Méid an Téacs

Foirgneamh nua Ghaelscoil Shliabh Rua ar an mbealach!

Feabhra 24, 2015

Breathnaigh ar an dul chun cinn anseo: www.facebook.com

Meicníocht Íocaíochta Leasaithe maidir le Múinteoirí Ócáideacha agus Neamh-Ócáideacha

Feabhra 23, 2015

http://www.education.ie/ga/Ciorcl%C3%A1in-agus-Foirmeacha/Ciorcl%C3%A1in-Gn%C3%ADomhacha/cl0015_2015_ir.pdf

Comórtas mór Ealaíne ag Cúla4 chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh!

Feabhra 23, 2015

Tá comórtas ealaíne faoi lánseol ag Cúla4 na nÓg chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Tá an comórtas seo dírithe ar dhaltaí bunscoile is gheobhaidh an t-ealaíontóir is fearr táibléad. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi gcomórtas, breathnaigh ar leathanach Facebook Twitter Cúla4

“Who wants to be a Thousandaire” ar son Ghaelscoil Thulach na n-Óg seolta ag Jimmy Magee

Feabhra 19, 2015

Scéal iomlán ag www.meathchronicle.ie

Folúntas: Gaelscoil Éadan Doire, Uíbh Fhailí

Feabhra 19, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19496/

Folúntas: Scoil Chaitríona, Baile Átha Cliath

Feabhra 19, 2015

Sonraí ar fáil:  http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11451/

Polasaí leagtha amach ag an Aire O’Sullivan le tacú le scoilphobail inbhuanaithe

Feabhra 18, 2015

Scéal iomlán ag: http://www.education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2015-Press-Releases/PR15-02-17.html

Maoiniú ó Scéim Bunaithe agus Forbartha Gréasán Fhoras na Gaeilge

Feabhra 16, 2015

Maoiniú Tacaíochta ar fáil ó Fhoras na Gaeilge

Ar mhaith leat an Ghaeilge a úsáid níos minice i do shaol? Ar dheas leat do chaithimh aimsirí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Ar mhaith leat daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge?
Ar mhaith leat gréasán le Gaeilge a chruthú?

Ba mhaith le Foras na Gaeilge tacú le bunú agus forbairt gréasáin trí mheán na Gaeilge.

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh iarratais do ghréasáin (bunaithe agus/nó le bunú) a bhfuil an Ghaeilge mar mheán theanga an ghréasáin.

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo úsáid na Gaeilge a normalú sa tsochaí agus deiseanna praiticiúla do phobal na tíre an Ghaeilge a spreagadh agus éascú trí ghréasáin daoine a thabhairt le chéile ar bhonn taitneamhach.

Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ag: www.gaeilge.ie/greasan

Ceiliúradh 30 Bliain Ghaelscoil Osraí le ceolchoirm an-speisialta

Feabhra 16, 2015

Tá ceolchoirm an-speisialta á n-eagrú ag Gaelscoil Osraí ar an 20ú Feabhra mar chuid de cheiliúradh 30 bliain na scoile.

Tá cuid de na ceoltóirí agus amhránaithe is fearr sa tír le bheith leo ar an oíche, ina measc Múinteoir Iarla, Steve Cooney agus cairde, Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers, Na Casadaigh, Seo Linn agus iar-mhúinteoir na scoile agus buaiteoir Chorn Uí Riada don amhránaí sean-nóis is fearr sa tír i mbliana, Nell Ní Chróinín. Chomh maith le sin, beidh Réalta na Gaelscoile, grúpa d’iar-scoláirí le adoine cosúil le Múinteoir Fiona, Colm Ó Caoimh agus daoine eile ag seinnt ar an oíche.

Tá na ticéidí ar fáil anois ar €20 an cheann ó oifig na scoile agus ó Rollercoaster Records ar Sráid Chiaráin. Tá na sonruithe ar Facebook chomh maith agus bheimís buíoch dá scaipfeadh sibh an fhocal le bhur dtoil. https://www.facebook.com/events/659742887478004/?ref_dashboard_filter=upcoming

Folúntas: Gaelcholáiste Reachrann, Baile Átha Cliath

Feabhra 16, 2015

Sonraí ar fáil ag: www.educationposts.ie

« Previous PageNext Page »