Méid an Téacs

Scoil Náisiúnta Colmcille (G)

Nollaig 12, 2014

Scoil Náisiúnta Thír an Fhia (G)

Nollaig 12, 2014

Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin (G)

Nollaig 12, 2014

Folúntas: Oifigeach Óige (Réigiúnach) le Coláiste na bhFiann

Nollaig 12, 2014

SAINCHUNTAS POIST

Teideal an Phoist: Oifigeach Óige
Freagrach do: Bainisteoir Seirbhísí Óige
Scála Tuarastail (cineál agus grád) & Pinsean:

Scála stáitseirbhíse an Oifigigh Feidhmiúcháin.

Tá an post seo maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Tuarastal: €27,464 – €43,178 (i gcomhréir le cáilíochtaí agus taithí)
Tréimhse an Chonartha: Dhá bhliain
Uaireanta Oibre:

Is idir 9.30r.n. agus 5.30i.n. go laethúil, Luan go hAoine na gnáthuaireanta oifige. Beidh uaireanta oibre lasmuigh de na hamanna seo i gceist go rialta chun freastal ar dhualgais an phoist ach ní rachfar thar 40 uair an chloig sa tseachtain de ghnáth.
Saoire:
Saoire bhliantúil le pá de 20 lá atá i gceist agus aon saoire phoiblí a cheadófar go náisiúnta.

Cáilíochtaí & Scileanna:

• Céim/Cáilíochtaí atá oiriúnach don phost;
• Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta;
• Taithí ar chaidreamh éifeachtach a dhéanamh le daoine ag gach leibhéal;
• Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhairt agus scríobh;
• Ardscileanna ríomhaireachta agus taithí ag bainistiú na suíomhanna meán sóisialta;
• Ardscileanna eagrúcháin agus riaracháin;
• Taithí agus tuiscint ar an gcóras oideachais agus ar obair óige;
• Ceadúnas tiomána glan iomlán, agus fáil ar ghluaisteán.
Príomhdhualgais an Phoist:

Beidh an tOifigeach Óige freagrach, mar chuid d’fhoireann trasfheidhmiúil, as:

• Clubanna Óige áitiúla a bhunú agus a stiúradh;
• Feidhmiú mar chomhairleoir d’Fheighlithe Clubanna Óige eile sa cheantar;
• Tacaíocht agus oiliúint a chur ar fáil do ghrúpaí logánta atá ag tabhairt faoi imeachtaí óige a reáchtáil sa cheantar;
• Comhoibriú le heagrais Ghaeilge/óige eile;
• Caidreamh a chothú leis na Gaelscoileanna agus scoileanna eile sa cheantar, idir bhainistíocht, thuismitheoirí agus daltaí;
• Eolas a chur ar fáil don phobal faoi obair na heagraíochta;
• Ábhar bolscaireachta faoi obair na heagraíochta a ullmhú agus a scaipeadh;
• Ócáidí/imeachtaí réigiúnacha/seimineáir eolais a eagrú;
• Aon obair eile a shocraíonn an bhainistíocht.
Áit lonnaithe:

Cé go mbeidh an post seo lonnaithe i gceanncheathrú na heagraíochta, i nDroim Rí, Co. na Mí, beidh taisteal rialta i gceist freisin agus tú ag riaradh seirbhísí na heagraíochta i gceantar réamhaontaithe.
Conas iarratas a dhéanamh:

Seol do CV agus litir iarratais chuig michelle@cnb.ie roimh 5pm ar 09 Eanáir 2015.

Tionólfar na hagallaimh don phost seo le linn na seachtaine dár tús 19 Eanáir 2015.

Folúntas: Oifigeach Óige (Cúige Uladh) le Coláiste na bhFiann

Nollaig 12, 2014

SAINCHUNTAS POIST

Teideal an Phoist: Oifigeach Óige (Cúige Uladh)
Freagrach do: Bainisteoir Seirbhísí Óige
Scála Tuarastail (cineál agus grád) & Pinsean:

Scála stáitseirbhíse an Oifigigh Feidhmiúcháin (EO1) de chuid Thuaisceart Éireann.

Tá an post seo maoinithe ag Foras na Gaeilge agus bunaithe ar chóras cánach Thuaisceart Éireann.
Tuarastal: £25,871 – £27,271 (i gcomhréir le cáilíochtaí agus taithí)
Tréimhse an Chonartha: Dhá bhliain
Uaireanta Oibre:

Is idir 9.30r.n. agus 5.30i.n. go laethúil, Luan go hAoine na gnáthuaireanta oifige. Beidh uaireanta oibre lasmuigh de na hamanna seo i gceist go rialta chun freastal ar dhualgais an phoist ach ní rachfar thar 40 uair an chloig sa tseachtain de ghnáth.
Saoire:
Saoire bhliantúil le pá de 20 lá atá i gceist agus aon saoire phoiblí a cheadófar go náisiúnta.

Cáilíochtaí & Scileanna:

• Céim/Cáilíochtaí atá oiriúnach don phost;
• Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta;
• Taithí ar chaidreamh éifeachtach a dhéanamh le daoine ag gach leibhéal;
• Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla, idir labhairt agus scríobh;
• Ardscileanna ríomhaireachta agus taithí ag bainistiú na suíomhanna meán sóisialta;
• Ardscileanna eagrúcháin agus riaracháin;
• Taithí agus tuiscint ar an gcóras oideachais agus ar obair óige;
• Ceadúnas tiomána glan iomlán, agus fáil ar ghluaisteán.
Príomhdhualgais an Phoist:

Beidh an tOifigeach Óige freagrach, mar chuid d’fhoireann trasfheidhmiúil, as:

• Clubanna Óige áitiúla a bhunú agus a stiúradh;
• Feidhmiú mar chomhairleoir d’Fheighlithe Clubanna Óige eile sa cheantar;
• Tacaíocht agus oiliúint a chur ar fáil do ghrúpaí logánta atá ag tabhairt faoi imeachtaí óige a reáchtáil sa cheantar;
• Comhoibriú le heagrais Ghaeilge/óige eile;
• Caidreamh a chothú leis na Gaelscoileanna agus scoileanna eile sa cheantar, idir bhainistíocht, thuismitheoirí agus daltaí;
• Eolas a chur ar fáil don phobal faoi obair na heagraíochta;
• Ábhar bolscaireachta faoi obair na heagraíochta a ullmhú agus a scaipeadh;
• Ócáidí/imeachtaí réigiúnacha/seimineáir eolais a eagrú;
• Aon obair eile a shocraíonn an bhainistíocht.
Áit lonnaithe:

Cé go mbeidh an post seo lonnaithe i gceanncheathrú na heagraíochta, i nDroim Rí, Co. na Mí, beidh taisteal rialta i gceist freisin agus tú ag riaradh seirbhísí na heagraíochta i dTuaisceart Éireann.
Conas iarratas a dhéanamh:

Seol do CV agus litir iarratais chuig michelle@cnb.ie roimh 5pm ar 09 Eanáir 2015.

Tionólfar na hagallaimh don phost seo le linn na seachtaine dár tús 19 Eanáir 2015.

Folúntas: Riarthóir Oifige le Coláiste na bhFiann

Nollaig 12, 2014

SAINCHUNTAS POIST

Teideal an Phoist: Riarthóir Oifige

Freagrach do: Bainisteoir Riaracháin
Scála Tuarastail (cineál agus grád) & Pinsean:
Scála stáitseirbhíse an Oifigigh Chléireachais.
Tuarastal: €20,859 – €33,607 (i gcomhréir le cáilíochtaí agus taithí)
Tréimhse an Chonartha: Dhá Bhliain

Uaireanta Oibre:
Is idir 9.30r.n. agus 5.30i.n. go laethúil, Luan go hAoine na gnáthuaireanta oibre. Am lóin ó 1.00i.n. – 2.00 i.n. D’fhéadfadh go mbeadh uaireanta oibre lasmuigh de na hamanna seo i gceist ó am go ham.
Saoire:
Saoire bhliantúil le pá de 20 lá atá i gceist agus aon saoire phoiblí a cheadófar go náisiúnta.

Cáilíochtaí & Scileanna:

 Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta;
 Taithí ar chaidreamh éifeachtach a dhéanamh le daoine ag gach leibhéal;
 Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh;
 Scileanna ríomhaireachta;
 Ardscileanna eagrúcháin agus riaracháin;
 Taithí agus tuiscint ar obair airgeadais [TAS/SAGE];
 Taithí agus tuiscint ar an gcóras oideachais agus ar obair óige.

Príomhdhualgais an Phoist:

Beidh an Riarthóir Oifige freagrach, mar chuid d’fhoireann trasfheidhmiúil, as:
• seirbhís fáilteora a sholáthar do Chumann na bhFiann;
• postas na hoifige a chomhordú;
• taifead ar chaiteachais agus ioncaim;
• eolas a chur ar fáil don phobal faoi obair na heagraíochta;
• ábhar bolscaireachta faoi obair na heagraíochta a ullmhú agus a scaipeadh.
• córais comhaid éifeachtach a choinneáil don eagraíocht, idir crua agus leictreonach;
• bunachar sonraí na heagraíochta a choinneáil suas chun dáta;
• tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d’fhoireann na hoifige chun an oifig a riar;
• eagrú ócáidí/seimineáir eolais;
• aon obair eile a shocraíonn an bhainistíocht.

Áit lonnaithe:

Beidh an post seo lonnaithe i gceanncheathrú na heagraíochta, i nDroim Rí, Co. na Mí
Conas iarratas a dhéanamh:

Seol do CV agus litir iarratais chuig michelle@cnb.ie roimh 5pm ar 09 Eanáir 2015.

Scoil Ronáin (G)

Nollaig 12, 2014

Scoil Náisiúnta Éadan Fhionnfhraoich (G)

Nollaig 12, 2014

Scoil Naomh Cholmcille (G)

Nollaig 12, 2014

Scoil Náisiúnta na Sraith Móire (G)

Nollaig 12, 2014

« Previous PageNext Page »