Dúshlán na Léitheoireachta Gaeilge
Aibreán 5, 2016
Is breá liom a bheith ag léamh. Ó go raibh mé an-óg bhí mé i gcónaí ag léamh. Ní raibh mórán suime agam a bheith ag rith timpeall na páirce nuair a bhí leabhar maith idir lámha agam.
Tháinig leabhar nua sa tsraith The Princess Diaries amach nuair a bhí mé ag déanamh an Teastais Shóisearaigh. Dúirt Mum liom nach raibh cead agam é a léamh go dtí go raibh na scrúduithe thart. Thóg sí uaim é. Chuaigh mé caol díreach go dtí an leabharlann agus fuair mé cóip eile dó. Léigh mé ar an traen chun na scoile é agus abhaile le linn na scrúduithe sin.
Bhí ar Dad an solas a mhúchadh orm nuair a chonaic sé go raibh mé go fóill á léamh tar éis mean oíche oíche éigin. Chuaigh mé isteach sa seomra folctha, chuir mé tuaille síos ag bun an dorais agus lean mé orm ag léamh.
Níor thosaigh mé ag léamh leabhair Ghaeilge go dtí go raibh mé san ollscoil, agus níor thosaigh mé á léamh i gceart, as mo stuaim féin, go dtí tar éis na hollscoile.
‘Tá an-chuid leabhar Gaeilge iontach amuigh ansin agus níl daoine ar an eolas fúthu,’ a deir Jack Ó Drisceoil a bhí mar urlabhraí thar ceann an fheachtais Leabhra Feabhra i mbliana, agus aontaím go hiomlán leis.
Is iad Anna Heussaff agus Proinsias Mac a’Bhaird na scríbhneoirí Gaeilge is fearr liom faoi láthair ach is beag duine a chuala trácht orthu nuair a luaim na hainmneacha leo.
B’ea i mbliana an darna bliain a ndearnadh ceiliúradh ar Leabhra Feabhra ar Lá Fhéile Bhríde. 1 Feabhra. Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas seo ná an scéal faoi leabhair Ghaeilge a scaipeadh agus díolacháin ar leabhair Ghaeilge a ardú.
‘Sílim gur éirigh linn,’ a deir Jack.
Chuaigh Jack isteach sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath díreach roimh Lá Fhéile Bhríde anuraidh agus ní raibh mórán leabhar fágtha. Rinne sé an rud céanna i mbliana agus d’iarr sé ar an duine a bhí ag obair ann an raibh mórán éileamh ar na leabhair de bharr Leabhra Feabhra. Dúirt sí go raibh.
Ní raibh Jack ag labhairt le haon chomhlacht foilsitheoireachta ar bith ach nuair a d’fhogair siad an feachtas anuraidh, thosaigh na comhlachtaí ag cur lascaine ar fáil do chustaiméirí.
‘Léirigh sin gur thuig siad céard a bhí ar bun againn agus go raibh muid ar fad ag seasamh le chéile ag iarraidh an rud céanna a bhaint amach.’
Bhí An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath agus An Cheathrú Póilí i mBéal Feirste ar aon intinn mar gheall ar dhíolachán agus an feachtas. Dhíol siad beirt níos mó anuraidh ag teacht suas go Leabhra Feabhra ná gur dhíol siad i mbliana de bharr an fheachtais.
‘Bheadh muid níos ciúine gan an fheachtais, cinnte,’ a deir Cillian de Búrca ón Siopa Leabhar, ‘Ach deirfinn go raibh níos mó sceitimíní ar dhaoine roimh rud éigin úrnua anuraidh ná a bhí acu i mbliana.’
Bhí lascaine de 15% ar leabhair Ghaeilge in An Cheathrú Póilí ar feadh cúpla lá ag teacht suas go Lá Fhéile Bhríde.
‘Táim ag glacadh leis go mbeidh maoiniú curtha ar fáil do lucht an fheachtais an bhliain seo chugainn ó Fhoras na Gaeilge ionas gur féidir leo tuilleadh poiblíochta a dhéanamh do Leabhra Feabhra,’ a deir Cillian.
www.meoneile.ie
‘Bac ar thógáil Gaelscoileanna’ an t-aon tagairt don Ghaeilge i bhforógra an DUP
Aibreán 5, 2016
Tá an DUP le bac a chur ar thógáil Gaelscoileanna úra de réir an fhorógra toghcháin a d’fhoilsigh siad inné.
San aon tagairt amháin don Ghaeilge sa doiciméad, i rannóg dar teideal, The Next Steps in an Education Equality Agenda, fógraítear go ndéanfaidh an DUP iarracht “cothrom na Féinne a thabhairt do gach earnáil oideachais, scoileanna riachtanais speisialta san áireamh”.
Ciallaíonn sé seo, a deirtear, go rachaidh siad i ngleic leis “an chóir fhabhrach” atá á tabhairt do Ghaelscoileanna agus scoileanna nua á dtógáil.
Tá rún ag an DUP deireadh a chur le Teastas Oiliúna Múinteorí Caitliceacha agus deireadh a chur le hAlt 71 a thugann díolúine ón reachtaíocht comhionannas fostaíochta i gcúrsaí múinteoireachta.
Ní luaitear an Ghaeilge ach amháin sa tagairt sin do Ghaelscoileanna agus ní luaitear na focail ‘cultúr’ nó ‘na healaíona’ sa cháipéis ach an oiread.
Deirtear san fhorógra go bhfuil an DUP meáite ar Institiúid Albainis Uladh a bhunú le taighde agus oideachas a chur chun cinn maidir leis an ngné sin d’fhéiniúlacht Thuaisceart Éireann.
Anuas air sin, tá an páirtí tiomanta de go mbeidh “an bhratach náisiúnta” ar foluain 365 lá sa bhliain agus go mbeidh lá saor ar an 5 Bealtaine 2021, cothrom céad bliain ó tháinig ann do stát Thuaisceart Éireann de réir dlí. Deir an páirtí go gcaithfear an bhliain sin “ag ceiliúradh agus ag iniúchadh ár staire”.
www.tuairisc.ie
Comórtas scoláireachta €1,000 ag Coláiste Samhraidh Theilinn
Aibreán 5, 2016
Tá Coláiste Aoidh Mhich Bhricne i dTeileann, iardheisceart Thír Chonaill, ag tairiscint €1,000 de scoláireachtaí do mhic léinn mhéanscoile le freastal ar chúrsa Gaeltachta s’acu le linn mhí Iúil. Tá 10 scoláireacht ar luach €100 ar fáil.
Tá na scoláireachtaí ar fáil do chúrsa B, a ritheann ón 16-30 Iúil. Is cúrsa é atá dírithe ar dhaltaí 13 – 16 bliana d’aois. Cosnaíonn an cúrsa €495 go hiondúil, ach leis na scoláireachtaí seo, beidh buaiteoirí ábalta freastal ar chúrsa coicíse ar €395.
Le cur isteach ar an chomórtas, seol ríomhphost chuig colaisteaoidhteileannn@gmail.com agus cuir ceist fá choinne fhoirm iarratas. Is féidir glaoch ar Shane Ó Curraighín (087 7667853) nó Gearóid Ó Deoráin (087 2701200) le haghaidh tuilleadh eolais. Is é Dé hAoine, 29ú Aibreán, spriocdháta d’iontrálaithe. Cuirfear na buaiteoirí ar an eolas ar Dé Céadaoin, 4ú Bealtaine.
Dúirt Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Cathaoirleach, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann:
Is ábhar ceiliúrtha é do Choiste Choláiste Aoidh Mhic Bhricne gur féidir linn na scoláireachtaí seo a chur ar fáil i mbliana. Tá sé mar sprioc againn i dTeileann eispéireas iomlán Gaeltachta a chur ar fáil do dhaltaí óga i gCúige Uladh agus ar fud na tíre. Cuidíonn na scoláireachtaí seo, a bhuí le Comhaltas Uladh, le daoine cuid de na costais a chlúdach. Cuireann muid béim ar thrí rud i dTeileann: An Teanga, Cairdeas agus an Spraoi. Bígí linn.
Dúirt Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh:
Is deis mhaith atá sna scoláireachtaí seo do dhaoine óga tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim i gceann na Coláistí Samhraidh sa tír. Gheobhaidh an scoláire a bhfuil dúil aige nó aici sa teanga taithí agus eispéireas iontach i dTeileann. Tréaslaíonn Comhaltas Uladh le Coláiste Aoidh Mhic Bhricne agus molann a gcuid oibre ar son na Gaeilge sa Ghaeltacht seo. Go raibh gach ráth ar na cúrsaí i mbliana agus amach anseo.
Nóta: Tá na scoláireachtaí seo á gcur ar fáil le freastail ar chontaetha Dhún na nGall, an Chabháin, Muineacháin agus Lú (i bhfolús roinnt scéimeanna scoláireachtaí sna sé chontae) a thiteann faoi limistéar Chomhaltas Uladh.
Cúlra: Coláiste Samhraidh Gaeltachta is ea Coláiste Aoidh Mhic Bhricne atá suite i dTeileann, iardheisceart Thír Chonaill, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bunaíodh an coláiste sa bhliain 1956. Rinne sé 60 bliain bunaithe a cheiliúradh anuraidh. Beidh dhá chúrsa samhraidh i dTeileann i mbliana.
Tuilleadh eolais:
Shane Ó Curraighín
Oifigeach Caidreamh Poiblí, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne
087 7667853 (00 44)75 16251036 | colaisteaoidhteileann@gmail.com
Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh
Cathaoirleach, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne
(00 44) 77 16690237 | padraig@cnag.ie
Lean sinn:
https://twitter.com/Teileann1955
https://www.facebook.com/Colaiste-Aoidh-Mhic-Bhricne-Teelin-202868921997/
Comórtas Leabhar Gaelscoileanna Teo.
Aibreán 4, 2016
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil beirt bhuaiteoirí roghnaithe do Chomórtas Leabhar Gaelscoileanna Teo.
Ellie-May Ní Ghallachóir, Scoil Náisiúnta Éadan Fhionnfhraoich, Co. Dhún na nGall, agus
Noah Ó Ceallaigh, Gaelscoil Thomáis Dáibhís, Co. Chorcaí.
Chuir go leor scoláirí ó scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta timpeall na tíre isteach ar an gcomórtas seo agus bhí cinneadh an-deacair le déanamh ag na moltóirí. Fuair muid go leor scéalta agus bhí caighdeán an-ard ar fad ann. Comhghairdeas ó chroí le gach éinne a ghlac páirt sa chomórtas seo agus ár mbuíochas libh as bhur gcuid scéalta cruthaitheacha a roinnt linn. Tá súil againn go leanfaidh sibh ar aghaidh ag scríobh scéalta i nGaeilge. Foilseofar rogha scéalta i nuachtlitir Gaelscoileanna Teo., ar shuíomh Idirlín na heagraíochta agus ar na meáin shóisialta.
Cuireadh gearrliosta le chéile agus buaiteoirí an chomórtais á roghnú. Tá ardmholadh ag dul chuig na scríbhneoirí óga seo ach go háirithe a bhí ar an ngearrliosta. Cuirfear teastas agus leabhar ar aghaidh chuig na daoine seo ar fad.
Aoife de Nogla Ní Fheinneadha, Gaelscoil Mhainistir na Corann. An Cúpla Ainmhnithe.
Caoimhe Ní Arragáin, Gaelscoil Dhonncha Rua. Síle Sióg.
Gianluca Fornaciai, Gaelscoil Iarfhlatha. Plandaí Vs Zombie – An Tús.
Jack Ó hAllúráin, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg. An Vaimpír.
Méabh Otuos, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg. Plainéad na bPeataí.
Niamh Nic Enrí, Gaelscoil Mhainistir na Corann. Oileán Niamh.
Síofra Ní Ógáin, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg. Na Síoga.
Traolach Ó Súilleabháin, Scoil Lorcáin. An Sciathán Leathair Órga.
Na Bunscoileanna a ghlac páirt sa chomórtas seo :
Gaelscoil Dhonncha Rua, An Clár
Gaelscoil Iarfhlatha, Gaillimh
Gaelscoil Mhainistir na Corann, Corcaigh
Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg, An Clár
Gaelscoil na Cille, An Mhí
Gaelscoil Thomáis Dáibhís, Corcaigh
Scoil Bhríde, Baile Átha Cliath
Scoil Lorcáin, Baile Átha Cliath
Scoil Náisiúnta Éadan Fhionnfhraoich, Dún na nGall
Scoil Naithí, Baile Átha Cliath
Míle buíochas le O’Brien Press as urraíocht fhliathiúil a dhéanamh ar an gcomórtas.
RÁITEAS maidir le SCOLÁIREACHTAÍ 2016 le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge
Aibreán 4, 2016
Family Course sa Ghaeltacht July 2016 Cúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht Iúil 2016
Tá Foras na Gaeilge ag cur 15 scoláireachtaí ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reáchtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 16-23 Iúil 2016. Bronnfar 10 scoláireachtaí de luach €900 an ceann agus 5 scoláireachtaí de luach €200 an ceann ar theaghlaigh a bhfuil suim acu freastal ar an chúrsa Gaeilge seo i nGaoth Dobhair.
Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí trí Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie
Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair atá na scoláireachtaí dírithe; sé sin le rá do theaghlaigh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil.
Beidh trí scoláireacht a bhronnadh ar an chlár Cóisir Cheoil (16.10-17.00) ar RTE RAIDIO NA GAELTACHTA gach lá ón Luan 25 Aibreán go Aoine 29 Aibreán. Éist leis an chlár le linn na seachtaine agus beidh an deis agat TÉACS a chur isteach le linn an chláir le bheith sa chrannchur do na scoláireachtaí.
Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.
Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa, ag 086 3048242 nó galljoe@eircom.net
Foras na Gaeilge is providing scholarships to families wishing to attend a Family Course as Gaeilge in Gaoth Dobhair, Co Donegal during the week 16-23 July 2016.
There are 10 scholarships worth €900 each and 5 scholarships worth €200 each available to facilitate interested families attend the course. The scholarships are for families who have children in the All-Irish education sector.
All information on the course itself is available on www.piarsaigh.ie
The scholarships will be presented each day during the week 25-19 April 2016 on Cóisir Cheoil (16.10-17.00) on RTE RADIO NA GAELTACHTA. They will be awarded by means of a TEXT-IN on that programme during the week in question.
Further information is available from Joe Ó Gallchóir at 086 3048242 or galljoe@eircom.net.
Sárscoil Drámaíochta Fíbín
Aibreán 4, 2016
Tá Sárscoil Drámaíochta Fíbín ar ais don séú bliain as a chéile agus muid ar thóir scoláirí idir 15-17 bliain d’aois ó cheantair Ghaeltachta agus Ghalltachta ó thuaidh agus ó dheas den teorainn chun páirt a ghlacadh ar an gcúrsa. Más spéis leat taithí aisteoireachta/drámaíochta a fhoghlaim seo é an cúrsa duit!! Gach bliain eile théadh muid timpeall na tíre ag déanamh éisteachtaí i scoileanna ach i mbliana tá an próiseas roghnúcháin athraithe againn agus ní bheidh ort anois ach físeán gearr duit féin a sheoladh isteach ag aisteoireacht as Gaeilge ar YouTube/r-phost/Vimeo/Dlúthdhiosca cibé caoi is fearr leat chun seans a bheith agat áit a bhaint amach ar an gcúrsa.
Is dianchúrsa aisteoireachta/scileanna drámaíochta atá ann le casadh difriúil mar go gcónaíonn na rannpháirtithe le chéile i nGaeltacht Chonamara ar feadh an tréimhse coicíse agus ritear na ceardlanna uile trí mheán na Gaeilge. Gheobhaidh na haisteoirí óga taithí agus oiliúint fhíor-luachmhar faoi stiúir an stiúrthóra Stephen Darcy. Foghlaimeoidh na daoine óga faoi aisteoireacht don scáileán chomh maith le don stáitse. Beidh Laoise Ní Nualláin linn chomh maith ag teagasc ceoil agus amhránaíocht ar an gcúrsa. Tá costas €625 ar an gcúrsa coicíse le beatha agus lóistín san áireamh ach is féidir le daoine áitiúla nach dteastaíonn socruithe lóistín uathu an cúrsa a dhéanamh ar €325. Tabharfar cuireadh do na meáin, craoltóirí, léiritheoirí teilifíse, polaiteoirí áitiúla chomh maith le tuismitheoirí agus cairde freastal ar an léiriú ar an lá deiridh. Chun tuilleadh eolais nó bróisiúr a fháil faoin gcúrsa téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig Caitlín i Fíbín ar sarscoilfibin@gmail.com nó glaoigh ar 091-505855!
Leabhar nua: Smokie
Aibreán 4, 2016
Scríobh Bríd Brien scéal i mBéarla faoi a cat Smokie agus aistríodh go Gaeilge Dhún na nGall é le déanaí.
‘Smokie’ is a heartfelt tale of love, despair, friendship and freedom. Athraíonn a saol compordach nuair a bhuaileann sí lena húinéirí nua, Hannah agus Eoghan. Like a caged animal, she’s confined to the house and longs for the day to be free again. Nuair a thagann deis chun éalú go dtí an garraí, helped by Blossom, an madra teaghlaigh, she sets off on an adventure she’ll never forget.
Toisc gur leabhar dátheangach é, tá sé éasca é a léamh agus níl gá le foclóir a usáid. Más maith leat cóip crua a fháil, bí i dteagmháil le Brí ar: bridbrien@gmail.com
Costas €10.
Taighde iarchéime ar an luath-thumoideachas i scoileanna lán-Ghaeilge
Aibreán 4, 2016
Bhí mac léinn ón Máistreacht Ghairmiúil sa Bhunoideachas i dteagmháil linn. Mar chuid den chúrsa seo, tá tráchtas ar bun aici ar an luath-thumoideachas sna ranganna naíonán i scoileanna lán-Ghaeilge. Tá múinteoirí á lorg aici le ceistneoir a líonadh isteach. Má tá taithí agat bheith ag múineadh ranganna naíonán i scoil lán-Ghaeilge, bheadh Jennifer an-bhuíoch díot as cúpla nóiméad a thógáil chun ceistneoir a líonadh isteach chun cabhrú lena cuid taighde.
Tá an ceistneoir le fáil anseo
Dráma nua: Ó Pheann an Phiarsaigh
Aibreán 4, 2016
Internet sites
Aibreán 4, 2016
There are now hundreds of Irish internet sites. There is a very comprehensive guide available to Irish speakers.
‘Gaeilge ar an Ghréasán’,a site with more than 800 links operated by Sabhal Mòr Ostaig (A university college in the Scottish Gaeltacht. Caoimhín Ó Donnaile, an Irishman and a former member of the Gaelic League in Glasgow is on the staff.) If you are interested in Scottish Gaelic, go to ‘Gàidhlig air an Lìon’.
I would like to mention a couple of sites this week. Comhaltas Ceoltóirí Éireann/The Irish Minstrels’ Association, publishes a list of poems and stories for young Fleadh competitors. But it would be helpful to any learner. A beginner is better learning a poem by heart rather than a complicated rule. For example, it is more useful to learn a poem like ‘Seán agus an Dall’ than ‘In the first declension, the nouns are masculine and end in a broad consonant. The final consonant is slenderised to form the genitive singular’. Got that? The poem illustrates the rule clearly. (Go to Comhaltas – education.)
Read more: http://www.derryjournal.com/news/columnists/internet-sites-1-7303570#ixzz44qThMF91