Tuarascál
Aibreán 18, 2013
Caithfidh muid filleadh ar thraidisiúin Eorpacha leis an tír a thabhairt slán Cé gur léir go bhfuil dearmad déanta orthu, d’aithin na tuarascálacha a scríobhadh don Roinn Airgeadais idir 2010-11 faoi chúiseanna ár ngéarchéime airgeadais bunlaigí inár saol poiblí.
Is beag a rinneadh chun iad a leigheas go dtí seo. Mar shampla, dúirt an t-eacnamaí Peter Nyborg sa tuarascáil a scríobh seisean go raibh easpa díospóireachta criticiúla ann faoinár bhfadhbanna; ní amháin i measc saineolaithe ach i measc an phobail féin. Is beag amhras a bhí orthu siúd a rinne na polasaithe nárbh acu an bealach ceart, a dúirt sé. Ghríosaigh an dioscúrsa agus polasaí poiblí cur chuige a raibh deireadh tubaisteach leis. Comhartha é seo den ghéarchéim intleachtúil atá níos measa ná an ghéarchéim eacnamúil de réir an Uachtaráin, Mícheál D. Ó hUiginn. Cuireann sé i gcuimhne dúinn an cáineadh láidir ar an meon aithriseach poiblí sa tír seo a rinne an staraí, an tOllamh Joe Lee, ina leabhar faoi pholaitíocht agus shochaí na hÉireann in 1989. Ach tháinig an Tíogar Ceilteach agus rinneadh dearmad glan ar a cháineadh.
D’fhéadfaí a rá go léiríonn an ghéarchéim ina bhfuilimid laigí níos bunúsaí inár saol poiblí, laigí nach bhfuilimid ag tabhairt aghaidh orthu. Muna réitímid na bunlaigí sin, tá baol mór ann go ndéanfaimid arís na botúin chéanna – mar a rinneadh sna 1950í, na 1980í agus na 2000í. I bhfoilseachán nua Tábhacht na Gaeilge i dtodhchaí na tíre, bainim an chonclúid amach go bhfuilimid ag séanadh go bhfuil easpa cumais sa gcóras polaitiúil; go bhfuilimid ag séanadh go bhfuil ár ngeilleagar spleách ar chomhlachtaí iasachta; go bhfuil rátaí arda bochtanais agus seirbhísí poiblí laga againn. An fhadhb bhunúsach a d’aimsigh Lee ná go n-iomporáilimid ár modhanna smaointeoireachta ón dtaobh amuigh, ó shaol an Bhéarla ach go háirithe, seachas ár bhfadhbanna féin a iniúchadh go géar agus ár réiteach féin a chumadh dóibh. Ach ní hé Lee an chéad duine chun é seo a rá; níos mó ná 100 bliain ó shin d’aimsigh de hÍde an rud céanna ina léacht cháiliúil The Necessity for De-anglicising Ireland. Muna bhfillimis ar an nGaeilge, is náisiún d’aithriseoirí a bheadh ionainn, a dúirt sé. Mar sin is cúis iontais é a laghad airde a thugtar ar an Ghaeilge i láthair na huaire mar acmhainn chun cabhrú linn ár mbunlaigí a réiteach. Léiríonn Alan Titley ina leabhrán An Bhailbhe i lár an Bhladair an fhaillí a dhéanaimid in obair intleachtúil sa Ghaeilge i ndíospóireachtaí poiblí. Níos tábhachtaí ná sin fiú, tá léargais nua sna heolaíochtaí sóisialta a léiríonn tábhacht luachanna cultúrtha i ndul chun cinn tíortha, léargais a dhearbhaíonn an bhéim a chuir lucht na hathbheochana ar luach na Gaeilge do thodhchaí na hÉireann 100 bliain ó shin.
Ach, tar éis dúinn neamhspleáchas a bhaint amach, rinneadh dearmad orthu agus cúngaíodh ról na Gaeilge mar mhaisiúchán baoth inár saol náisiúnta. Cuirim síos i mo phaimfléad ar an tslí ina léiríonn nuálaíochtaí acadúla cé chomh forásach is a bhí lucht na hathbheochana in Éirinn ag tús an chéid seo caite. Tá sé thar am againn filleadh ar na bunléargais sin ar thábhacht na Gaeilge – mar acmhainn chultúrtha agus freisin mar acmhainn chun ár bhforbairt eacnamúil agus sochúil a fheasbhú. Tiocfaidh sin trí dhíriú ar thuiscint níos leithne agus níos doimhne ar bhunlaigí ár sochaí agus iad a shárú. Léiríonn Lee an ról lárnach a imríonn teangacha dúchais na dtíortha Lochlannacha chun forbairt rathúil a bhaint amach. An rud a thugann teanga do chultúr ná scagaire chun na gnéithe fiúntacha de gach a thagann isteach a scagadh agus a roghnú ar mhaithe le leas an phobail. Agus na gnéithe diúltacha a fhágáil ar lár. Ach inár gcásna, táimid beag beann ar an ngéarghá atá ann le scagaire den tsórt sin. Mar thoradh air sin, is baolach go dtugaimid níos mó fiúntais dó siúd a thagann chugainn isteach agus is beag is fiú dúinn na smaointe a chumaimid as ár stuaim féin. Is é sin an fáth go gcuirim mar fhotheideal ar mo phaimfléad ná The Necessity for Re-Europeanising Ireland. Ar ndóigh, is macalla é ar léacht cháiliúil de hÍde in 1893. Ach cuirimse an bhéim ar fhilleadh ar an Eoraip, ní ar dhíghalldú.
Is eisceacht í Éire san Eoraip mar nach labhraímid ár dteanga dhúchais agus nach féidir le formhór an phobail gníomhú as dhá nó trí cinn de theangacha gan dua. Is boichte go mór ár saol cultúrtha agus ár saol intleachtúil agus sóisialta. Is beag dabht ach go bhfuil an tír in ísle brí. Tá níos mó i gceist anseo ná ceisteanna eacnamúla agus airgeadais; rud a léiríonn fadhbanna forleathana ar nós féinmharaithe agus mí-úsáid drugaí. Tá géarchéim mhorálta ann agus tá géarghá le brionglóid nua chun ár samhlaíocht a ghríosú agus todhchaí nua a aimsiú. Is í an Ghaeilge an t-aon eochair atá againn chun stóras saibhir féinmhuiníne agus féinchumais a mhúscailt.
www.irishtimes.com
Foilsithe ar 17 Aibreán 2013
The Irish Times – Peadar Kirby
Deis chun cuairt a thabhairt ar Chúirt Iar-chonnacht
Aibreán 18, 2013
Beidh scríbhneoirí Chló Iar-Chonnacht páirteach in dhá ócáid i rith na féile idirnáisiúnta litríochta, Cúirt, i nGaillimh an mhí seo.
Beidh oíche cheoil agus litríochta ann Déardaoin, 25ú Aibreán, leis na scríbhneoirí Jackie Mac Donncha agus Maidhc Dainín Ó Sé sa teach ósta, Kelly’s ag 6.30pm. I gCill Chiaráin a tógadh Jackie Mac Donncha agus tá cónaí ar Mhaidhc Dainín Ó Sé i gCiarraí agus cáil bainte amach acu beirt as a gcuid scríbhneoireachta. Beidh an dara hócáid, an Cúirt Literary Brunch, sa bhialann Vina Mara Dé Domhnaigh, 28ú Aibreán ag meán lae. Beidh an scríbhneoir iomráiteach, Micheál Ó Conghaile, ag léamh ón leabhar The Colours of Man, aistriúcháin Bhéarla ar roinnt gearrscéalta dá chuid.
www.irishtimes.com
Foilsithe ar 17 Aibreán 2013
An lá agus an oíche le ceoltóirí Phort Láirge
Aibreán 18, 2013
An grúpa ceoil traidisiúnta Nuada ó Mheánscoil San Nioclás, An Rinn, Co Phort Láirge, a bhuaigh an comórtas Siansa Gael Linn 2013 sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh.
Tháinig dhá ghrúpa as Baile Átha Cliath, Frioscaí ó Rath Éanna agus Na Fataí Fánacha ó Choláiste Eoin-Íosagáin, sa dara agus sa tríú háit faoi seach. Ocht ngrúpa ceoil a tháinig ar stáitse i ndiaidh a chéile sa chraobh cheannais agus iad ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil lena stíl, lena gcumas agus lena gcur i láthair. Bhí 1,000 duine ag éisteacht leo beo sa cheoláras féin agus an ócáid á craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. An tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn a bhronn Trófaí Gael Linn ar Nuada.
www.irishtimes.com
Foilsithe ar 17 Aibreán 2013
‘Níl gealltanais á gcomhlíonadh’
Aibreán 18, 2013
Dúirt Pobal, grúpa teanga sa Tuaisceart, nach raibh gealltanais Chomhaontú Aoine an Chéasta i leith na Gaeilge á gcomhlíonadh.
Dúirt ceannasaí an eagrais, Janet Muller, gurbh ábhar dóchais é an comhaontú 15 bliain ó shin mar gur thug rialtas na Breataine aitheantas don Ghaeilge. Ach chaith na húdaráis thuaidh “cuid mhaith fuinnimh agus ama” ó shin “ag cur constaicí roimh phobal na Gaeilge agus ag iarraidh forbairtí ar an talamh a bhrú siar”. Bhí cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna; ní raibh aitheantas do chraoltóireacht na Gaeilge i reachtaíocht Westminster; bhí maoiniú do na heagrais bhunmhaoinithe gearrtha siar agus ní raibh acht teanga ann leis an Ghaeilge a chosaint, a dúirt sí. Rinne Pobal suirbhé ar mhúinteoirí in earnáil an Ghaeloideachais agus bhí leibhéal ard míshástachta faoin dóigh a raibh gealltanais faoi chúrsaí teanga á gcomhlíonadh. Bhí thart faoi 65 faoin gcéad de na freagróirí “míshásta” nó “iontach míshásta” faoin bhealach ar chuir na húdaráis úsáid na Gaeilge chun cinn sa saol poiblí. Bhí tromlach na múinteoirí ar son acht teanga a bhí “cuimsitheach ceartbhunaithe”.
www.irishtimes.com
Foilsithe ar 17 Aibreán 2013
Leaids mar Dhaids ar TG4
Aibreán 18, 2013
BHFUIL TÚ AG SÚIL LE LEANBH GO LUATH?
BHFUIL SUIM AGAT A BHEITH PÁIRTEACH I gCLÁR NUA DO TG4?
Bhfuil tú féin agus do chailín/do chéile ag súil le leanbh sna míonna amach romhainn?
Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa chlár seo bí i dteagmháil linn ar leaidsmardhaids@gmail.com nó cur glaoch orainn ag +353-01-4973225
fón póca 0872387222 www.goodcompany.ie
Is clár nua Leaids mar Dhaids do TG4. Tá Good Company Productions
(Mí na Meala, Feirm Factor, Hector) ag lorg triúr fear atá chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán is mó dá saoil – a bheith ina ndaideanna.
Beidh neart comhairle agus neart tacaíochta le fáil óna sáineolaithe a bheas páirteach.
Má tá Gaeilge agat agus suim agat a bheith páirteach nó aithne agat ar aon duine a bheadh feiliúnach nó fiú muna bhfuil uait ach tuilleadh eolais bí i dteagmháil linn ag leaidsmardhaids@gmail.com nó cur glaoch orainn ag
01-4973225 fón póca 0872387222 www.goodcompany.ie
Miotas, maisc agus ceoil
Aibreán 18, 2013
Miotas, maisc agus ceoil: Sétanta ar an mbóthar arís agus an gcomhlacht amharclannaíochta Fíbín ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód
Tá Fíbín Teo., ceann de na cuideachtaí amharclannaíochta is forbartha agus uaillmhianach in Éirinn, ag ceiliúradh a deichiú lá breithe i mbliana agus iad ag tabhairt ‘Sétanta’ ar chamchuairt ar fud na tíre. Tar éis an ard mholadh a fuair sé an bhliain seo caite, beidh an seó ar siúl i sé ionad ar fud na tíre i mí Aibreán agus Bealtaine. Scríofa ag an drámadóir Gaeilge Paul Mercier agus léirithe ag Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir Fíbín, chuaigh sé ar an stáitse i dtosach i 2011 agus ba é an chéad dráma i nGaeilge a bhí ar stáitse in Amharclann na Mainistreach le 25 bliain.
Bunaithe in Indreabhán, i gConamara, Contae na Gaillimhe, tá 23 léiriúcháin déanta ag Fíbín do lucht féachana ollmhór. Tá os cionn 400,000 duine tar éis freastal ar dhrámaí Fíbín sa tír seo agus thar lear, an Albain, an Bhreatain Bheag, Sasana, an Bheilg, an Iorua, Ceanada agus an Afraic ina measc, le camchuairt le dhá seó chuig na Stáit Aontaithe beartaithe i mbliana.
“An aidhm a bhí againn ná dráma amháin láidir a dhéanamh deich mbliana ó shin, níor cheap muid riamh go mbeadh muid anseo inniu le 23 léiriúcháin nua agus an t-uafás camchuairteanna idirnáisiúnta déanta againn. Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh na scileanna is nua agus is fearr a snoí isteach inár léiriúcháin – is é nuálaíocht eochair an ghnó seo”, a dúirt Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir agus bainisteoir stiúrtha Fíbín Teo. “Tá muid fíor-bhródúil as SÉTANTA agus is bealach iontach é le ceiliúradh a dhéanamh ar bhreithlá deich mbliana Fíbín, rud nach mbeadh muid in ann a dhéanamh gan cabhair flaithiúil Deontas Chamchuairte An Comhairle Ealaíona”, a deir sé.
Is léiriúchán avant-garde de scéal ársa ó Mhiotaseolaíocht na hÉireann é Sétanta. Insíonn Sétanta scéal an bheirt ghaiscíoch faoi scáth Medb agus a ré uilechumhachtach. Baineann Fíbín úsáid as teicnicí shamhlaíocha; ina measc tá físigh tarraingteacha, pleascacha, ceol cumtha go speisialta ag Mel Mercier agus beagnach 50 masc lámh-dhéanta a dhéanann an t-aicsean níos réalaíoch. Tá an inseacht ar an scéil seo lán le cumhacht, saint, éad agus grá, rud a thabharfaidh an lucht féachana isteach i lár an t-aicsean.
“Ba é ceann de na h-aidhmeanna a bhí agam i gcónaí ná dráma bunaithe ar shean-mhiotas a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.” arsa scríobhneoir Paul Mercier. “ Tá an-mheas agam ar an obair a dhéanann Fíbín agus tá mé thar a bheith sásta leis an léiriú a rinne siad ar an dráma seo, sílim go dtugann sé casadh nua don sean scéil seo”, a deir sé.
Beidh Sétanta ar stáitse in amharclanna ar fud na tíre: Gaillimh, Leitir Ceanainn, Doire (mar chuid de chathair Chultúir 2013), Béal Feirste, An Daingean (mar chuid d’Fhéile na Bealtaine) agus Corcaigh ón 18ú Aibreáin go dtí an 10ú Bealtaine. Tuilleadh eolais ar www.fibin.com.
Sétanta Dátaí:
18 & 19 Aibreán 2013: An Taibhdhearc, Gallimh. Guth: 091 562 024 www.antaibhdhearc.com
22 & 23 Aibreán 2013: An Grianán, Litir Ceanainn. Guth: 074 912 0777 www.angrianan.com
25 & 26 Aibreán 2013: Cultúrlann Uí Chanáin, Doire. Guth: 028 71 264132 / www.culturlann-doire.ie
1 & 2 Bealtaine 2013: The Lyric Theatre, Béal Feirste. Guth: +44 28 9038 1081 www.lyrictheatre.co.uk
5 & 6 Bealtaine 2013: Halla na Feothanaí, Féile na Bealtaine, An Daingean. Guth: 087 799 4488 / www.feilenabealtaine.ie
9 & 10 Bealtaine 2013: The Granary, Corcaigh. Guth: 021 490 4275. www.granary.ie
Fad Reatha: 1ur 15 nóiméad (gan sos)
Ticéid: €12-15 (lascainí scoile ar fáil) ar fáil ó na hamharclanna.
NB: Tá ráta speisialta againn do dhaltaí don seó lae – €10 agus múinteoirí saor in aisce. Má tá grúpa níos mó ná 20, is féidir linn an praghas a ísliú arís.
Tuilleadh eolais:
Úna Ní Chárthaigh, Stillwater Communications
T: 01 6770630 M: 086 3375050 E: una@stillwater.ie
Darach Ó Tuairisg, Fíbín Teo
T: 091 593823 E: fíbín@eircom.net
Fíbín Teo:
Bunaíodh Fíbín teo i 2003 agus is comhlacht é le spalladh íota do siamsaíocht trí mheán na Gaeilge ó bhonn i gConamara, Contae na Gaillimhe. Chun é seo a bhaint amach, úsáideann Fíbín puipéid, maisc, scáileanna, fuaim ceol, agus sraith de theicnící ard-amhairc chun stíl a fhorbairt nach bhfacthas roimhe sin in amharclannaíocht na hóige, agus in Amharclannaíocht na Gaeilge go háirithe.
Tá 23 léiriúcháin curtha i láthair ag Fíbín go lucht féachana cruach thar 400,000 daoine.
Gradaim atá ag Fíbín ná 2005 A.I.B. Gradaim Amharclannaíochta Contae na Gaillimhe, Allianz Business to Arts Awards, Top 50 Irish Language Business Awards, Irish Times Theatre Awards agus le déanaí bhuaigh scríbhneoir ‘Sétanta’ Paul Mercier an Gradam Iontaobhas Stewart Parker.
Tá Fíbín ar cheann de chomlachtaí is beag go bhfuil taistil déanta ar fud na hEorpa, an Afraic agus i Meiriceá Thuaidh a chruthú go bhfuil stíl a gcuid oibre ar fáil do chách!
Paul Mercier:
Bunaitheoir agus stiúrthóir ealaíne an Passion Machine Theatre Company. Tá trí ghearrscannán scríofa agus stiúrtha aige do Brother Films, ‘Before I Sleep’, ‘Lipservice’ agus ‘Tubberware’. Iar-mhúinteoir Gaeilge é ag Greendale Community School i gCill Bharróg, stiúraigh sé an tsraithchlár teilifíse do dhéagóirí ‘Aifric’ do TG4. Tá ceithre dhráma scríofa aige d’Amharclann na Mainistreach ach is é ‘Sétanta’ a chéad dráma as Gaeilge scríofa aige d’Amharclann na Mainistreach
Na Laochra is Lú
Aibreán 16, 2013
Gearrliosta Ghradaim Leabhar na Bliana C.B.I.
Ainmníodh Na Laochra is Lú i measc na leabhar ar ghearrliosta 2013
Arsa na moltóirí ina thaobh: Fréamhaithe in Éirinn an mhiotais agus na finscéalaíochta, is scéal simplí, leithleach, spreagúil é seo a leanann beirt shíog agus iad ar thuras gaiscíochta chun cinntiú go mbeidh an lámh in uachtar an mhaith ar an olc.
Féach an bhileog eolais /clúdach agus grianghraf den údar atá ceangailte leis seo.
Leabhar eachtraíochta do pháistí 9 mbliana+ ina gcasaimid ar an Taibhse Dána, Rí na Síog agus na síoga laochta Ruán agus Éadaoin. An mbeidh an lámh in uachtar ag díobháil an Thaibhse Dhána nó an gcuirfí cor ina cinniúint? Tugann sárléaráidí Steve Simpson an t-iomlán chun beochta.
Iascairí i mbaol, an Taibhse Dána ar ais i mbun díobhála. Cé a thiocfaidh i gcabhair orthu? Leagann Rí na Síog trí thasc scáfar ar Ruán agus Éadaoin. Má theipeann orthu in aon cheann acu beidh an tír uile faoi smacht an Taibhse arís. Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair ó roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
ISBN 978-1-85791-098-8
48 lch
€6.50
Deontas €63,000 le haghaidh Coláiste UISCE
Aibreán 16, 2013
Tá fógartha inniu go bhfuil deontas €63,000 ceadaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do Choláiste Uisce i gContae Mhaigh Eo.
Díreoidh an deontas ar an nGaeilge a neartú mar theanga phobail agus teanga teaghlaigh i mBéal an Mhuirthead trí thionscnaimh éagsúla a chur i mbun agus go háirithe leis an nGaeilge a shaibhriú i measc aos óg an cheantair.
Spreagfar déagóirí Gaeltachta agus scoláirí Ghaelcholáistí na tíre a bheith bainteach leis an gColáiste samhraidh trí chúrsa a reáchtálfar le scileanna ceannaireachta na rannpháirtithe a fhorbairt a dhéanfaidh freastal ar dhaltaí an choláiste samhraidh.
Agus é ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley T.D., “Nuair a sheol mé an Clár Tacaíochta Teaghlaigh i mí Aibreáin 2012 bhí se luaite ann go mbeimis mar Roinn ag díriú go sonrach ar bhearta faoi leith a chur sa siúl a bheadh dírithe ar aos óg na Gaeltachta ach go háirithe.”
“Le maoiniú an chúrsa faoi leith seo cuirfear an deis ar fáil do dhéagóirí na Gaeltachta le hardchaighdeán Gaeilge, freastal a dhéanamh ar chúrsa a threiseoidh na scileanna ceannaireachta atá acu le go mbeidh siad in ann tionchar a imirt ar iompar teanga na ndaoine timpeall orthu.”
Dúirt sé chomh maith gur léiriú eile an t-allúntas ar thiomantas an Rialtais do chur i bhfeidhm praiticiúil na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus do thiomantas a Roinne féin cuidiú le neartú na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantar Iorrais.
Foilsithe ar Gaelport.com
RnaG ag ceiliúradh Sheachtain na nÓg
Aibreán 16, 2013
Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag déanamh ceiliúradh ar an aos óg mar chuid de sheachtain na n-óg in RTÉ.
An tseachtain ar fad ar Iris Aniar 9.08 r.n., beidh sraith míreanna le cloisteáil le daoine óga atá ina gcónaí san iarthar. Déanfar plé oscailte ar na ceisteanna a leanas: Céard iad na rudaí a thaitníonn leo faoi bheith ina gcónaí i gceantar Gaeltachta faoin tuath? Céard iad na dúshláin? Bhfuil seirbhísí don óige ar fáil? Bhfuil cothrom na féinne á fháil acu?
Beidh aos óg Ghaeltacht na Mumhan le cloisteáil ar Dé Céadaoin beag seo, 17 Aibreán ar chlár An Saol ó Dheas ag 12.08i.n. Rachaidh Helen Ní Shé ar chuairt go Pobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean le craoladh beo a dhéanamh. Cuirfear ógánaigh na dúiche faoi agallamh agus cloisfear a dtuairimí faoi thopaicí éagsúla. Beidh pacáistí le cloisteáil le linn an chláir freisin ó Mheánscoil San Nioclás i nGaeltacht na Rinne, agus ó Choláiste Ghobnatan i nGaeltacht Chorcaí.
Fógrófar na buaiteoirí Chomórtas Bruíon na mBuíon ar chlár Rónán Beo@ 3 ag 3i.n. Dé hAoine 19 Aibreán. Comórtas do dhaltaí meánscoile a bhí i gceist inar tugadh dúshlán na mac léinn amhrán nua-aimseartha Gaeilge a chumadh agus a chóiriú. Cloisfear an t-amhrán buaiteach den chéad uair ar an gclár.
Dé Sathairn ar Thall ‘s Abhus ag 10 r.n. labhróidh an láithreoir Sinéad Ní Uallacháin le leanaí bunscoile faoina gcuid tuairimí maidir leis an bpictiúr American Gothic le Grant Wood sa mhír rialta ealaíne ar an gclár.
Dé Domhnaigh, beidh aoi láithreoir óg i dteannta Neansaí Ní Choisdealbha ar Bhéal Maidine 8am – 10 am. Reáchtáil Neansaí comórtas ar an gclár le deis a thabhairt do dhuine óg le suim sa cheol an clár a chur i láthair in éindí léi.
Foilsithe ar Gaelport.com
Folúntais Mhúinteoireachta i nGaelcholáiste Luimnigh
Aibreán 16, 2013
2013/2014 Cuireann Coiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh fáilte roimh múinteoirí do na poist mhúinteoireachta seo a leanas, a d’fhéadfadh a theacht chun cinn mar phoist BLA (Bhuana Lánaimseartha), SLA (Shealadacha Lánaimseartha), PA (Pháirtaimseartha) don bhliain acadúil 2013/2014.
- GCL 13001 Eacnamaíocht Bhaile (Post Nua)
- GCL 13002 Mata (Post Nua)
- GCL 13003 Stair le Gaeilge (Post Nua)
- GCL 13004 Corp-Oideachas (Post Nua)
- GCL 13005 Spáinnis (Post Nua)
- GCL 13006 Fraincis (Saoire Mháithreachais – Meán Fómhair 2013 – Bealtaine 2014)
Is í an Ghaeilge príomh theanga Ghaelcholáiste Luimnigh. Múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge agus reáchtáiltear gnó iomlán an Ghaelcholáiste tríd an teanga sin. Mar sin, ní mór d’iarrthóirí a bheith lán mhuiníneach agus díograiseach sa Ghaeilge. Ní mór d’iarrthóirí an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile (TGMI) a bheith acu. Caithfidh iarrthóirí sár chumas sa TFC (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide) a bheith acu chomh maith. Is féidir le h-iarrthóirí sonraí ar fad a ghabhann leis na folúntais seo a fháil ó shuíomh gréasáin de Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh – www.clvec.ie.
“Is í an Ghaeilge teanga ár Sinsear”