacháin i mbun taighde ar ghníomhaíochtaí leanaí ar Láithreáin Líonraí Shóisialta (ar nós Facebook agus Bebo) mar chuid do thráchtas atá ar siúl aici trí Ghaeilge i bhFiontar i nDCU. Sa staidéar seo tá sí ag iarraidh cruthú go bhfuil gá le treoir agus oideachas do leanaí bunscoile ar chúrsaí sábháilteachta agus príobháideachais ar an idirlíon. Tá rannpháirtithe uaithi ó rang a sé i scoileanna lán-Ghaeilge. Ba mhaith lei suirbhé / ceistneoir simplí a chuir amach chuig daltaí rang a sé agus an múinteoir ranga atá acu. Más suim leat go mbeidh do scoil rannpháirteach sa taighde fiúntach seo, is féidir teagmháil a dhéanamh le Síle ar ríomhphost (sile.ui.ghachain@gmail.com) le tuilleadh eolais a fháil.
Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta
Márta 12, 2013
Reáchtálfar Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta ar an Aoine, 15 Márta 2013 i gColáiste Feirste i mBéal Feirste.
Tá an saghas seo do chomhdháil bhliantúil á heagrú ag Comhairle na Gaelscolaíochta, an grúpa comhairleach ar son na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann, le dhá bhliain déag anois.
Is ceann de na comhdhálacha is mó den chineál seo ar oileán na hÉireann í, a mheallfaidh toscairí as Gaelscoileanna ó thuaidh agus ó dheas agus as cuid mhór eagraíochtaí Gaeilge eile, idir chultúrtha agus oideachasúla.
Gabháil na Gairmiúlachta téama na bliana seo agus beidh réimse leathan cainteoirí agus ceardlann acu ar ghnéithe éagsúla ábhartha, go háirithe ó earnáil na Gaelscolaíochta í féin.
Arís i mbliana beidh réimse leathan ceardlann phraiticiúil ar siúl, beidh siad curtha i láthair ag daoine éagsúla, múinteoirí agus saineolaithe eile. ina measc. I rith an lae déanfar plé ar ábhair éagsúla idir fhorbairt teanga is dátheangachas sa Ghaeloideachas.
Déanfaidh an Dr Micheál Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta comhdháil na bliana seo a oscailt go hoifigiúil agus ansin leanfar le cur i láthair agus cainteanna éagsúla i rith an lae.
I measc na n-aoichainteoirí beidh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn agus beidh seisean ag cur síos ar ‘Bhliain na Gaeilge’ agus déanfaidh Príomhoide Choláiste Feirste Micheál Mac Giolla Gunna cur síos ar Choláiste Feirste.
I measc na ndaoine eile a bheidh ag caint, beidh An Dr Máire Ní Ríordáin ó Ollscoil na Gaillimhe ag caint ar fheabhsú na matamaitice sa Ghaelscolaíocht, beidh Pavel Iosad agus an tOllamh Alison Henry, School of Communications, Ollscoil Uladh ag caint ar na buntáistí a bhaineann le dátheangachas sa Ghaeloideachas agus déanfaidh Eibhlín Mhic Aoidh ó Choláiste Mhuire cur síos ar an taighde úr atá déanta aici ar an mheasúnú sa seomra ranga.
Anuas air seo beidh dhá sheisiún ar leith ann do ghobharnóirí Gaelscoile agus cúrsa lae teanga do chúntóirí ranga na hearnála i gcomhar le Coláiste Ollscoile Naomh Muire.
Beidh An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna, i bPoblacht na hÉireann ag glacadh páirt in imeachtaí an lae chomh maith agus beidh ionchur ó iondaithe CCEA, An tÁisaond Lán-Ghaeilge, An Múinteoir Comhairleach ar an Litearthacht, BOLI agus ó thionscadail úra Chomhairle na Gaelscolaíochta-cúrsaí óige agus an tionscadal trasphobail ‘Le Chéile Trí Chultúr’.
Mar aon le cainteanna beidh ceardlann ar áiseanna nua drámaí, scéalta traidisiúnta, leabhair mhóra le ceol agus áiseanna eile ar líne le deis ag múinteoirí páirt a ghlacadh i gceardlann le Jacqueline De Brún, Comhairleoir Oideachais, An tÁisaonad Lán-Ghaeilge agus beidh ceardlann dar teideal Ag Spreagadh na Scríbhneoireachta Cruthaithí sa Seomra Ranga le Fionnuala Uí Mhealláin, Scoil an tSleibhe Dhuibh.
Ní foláir do mhúinteoirí a bheith cláraithe roimh ré chun freastal ar an gComhdháil seo.
Tuilleadh eolais: Tarlach Mac Giolla Bhríde, Comhordaitheoir na Comhdhála
T: + 0044 (0) 28 90 321475 / R: tmacgiollabhride@comhairle.org.
Cláir Oideachais le craoladh ar TG4
Márta 12, 2013
Craolfar dhá chlár oideachais do dhaoine óga atá léirithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge ar TG4 aimsir na Cásca.
Tabharfar treoir do dhaltaí Ardteiste a bheidh ag tabhairt faoin bhéaltriail sna seachtainí atá amach romhainn sa chlár ‘Cuireadh Chun Cainte’. Craolfar é Dé Luain 25 Márta ag 11rn.
Sa chlár cuirfidh an t-aisteoir Marcus Lamb comhairle a leasa ar dhaltaí scoile atá ag ullmhú do bhéaltriail úr na hArdteistiméireachta sa chlár teilifíse ‘Cuireadh Chun Cainte’ atá le craoladh ar TG4 25 Aibreán ag 11am.
Ón bhliain 2012, tá 40% de mharcanna sa scrúdú Ardteiste ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus tá na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh thart ar 15 nóiméad.
Mar sin tá sé tráthúil go bhfuil comhairle ó shaineolaithe oideachais curtha i dtoll a chéile don chlár a tabharfaidh leideanna do dhaltaí agus a chuirfidh ar a suaimhneas iad sula dtabharfaidh siad faoin bhéaltriail.
Gairmthreoir as Gaeilge
Dé Máirt 26 Márta ag 11 rn craolfar an clár ‘Céim Chun Tosaigh: Ag Obair le Gaeilge”. Is clár gairmthreorach spraíúil é Céim Chun Tosaigh: ag obair le Gaeilge atá curtha i dtoll a chéile ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge do dhaltaí atá sa tsraith shinsearach ag an dara leibhéal ar fud na tíre.
Curtha i láthair ag Ciarán Ó Conghaile agus Sibéal Davitt, cloisimid scéalta ó aisteoir, ealaíontóir, preas-oifigeach san airm, múinteoir ríomhaireachta, dlí-theangeolaí, ateangaire, tuairisceoir nuachta, múinteoir Gaeilge thar lear, stiúrthóir naíonra, agus múinteoir surfála ar chuidigh teangacha agus an Ghaeilge go mór leo spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach ó thaobh gairme de.
Tá i gceist ag Céim Chun Tosaigh: Ag Obair le Gaeilge eolas a chur ar fáil maidir le cúrsaí tríú leibhéil, deiseanna oiliúna agus na deiseanna éagsúla a bheidh ar fáil do scoláirí tar éis na scrúduithe Ardteiste agus A leibhéil.
Tugtar léargas ar staid reatha na fostaíochta i réimsí oibre éagsúla agus is cosúil gur éirigh le roinnt de na rannpháirtithe poist dhúshlánacha le Gaeilge a bhaint amach i bhfad i gcéin ó Nua-Eabhrac go dtí an Bhruiséil.
Leis sin, tugtar léargas ar na scileanna inaistrithe a bhíonn ag scoláirí a bhfuil cúpla teanga ar a dtoil acu agus na réimsí oibre éagsúla atá oscailte dóibh
Is le cúnamh maoinithe ó Fhoras na Gaeilge, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, agus ó Líonraí Profisiúnta Múinteoirí a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge na háiseanna teagaisc seo ar fáil.
Foilsithe ar Gaelport.com
€1.56m don phleanáil teanga
Márta 12, 2013
Tá fógartha ag Údarás na Gaeltachta go soláthrófar €1.56m mar mhaoiniú ar thionscnaimh éagsúla pleanála teanga sna míonna romhainn.
Tionóladh cruinniú boird de chuid an Údaráis an tseachtain seo caite sna Forbacha áit ar beartaíodh an maoiniú a dháileadh ar cheithre eagraíochtaí éagsúla a bhfuil tionscnaimh shuntasacha pleanála teanga ar bun acu.
Beidh an deontas mar chómhaoiniú agus mar chúnamh ó thaobh chur i bhfeidhm chláir oibre agus chláir imeachtaí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Muintearas Teo, Ealaín na Gaeltachta agus Óige na Gaeltachta Teo.
Ceadaíodh €580,000 do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Tá 62 seisiún naíonra faoi scáth na heagraíochta ag cur seirbhíse ar fáil do thart ar 850 páiste chomh maith le seirbhísí eile ar nós seirbhísí naíolainne agus iarscoile, club bricfeasta agus seisiúin do thuismitheoirí, ag freastal ar 450 páiste san iomlán.
Ceadaíodh €400,000 do Mhuintearas Teo. ag a bhfuil sé mar chuspóir seirbhísí ar leith maidir le cúrsaí oideachais, teanga agus forbairt phearsanta a chur i ngníomh agus go háirithe tograí atá dírithe ar sheirbhísí luathoideachais, obair óige, seirbhísí oiliúna, seirbhísí forbartha teanga, seirbhísí pobail agus áitiúla.
Ceadaíodh €335,000 d’Ealaíon na Gaeltachta mar chómhaoiniú ar chur i bhfeidhm chlár gníomhaíochtaí agus scéimeanna forbartha ealaíon na heagraíochta.
Ceadaíodh €250,000 d’Óige na Gaeltachta Teo. mar chúnamh i leith chur i bhfeidhm chlár imeachtaí na heagraíochta. Cuireann Óige na Gaeltachta Teo. seirbhís óige trí Ghaeilge ar fáil do dhaoine óga idir seacht mbliana agus ocht mbliana déag ar fud na Gaeltachta. Tá 45 club óige ar a mbíonn 1,600 ball ag freastal á riar ag an eagraíocht chomh maith le ceithre ionad buail isteach ag freastal ar 200 duine óg.
Foilsithe ar Gaelport.com