Méid an Téacs

Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath

Meán Fómhair 9, 2015

Tá Coláiste Cois Life i Leamhcán ag lorg múinteoir páirt-amseartha. Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/15906/

Folúntas: Oifigeach Forbartha á lorg le cúram ar leith do chur chun cinn an Oideachais lán-Ghaeilge Gaeltachta

Meán Fómhair 9, 2015

Tá folúntas ag Gaelscoileanna Teo. d’Oifigeach Forbartha a bheidh lonnaithe i gContae na Gaillimhe agus a dhéanfaidh cúram go príomha do riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge i ngach Gaeltacht ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal.

Scála Tuarastail: Oifigeach Feidhmiúcháin: €27,464 – €44,967

Lán-aimseartha, Conradh 3 Bliana

Tuilleadh eolais, sainchuntas poist móide foirm iarratais le fáil trí ghlaoch a chur ar 01-8535195 nó trí ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie

Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie

Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe: roimh 5.00 i.n. Dé Luain, 21 Meán Fómhair 2015.
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Cruinniú Cinn Bhliana Gaelscoileanna Teo, 9 Deireadh Fómhair

Meán Fómhair 8, 2015

Bíodh glór agat agus tapaigh an deis rún a mholadh agus ionchur a bheith agat i bhforbairt na scoileanna lán-Ghaeilge.

Beidh Cruinniú Cinn Bhliana Gaelscoileanna Teo. ar siúl sa Sheraton, Baile Átha Luain ar an 21 Samhain 2015. An spriocdháta le haghaidh rúin agus ainmniúcháin i mbliana ná an 9 Deireadh Fómhair. Is gá go mbeidh siad seolta i bhfoirm clóite agus sínithe chuig:

An Rúnaí, Gaelscoileanna Teo.,
Halla Naomh Pádraig,
Institiúid Oideachais Marino,
Ascaill Uí Ghríofa,
Baile Átha Cliath 9,
D09 K4P6.

Is féidir na foirmeacha cuí a íoslódáil anseo:

Buille Trom do Mhic Léinn Atá i gCinneadh Ollscoil Uladh Deireadh A Chur Le Cúrsa Lánaimseartha Gaeilge Atá Lán go Doras

Meán Fómhair 8, 2015

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar Ollscoil Uladh dul siar ar an chinneadh le deireadh a chur le cúrsa a bhfuil an-éileamh air i dtaobh freastail agus sástachta araon

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Ollscoil Uladh, agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry CTR, dul siar an gcinneadh le deireadh a chur leis an chéim lánaimseartha Gaeilge BA ar champas Bhéal Feirste a bhfuil an-éileamh air i dtaobh freastail agus sástachta araon. Tuigeann an Conradh go bhfuil ciorraithe móra le déanamh ag Ollscoil Uladh mar gheall ar laghdú maoinithe ón Roinn Fostaíochta agus Foghlama, ach ní dhéanann sé aon chiall fáil réidh le cúrsa a bhfuil rath air agus a bhfuil an spriocmhargadh dó ag méadú go bliantúil le fás na Gaelscolaíochta ó thuaidh agus spéis sa Ghaeilge sa phobal trí chéile.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Tá díomá ar Chonradh na Gaeilge leis an gcinneadh gearr-radharcach ciorrú a dhéanamh ar infheistiú sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Ní hamháin go gcuireann na cúrsaí tríú leibhéal le fás agus forbairt phearsanta na mac léinn, ach cuireann infheistiú sa tríú leibhéal go mór le fás agus forbairt an gheilleagair agus na sochaí araon. Leis na ciorruithe seo, ní bheidh na deiseanna céanna ag daoine óga anseo mar a bhí agus is i bhfad ó bhaile a bheidh orthu taisteal chun a rogha chúrsa a dhéanamh, rud a chuireann go mór leis an gcostas ar dheiseanna oideachais tríú leibhéal an tsaoránaigh.”

Ofrálann Ollscoil Uladh an chéim lánaimseartha BA sa Ghaeilge ar champas Bhéal Feirste agus ar Champas Mhig Aoidh faoi láthair. Cuireadh tús leis an chéim lánaimseartha i mBéal Feirste sa bhliain acadúil 2012/13 agus bhí ráchairt ollmhór ar an chúrsa ó shin i leith. Tá cead ag Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge cohórt le huasmhéid 20 a ghlacadh isteach in aghaidh na bliana – bhí 19 de mhic léinn ar an chúrsa in 2012/13, in ainneoin nár fógraíodh an cúrsa ach tamall gairid roimh an dáta tosaigh; d’éirigh leo 100% dá gcuid spásanna a líonadh in 2013/14, 2014/15 agus 2015/16; agus bhí 56 iarrthóir ar lorg áite ar an chúrsa lánaimseartha i mBéal Feirste i mbliana, rud a léiríonn an bearna a fhágfar sa chathair ón bhliain seo chugainn ar aghaidh má leantar leis an chinneadh seo. Léiríonn na staitisticí go raibh ag éirí go fíor-mhaith leis an chúrsa, i dtaobh mhéid an chohóirt agus shástacht na mac léinn araon.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge ó thuaidh:
“Ag amharc ar na figiúirí iontrála, is léir go mbíonn ráchairt agus ró-éileamh ar an chúrsa seo; ní bheadh sé le ciall deireadh a chur le cúrsa a bhfuil ag éirí go fíor-mhaith leis. Is cúis díomá do Chonradh na Gaeilge fosta nach mbeidh mic léinn Ghaeilge á lonnú sa champas is mó d’Ollscoil Uladh, campas a bhfuiltear ag caitheamh £250 milliún air.

“De réir Shuirbhé Náisiúnta na Mac Léinn 2014/15 (NSS), d’éirigh leis an chúrsa lánaimseartha Gaeilge seo i mBéal Feirste 100% sástacht a fháil ag an dream a chríochnaigh an cúrsa i mbliana. Chuige sin, níl an chéim siar seo ag teacht le fás agus forbairt na Gaelscolaíochta agus spéis sa Ghaeilge trí chéile ach oiread. Beidh Conradh na Gaeilge ag stocaireacht an chinnidh seo agus ag éileamh ar na húdaráis athbhreithniú eile a dhéanamh maidir le todhchaí na Gaeilge ar an champas seo.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Ollscoil Uladh, agus ar an Aire Fostaíochta agus Foghlama, Stephen Farry, dul siar ar an chinneadh seo, agus tá an eagraíocht ag lorg cruinnithe leo gan mhoill leis an cheist a phlé go práinneach.

(English) Conradh na Gaeilge worried about cut in university provision

Meán Fómhair 8, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntas: Gaelscoil Ó Doghair, Co Luimnigh

Meán Fómhair 8, 2015

Tá ionadaí do shaoire máithreachais de dhíth i nGaelscoil Ó Doghair i gCo Luimnigh. Tuilleadh sonraí ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/23321/

Cúrsa Cruinnis ar-líne do Mheánmhúinteoirí

Meán Fómhair 7, 2015

Eagraithe ag an bhForas Pátrúnachta, le tacaíocht TEG agus Gaelscoileanna Teo.:

Ranganna idirghníomhacha ar líne uair sa choicís ina bpléifear cúrsaí cruinnis i gcomhthéacs scéalta reatha nuachta. Méadófar ar mhuinín an mhúinteora céim ar chéim i labhairt agus i scríobh na Gaeilge i dtimpeallacht thacúil.

Trí sheimineár lae le linn an chúrsa (ionad le deimhniú) ina mbeidh deis ag rannpháirtithe díriú ar mhionphointí gramadaí agus úsáid fheidhmeach na Gaeilge. Ullmhú an mhúinteora i dtreo scrúdú TEG Meánleibhéal 2 (B2) ar an 16 Aibreán 2016 (in ionaid éagsúla ar fud na tíre).

Bróisiúr: Cúrsa Cruinnis 2015

Fáiltíonn Comhairle na Gaelscolaíochta roimh dhílsiú ceithre Ghaelscoil eile

Meán Fómhair 7, 2015

Chuir Cathaoirleach Chomhairle na Gaelscolaíochta (CnaG), Stephen Peover, fáilte roimh fhógra an Aire Oideachais inné gur cheadaigh sé dílsiú ceithre ghaelscoil eile mar chuid d’athbhreithniú le hinmharthanacht chaipitiúil na scoileanna a mheas, rud a dhearbhaíonn muinín an Aire i láidreacht na hearnála. Ba iad na scoileanna iad: Gaelscoil Léim an Mhadaidh, Co. Dhoire; Gaelscoil Eoghain, Co. Thír Eoghain; Gaelscoil na mBeann, Co. An Dún agus Gaelscoil na Móna, Béal Feirste. Agus é ag caint ar son Stiúrthóirí CnaG, dúirt Stephen Peover: “Léirsigh go leor tuismitheoirí a dtiomantas pearsanta féin d’fhás na gaelscolaíochta ag tarraingt go leor achrainn orthu féin idir airgeadúil agus rachtúil agus is maith sin a bheith aitheanta ag an Aire a léirigh trí dhílsiú na scoileanna seo a thuairim láidir féin gur institiúidí láidre, inmharthana iad a sholáthraíonn caighdeán ard oideachais dá ndaltaí féin.”

Lean sé leis: “Ar son na dtuismitheoirí agus na ndaltaí, tugann Comhairle na Gaelscolaíochta buíochas don Aire go n-aithníonn seisean agus a Roinn díth na cóiríochta cuí a sholáthar agus go mbeidh teach ag tuismitheoirí ar an ghaelscolaíocht más mian leo í. Tá an cinneadh seo ag teacht le riachtanais Chomhaontú Aoine an Chéasta forbairt na gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú agus saorfaidh sé acmhainní a chuirfidh ar chumas ár gcomhghleacaithe in Iontaobhas na Gaelscolaíochta tacú tuilleadh tionscadal eile scoile.”

Is cúis mhór ríméid an scéal seo do thuismitheoirí agus theaghlaigh dhaltaí reatha na gaelscolaíochta. Ina theannta sin, ta dóchas ann go spreagfaidh sé tuismitheoirí eile breithniú a dhéanamh ar an ghaelscolaíocht dá bpáistí féin. Shonraigh an t-uasal Peover, áfach: “Níor dílsíodh an t-am seo gach scoil eile a chuaigh tríd an athbhreithniú le hinmharthanacht chaipitiúil a bhaint amach agus beidh díomá orthu sin uile. Ach sin ráite, tá súil againn go spreagfaidh na scoileanna ar éirigh leo, go spreagfaidh siad na scoileanna eile dhá oiread fuinnimh a chur sa chéad iarracht eile agus déanfaidh Comhairle na Gaelscolaíochta a seacht ndícheall cuidiú agus tacú leis na hiarrachtaí sin.

http://www.comhairle.org/gaeilge/2015/09/failtionn-comhairle-na-gaelscolaiochta-roimh-dhilsiu-ceithre-ghaelscoil-eile/

Folúntas: Coláiste Chineál Eoghain, Dún na nGall

Meán Fómhair 7, 2015

Tá Coláiste Chineál Eoghain i nDún na nGall ag lorg múinteoir páirt-aimseartha. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/15877/

Físeán: Seoladh páirtnéireacht nua idir Líofa agus CLG

Meán Fómhair 7, 2015

Tá comhghuaillaíocht nua seolta idir Líofa, feachtas foghlama Gaeilge na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta agus an Cumann Lúthchleas Gael. I bPáirc an Chrócaigh a sheol Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail an comhpháirtíocht nua.

Leagadh síos sprioc go mbeidh 20,000 foghlaimeoir fud fad na tíre cláraithe le Líofa faoi 2020. Os cionn 13,000 duine atá cláraithe leis óna mbunú i 2011.

Dúirt Aogán Ó Fearghail go mbeadh an CLG ag moladh Líofa mar bhealach leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc a gcuid fó-chumainn fud fad na tíre.

Thug an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín le fios ag an seoladh gur fhreagair beagnach 13,000 duine an comhairliúchán d’Acht Gaeilge ó thuaidh agus go raibh 95% acu siúd i bhfách an Achta.

Seo léargas ar an chomhoibriú a bheas ag titim amach idir Líofa agus CLG sna blianta amach romhainn chomh maith le hagallaimh ó phearsaí spóirt faoi aistear foghlama s’acusan

Físeán ar fáil ag:

http://www.meoneile.ie/ailt/seoladh-p%C3%A1irtn%C3%A9ireacht-nua-idir-l%C3%ADofa-agus-clg#.Ve15dhFViko

« Previous PageNext Page »