Coláiste Chroí Mhuire
Eanáir 9, 2014
Located on the stunning coastline of Galway Bay, Coláiste Chroí Mhuire is a Gaeltacht school which welcomes students from Galway, Barna, Furbo, Spiddal, Inverin, Moycullen, and further afield to attend this highly academic, all-Irish, school which provides a wide range of subjects and extra-curricular activities.
CCM students enjoy a wide range of subjects in this highly academic school. Subjects to Leaving Cert include chemistry, physics, biology, business, accounting, history, geography, design and communication graphics, construction, art, music, and home economics, as well as Irish, English, French, and maths. The optional transition year and Leaving Certificate Vocational programmes are popular with students, and are widely acknowledged as being of significant help to students as they complete their second level education. The school cleverly takes advantage of its stunning coastal site to provide kayaking, hurling on the beach, jogging on the prom, cross country running, and coastal field trips. Students also enjoy football, hurling, basketball, table tennis, and soccer. As well as subject based tours, competitions, and activities, students compete in events as varied as debating, music competitions, Lego robotics, and the annual school concert. Visit the gallery on the school’s website www.ccm.ie to get a taste of the various activities the students enjoy in this highly respected secondary school.
www.advertiser.ie
Cumhachtaí na Comhairle Múinteoireachta chun déileáil leis an dtearcfheidhmíocht i measc múinteoirí á méadú ag an Aire Quinn
Eanáir 9, 2014
Faoi leasuithe a dhéanfar ar an reachtaíocht, beidh smachtbhannaí nua ar fáil don Chomhairle Mhúinteoireachta
Tá an tAire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn T.D., ag beartú cur go suntasach leis na cumhachtaí atá ar fáil don Chomhairle Mhúinteoireachta, an comhlacht rialála do mhúinteoirí.
Faoi reachtaíocht nua atá ceaptha chun a cur faoi bhráid an Oireachtais, beidh réimse smachtbhannaí nua ar a hurláimh ag an gComhairle Mhúinteoireachta chun déileáil le lagmheasarthacht nó tearcfheidhmíocht i measc múinteoirí. Go dtí seo, ní fhéadfadh an Chomhairle Mhúinteoireachta smachtbhannaí ar bith a chur i bhfeidhm ach sa chás go rabhthas tar éis múinteoir a mheas mar mhúinteoir “nach raibh inniúil chun múineadh”.
Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Mhúinteoireachta smachtbhannaí a chur i bhfeidhm a thagann le tromchúis na gcinntí in aghaidh múinteora. Beidh réimse díobh sin i gceist ó chomhairle, rabhadh nó imcháineadh go dtí fionraí agus scriosadh ó chlár na Comhairle Múinteoireachta.
Ina theannta sin, le tosach feidhme Ailt 30 ó 28ú Eanáir amach, beidh ar na múinteoirí uile bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta sula n-íocfar as an gciste poiblí iad. Dá bhrí sin, má chuirtear múinteoir ar fionraí, nó má scriostar as an gclár é nó í, ní bheidh cead ag an Roinn nó ag na Boird Oideachais agus Oiliúna tuarastal a íoc leis an múinteoir sin.
Go dtí seo, is iad na smachtbhannaí a raibh sé de chumhacht ag an gComhairle Mhúinteoireachta a chur i bhfeidhm tar éis fiosrúcháin maidir le hinniúlacht chun múineadh ná:
(a) Baint den gclár ar feadh tréimhse sainithe
(b) Fionraí ón gclár suas go dtí 2 bhliain
(c) Fágtha ar an gclár faoi réir ag na coinníollacha seo a leanas go léir nó ag ceann ar bith díobh:
- go n-iarrfadh an múinteoir cabhair ó sheirbhís a fhónann ar leas agus sláinte múinteoirí
- go bhfreastalódh an múinteoir ar chúrsa sainithe forbartha gairmiúla
- pé coinníollacha eile is cuí leis an gCoiste Araíonachta.
Tá sé beartaithe smachtbhanna breise, is é sin comhairle, rabhadh nó imcháineadh scríofa a chur le réimse na smachtbhannaí atá ar fáil don Chomhairle.
Adúirt an tAire Quinn, “Is mó atá na smachtbhannaí nua atá ar fáil don Chomhairle Mhúinteoireachta ar aon dul leo siúd atá ar fáil do na rialálaithe proifisiúnta eile ar nós na Comhairle Míochaine nó an Bhord Altranais. Is den tábhacht é ar mhaithe le lánmhuinín an phobail agus na múinteoirí féin as gairm na múinteoireachta go gcuirfeadh an Chomhairle gnásanna láidre i bhfeidhm i leith inniúlacht chun múineadh. Céim eile ar aghaidh é seo ar an mbealach chun an mhúinteoireacht a ghairmiúlú.”
“Tá formhór mór na múinteoirí sna rangsheomraí againn ag feidhmíú go maith. Ach i gcás an mhionlaigh bhig nach bhfuil ag feidhmíú go maith, creidim go mbeidh na huirlisí cearta ar a hurláimh ag an gComhairle Mhúinteoireachta anois chun déileáil le drochiompar tromchúiseach agus chun feabhas a chur ar obair na múinteoirí nach bhfuil ag feidhmiú go maith agus cabhair a thabhairt dóibh.”
“Creidim chomh maith go mbeidh na cumhachtaí nua seo chun líomhaintí faoi dhrochiompar agus tearcfheidhmíocht a iniúchadh ina mbealach ag tuismitheoirí chun fíorghearáin maidir le caighdeáin mhúinteoireachta a fháil iniúchta.”
Faoin reachtaíocht nua chomh maith, beidh múinteoirí in ann aon dhiúltú de chuid na Comhairle Múinteoireachta clárú a athnuachan a achomharc chuig an Ard-Chúirt.
Táthar ag súil leis an reachtaíocht seo a fhoilsiú go gairid.
www.education.ie
Ranganna Gaeilge an Earraigh i nGaillimh
Eanáir 9, 2014
Cuirfear tús leis an gcéad shraith ranganna Gaeilge eile in Áras na nGael ar oíche Luain 27 Eanáir.
Is féidir clárú ar líne ag www.arasnangael.ie. Beidh ranganna Gaeilge ar siúl i roinnt ionad eile ar fud an chontae chomh maith le himeachtaí eile chun deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí úsáid a bhaint as an méid atá á fhoghlaim acu. Chomh maith le ranganna an Earraigh tá amchlár ullmhaithe ag Conradh na Gaeilge do na ranganna ar fad do 2014, ina measc na dianchúrsaí éagsúla a bhíonn á reáchtáil acu.
Beidh an Conradh ag leanúint freisin leis an teagmháil le hOllscoil Mhá Nuad maidir leis an gcáilíocht atá á reáchtáil ag an Ollscoil i dtaobh na Gaeilge. Ag éirí ón gcomhoibriú seo beidh deis ag na daoine atá ag freastal ar ranganna an Chonartha scrúdú a dhéanamh chun cáilíocht Eorpach a bhaint amach, más mian leo é sin a dhéanamh. Gach eolas ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, 091 567824, nó conradh@bradan.iol.ie.
www.advertiser.ie
Troid ar son chearta teanga
Eanáir 9, 2014
Is i Halla na Saoirse a thionólfar an cruinniú poiblí atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo chugainn, 11 Eanáir, chun troid in aghaidh na hionsaithe atá á dhéanamh ag an Rialtas ar chearta na Gaeilge.
Cuirfear tús leis an gcruinniú ag 12.00 meán lae. Ag an gcruinniú beidh na héilimh seo leanas á chur chun cinn ag Conradh na Gaeilge: Láidriú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga; Atheagar iomlán ar pholasaí earcaíochta an stáit le go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag 30% de státseirbhísigh nua; Deireadh a chur le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach; Struchtúr a bhunú mar chuid de Phlean 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge chun guth a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó dheas agus an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh; Seirbhísí á chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta; Maoiniú ceart a chur ar fáil do na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Tá an cruinniú oscailte don phobal agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ó 091 567824.
www.advertiser.ie
Comórtas Griangrafadóireachta ‘An Timire’ – spriocdháta ar an 17 Eanáir
Eanáir 9, 2014
An gceapann tú go bhfuil féith na griangrafadóireachta agat? Nuair a fheiceann tú griangrafanna in irisí nó nuachtáin, an ritheann an nóisean leat go mbeifeá féin in ann pictiúir níos fearr a thógáil? Bhuel, seo é do sheans. Is é “ An Geimhreadh” téama an chomórtais. Breathnaigh ar na griangrafanna samplacha anseo – is féidir cur chuige ar bith a bheith agat, fad is atá nasc idir d’obair ar bealach éigin leis an nGeimhreadh. Is féidir díriú isteach ar dhaoine, ar an an aimsir, ar an tírdhreach, ar chathracha agus bailte, ar an nadúr nó pé ábhar ar bith eile a thaitníonn leat.
Is féidir an t-eolas a íoslódáil anseo le crochadh ar clár na bhfógraí: Comórtas An Timire
Spriocdáta: Eanáir 17, 2014.
Téama: An Geimhreadh
- Duaiseanna breátha!
- Dhá rannóg – faoi agus os cionn ocht mbliana déag d’aois.
- Glactar le cóipeanna crua nó leaganacha digiteacha jpeg.
- Is féidir gach iontrálaí trí phictiúr a chur isteach.
- Eanáir 17, 2014 an spriocdáta le haghaidh iontrálacha.
- Foilsítear na pictiúir is fearr in eagrán an Earraigh den Timire.
Na duaiseanna?
Tá dhá rannóg sa gcomórtas: (1) Dóibh siúd atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois. (2) Dóibh siúd atá os cionn ocht mbliana déag d’aois.
Sa rannóg (1) thuas beidh dearbhán leabhar ar fiú e60 é, mar chéad duais. Beidh dearbháin ar fiú e10 iad, mar fhodhuaiseanna do cheathrar iontrálaí eile.
Sa rannóg (2) thuas beidh dearbhán leabhar ar fiú e60 é, mar chéad duais. Beidh dearbháin ar fiú e10 iad, mar fhodhuaiseanna do cheathrar iontrálaí eile.
Déanfaidh coiste eagarthóireachta an Timire an breithiúnas ar an gcomórtas. Ní ghlacfar le comhfhreagras maidir le cinntí an choiste.
An bhfoilseofar saothar na mbuaiteoirí?
Feicfear obair na mbuaiteoirí in eagrán an Earraigh den Timire.
Cá seolfaidh mé mo phictiúir?
Is féidir na griangrafanna a chur chuig an seoladh ríomhphost seo: antimire@gmail.com
Nó, is féidir cóipeanna crua a sheoladh chuig: An Timire, 37 Sráid Líosáin Íocht, Baile Átha Cliath 2. Ná déan dearmad gurb é trí phictiúr an méid is mó is féidir le duine amháin a chur isteach. Is é Eanáir 17, 2014 an spriocdáta le haghaidh an comórtas. Is oth linn a rá nach féidir aon saothar a fhaightear tar éis an spriocdáta a chur san áireamh sa gcomórtas.
Imeachtaí Idirscoile – deontais ar fáil!
Eanáir 8, 2014
Cuireann Gaelscoileanna Teo. deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Eanáir – Meitheamh 2014 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh don tréimhse seo. Bíonn an-tóir ar na deontais, agus molaimid do scoileanna an deis a sciobadh agus iarratas a dhéanamh go luath! Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála i ndiaidh an imeachta. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
- Naíonraí /naíscoileanna agus bunscoileanna
- Bunscoileanna amháin
- Bunscoileanna agus iarbhunscoileanna
- Iarbhunscoileanna amháin
Tríd an scéim seo, bíonn deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile. Cuireann Gaelscoileanna Teo. uasmhéid de:
- €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann
- €500 / £450 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann
- €750 / £675 más 4 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach.
Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo: Foirm Iarratais
Tugann na himeachtaí idirscoile seo deis tábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail. Is féidir teagmháil a dhéanamh liom má tá ceist ar bith agat ina leith. Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil do scoileanna agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil, féach anseo.
Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
Feighlí linbh á lorg i mBaile Átha Cliath
Eanáir 8, 2014
Feighlí linbh á lorg le haire a thabhairt do chailín beag 6 mhí d’aois i gceantar Ard Aidhin/Beaumont/Seantrabh.
Luan-Aoine, 8:00 – 3:30/4:00 ó dheireadh mhí Aibreáin 2014 ar aghaidh.
Duine le Gaeilge atá á lorg nó duine atá ag iarradh Gaeilge a fhoghlaim
D’fhéadfaí socruithe nó uaireanta solúbhta a chur i bhfeidhm sa samhradh (Iúil/Lúnasa).
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Mharie ag 086 1023 276 nó mariney@europe.com
Dráma den scoth i nGaelscoil Chaladh an Treoigh
Eanáir 8, 2014
I mbliana roimh na Nollag rinne Rang a IV dráma dár teideal ‘Blessed Among Men, Blessed Among Women’. Chuir na páistí ana chuid obair isteach sa dráma seo agus bhí oíche iontach againn ag an cur I láthair do phobail na Gaelscoile. Bhí slua mílteach ann ar an oíche agus bhailíomar airgid ann. Chuireamar an airgead sin I dtreo callairí agus micreafóin gan sreang le haghaidh aon drama eile a bheidh ar siúl sa scoil sa tsóchaí.
Turas, Taispeántas agus Ceolchoirm i mBéal Feirste, 17 Eanáir
Eanáir 8, 2014
Tá an chéad ceolchoirm BEO ar siúl san Oh Yeah Centre i mBéal Feirste ar Aoine an 17 Eanáir. Tá 150 déagóir ag taisteal as 3 scoil i Leitir Ceanainn le turas a fháil don ionad agus cuairt a thabhairt ar taispeántas maidir le stair an cheoil sa tuaisceart. Beidh siad ag filleadh ar an Oh Yeah Centre an oíche sin do gig BEO, leis an ngrúpa More Than Conquerors as Béal Feirste.
Ba mhór le BEO cuireadh a thabhairt do scoileanna eile a bheith in éineacht leo ar an lá, a bheidh spraíúil, spreagúil agus sultmhar. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Seosamh Mac Ceallabhuí ar seosmac@gmail.com nó 0879068709.
Tá tuilleadh eolais maidir le BEO ar http://www.beoireland.com
Seo thíos físeán de chuid More Than Conquerors:
http://www.youtube.com/watch?v=2OTO4Bl5ev0
Ainm in airde agus ar líne
Eanáir 8, 2014
Tá sé fógartha ag riarthóirí ainm.ie go bhfuil 10 mbeatha nua curtha leis an mbunachar beathaisnéise ar a bhfuil 1.3 milliún focal agus cuntas beatha ar 1,705 duine a raibh baint acu le saol na Gaeilge ó 1560 anall go dtí ár linn féin.
Ina measc siúd a bhfuil cuntas scríofa orthu tá an peileadóir aitheanta as Ciarraí Páidí Ó Sé, an scoláire Robert Welch agus an file Árannach Dara Beag Ó Fáthartaigh. Thug riarthóirí an bhunachair le fios chomh maith gurbh fhéidir cuardach a dhéanamh anois ar ainm.ie de réir téamaí éagsúla, ina measc “Slite Beatha” agus “Páirtithe Polaitíochta”. De réir na hanailíse atá déanta ag riarthóirí ainm.ie ar an mbunachar, is é Sinn Féin an páirtí is mó atá luaite le Gaeil mhóra le rá nach maireann agus é luaite i 137 den 1,705 beatha. Níl Fine Gael luaite ach seacht n-uaire ar fad sa 1,705 beatha, rud a fhágann gurb é an páirtí is mó a bhfuil tacaíocht sa Stát faoi láthair aige an mórpháirtí is lú a dtagraítear dó sa bhunachar beathaisnéise.
Tagraítear d’Fhianna Fáil i 68 beatha agus luaitear Páirtí an Lucht Oibre in 22 beatha. Dúirt Gearóid Ó Cléircín, Fiontar DCU, duine de riarthóirí ainm.ie, go raibh “ciall” leis na torthaí fad is a bhain sé le Sinn Féin mar gurbh é an páirtí is sine sa Stát é: “Bunaíodh Sinn Féin in 1905 agus bhí baint nach beag ag lucht na hAthbheochana leis an bpáirtí. Daoine a rugadh sa dara leath den 19ú haois agus a bhí gníomhach sa pháirtí le linn na tréimhse 1905–1923 is mó atá i gceist. “I gcás Fhianna Fáil bheifeá ag súil chomh maith go mbeadh líon na dtagairtí dó réasúnta ard toisc gurbh é an páirtí ba mhó agus ba rathúla in Éirinn ó 1932 go 2011.”
Tá sé níos deacra, áfach, míniú a thabhairt ar an easpa tagairtí d’Fhine Gael, dar le Ó Cléircín: “Díol suntais is ea é a laghad tagairtí d’Fhine Gael sa 1,705 cuntas beatha. Tá sé suimiúil nach luaitear Fine Gael féin, páirtí a d’eascair as cónascadh Chumann na nGaedheal agus dhá ghrúpa eile agus a bhí ar an dara páirtí is mó sa Stát ar feadh i bhfad, ach i seacht mbeatha.” Is é an ghairm is coitianta a luaitear leis na Gaeil ar ainm.ie ná “múinteoir” atá luaite le 345 beatha. Tá “scríbhneoir” sa dara háit agus “scoláire” sa tríú háit. Tá 186 sagart Caitliceach luaite mar aon le 42 ministir Protastúnach. I measc na slite beatha eile atá luaite ar ainm.ie, tá seisear mianadóirí, cúigear breithiúna, ceathrar poitigéirí, triúr máinlianna, beirt thiománaithe tacsaí agus coimeádaí tí solais amháin.
Tá ainm.ie bunaithe ar an tsraith leabhar iomráiteach, Beathaisnéis le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú.
www.irishtimes.com