Méid an Téacs

Seoladh leabhar “Beartas Úr na nGael” faoi thodhchaí na teanga

Aibreán 27, 2016

Beartas

FÍSEÁN: Scannán ‘LEGO’ a insíonn scéal 1916 i nGaeilge curtha ar fáil

Aibreán 27, 2016

http://tuairisc.ie/fisean-scannan-lego-a-insionn-sceal-1916-i-ngaeilge-curtha-ar-fail/

Folúntas: Naíonra Céimeanna Beaga, Inis

Aibreán 25, 2016

Stiúrthóir Naíonra ag teastáil ó Naíonra Céimeanna Beaga, Inis:
Ón 26ú lá Lúnasa 2016 ar aghaidh.
Cáilíochtaí: ‘B.Ed’ nó céim 8 i gcúram leanaí
& oideachas na luathbhlianta.
Líofacht sa Ghaeilge riachtanach.
Litir iarratais, C.V. agus litreacha molta chuig:
naionragmc@gmail.com

Fógra

Folúntas: An Naíonra, Kidorama, Teach Sagard

Aibreán 25, 2016

Sainchuntas Poist:
Tá Kidorama, ag lorg duine le Gaeilge le dul i mbun oibre sa Naíonra agus i seomraí eile inár naíolann gnóthach.

Cáilíochtaí inmholta:
• FETAC leibhéal 6 ar a laghad, bheadh na leibhéil níos airde mar bhuntáiste
• Ar a laghad dhá bhliain de thaithí i naíolann.
• Líofacht sa Ghaeilge, sa scríobh agus sa chaint (leibhéal B1 TEG mar bhuntáiste, nó sásta tabhairt faoi chúrsa traenála chun é a bhaint amach.)
• Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
• Oiliúnt gharchabhrach agus Láimhsiú Sábháilte mar bhuntáiste

Seol CV agus litir clúdaigh tapaigh chuig info@kidorma le hiarratas a dhéanamh ar an bpost

N.B. Caithfidh go mbeadh Gaeilge ag an iarrthóir.

Suíomh: Kidorama, Teach Sagard, Baile Átha Cliath
Pá: Le plé san agallamh
Téarmaí: Buan / Lán-aimseartha

Glaoigh ar Evelyn ar 01-4013040 le tuilleadh eolais a fháil

‘Athchóiriú iomlán’ le déanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta roimh dheireadh na bliana

Aibreán 25, 2016

Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh “athchóiriú iomlán” déanta acu ar struchtúr bainistíochta na heagraíochta roimh dheireadh na bliana seo.

Rinneadh athbhreithniú neamhspleách ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta le linn na bliana 2015.

Ba í Roinn na Gaeltachta a d’fhostaigh an comhlacht Public Affairs Ireland le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr bainistíochta Údarás na Gaeltachta.

Deirtear sa tuarascáil neamhfhoilsithe gur cheart straitéis a fhorbairt don Údarás a chinnteodh go mbeadh an fhoireann ag cur le chéile mar is ceart agus go mbainfí leas as na buanna is mó atá ag baill foirne.

Moltar sa tuarascáil struchtúr nua a thabhairt isteach a bheadh ag cur leis na dualgais is mó atá ar an eagraíocht sna réimsí ‘Fiontraíocht agus Fostaíocht’, ‘Pleanáil Teanga agus Forbairt Pobail’, agus ‘Rialachas Corparáideach’.

Luaitear i dtéarmaí tagartha na tuarascála na scileanna agus an taithí is gá a bheith ag baill foirne le go bhféadfadh an tÚdarás a cuid cuspóirí a bhaint amach. Moltar iontu chomh maith go mbeadh cur síos beacht, cruinn ar phostanna sinsearacha agus iad á bhfógairt i dtreo is gur féidir iarratasóirí a mheas mar is ceart agus na daoine is fearr a fháil amach anseo.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios i bhfreagra ar cheist Dála go raibh cur i bhfeidhm mholtaí an athbhreithnithe pléite anois ag an Roinn agus an tÚdarás.

“Sa chomhthéacs sin, tuigim ón Údarás go bhfuil tús curtha acu le déanaí le cur i bhfeidhm na moltaí sin agus go bhfuil sé mar sprioc acu go mbeidh moltaí na tuarascála curtha i bhfeidhm go hiomlán roimh dheireadh na bliana seo. Ar ndóigh, tuigfidh an Teachta go bhfuil an príomhchúram maidir leis an bpróiseas seo ar Phríomhfheidhmeannach agus ar Bhord an Údaráis,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus é ag freagairt ceist Dála a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív air.

www.tuairisc.ie

Líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge méadaithe ó 7,000 in 2004 go dtí 19,000 in 2014

Aibreán 25, 2016

Mhéadaigh líon na ndaltaí meánscoile a fuair díolúine ón nGaeilge ó 20,000 in 2004 go dtí 32,000 in 2014.

7,000 dalta meánscoile a fuair díolúine ón nGaeilge in 2004 mar go raibh míchumas foghlama orthu, agus 19,000 duine a fuair a leithéid de dhíolúine in 2014.

De réir taighde nua a rinne an ESRI agus a bhfuil tuairisc faoi ar an Irish Times ar maidin, measann daltaí meánscoile gurb í an Ghaeilge an t-ábhar ‘is deacra’ acu.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise anuraidh, rinne 62% de na daltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge le trí bliana anuas staidéar ar theanga eile seachas an Béarla

Le trí bliana anuas fuair 6,111 dalta Ardteiste díolúine ón nGaeilge agus rinne 3,791 duine acu sin staidéar ar theanga nó ar theangacha eile nach Béarla iad, ina measc an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus eile.

Anuas air sin, tháinig méadú beagnach 5% ar líon na ndaltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge idir 2011 agus 2014. 1,997 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2011/12 agus 2,088 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2013/14.

Tháinig méadú freisin ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ach a rinne staidéar ar theanga eile – ó 1,237 sa bhliain 2011/12 go 1,272 sa bhliain 2013/14.

Tosaíodh ag caint ar athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge sa Roinn Oideachais ag deireadh na nóchaidí, breis agus cúig bliana dhéag ó shin.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) in 2014 ar dhoiciméid a bhaineann leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisíocht ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon chomhfhreagras, plépháipéir, meamraim, miontuairiscí ná cáipéisíocht eile faoi cheist díolúine na Gaeilge ina seilbh.

Dúradh nárbh ann do dhoiciméid ar bith a measadh a bheith bainteach leis an scéal.

www.tuairisc.ie

(English) Gaelscoil Moshíológ reach finals of Waltons National Music Competition

Aibreán 25, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

(English) First Irish language alarm system is launched

Aibreán 25, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Gan aon chinneadh fós faoi fhoilsiú ná feidhmiú na moltaí oideachais Gaeltachta

Aibreán 22, 2016

Níl cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais faoi cén uair a fhoilseofar an polasaí nua don oideachas Gaeltachta agus níl aon chinneadh déanta maidir cén uair a gcuirfear an polasaí nua i bhfeidhm.
Bhíothas ag súil anuraidh, nuair a foilsíodh na moltaí don pholasaí nua, go gcuirfí i bhfeidhm é ag tús na scoilbhliana 2016 – i gceann ceithre mhí.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga an mhí seo caite, áfach, nach raibh mórán dóchais aici go bhfoilseofaí an polasaí nua roimh theacht na scoilbhliana nua, gan caint ar é a chur i bhfeidhm.

Thug urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil bailchríoch curtha fós ar an bpolasaí agus nach bhfuil dáta a fhoilsithe socraithe go fóill.

“Táthar faoi láthair ag tabhairt an pholasaí oideachais Gaeltachta chun críche agus áireofar ann plean chur chun feidhme. Níl cinneadh déanta maidir leis an dáta ar a gcuirfear tús leis an gcur i bhfeidhm,” a dúirt an t-urlabhraí.

D’fhoilsigh an tAire Jan O’Sullivan na moltaí i mí na Bealtaine seo caite. Thug na dréachtmholtaí aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh leis an bpolasaí nua.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar ann freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc i mBéarla tosú ag teagasc trí Ghaeilge.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar ann freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc i mBéarla tosú ag teagasc trí Ghaeilge.

Baineann ceann de na moltaí is conspóidí a dhéantar sa dréachtpholasaí leis an éileamh ar theagasc i mBéarla sa Ghaeltacht.
Sa chás go mbeadh “mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagasc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí” moltar sa dréachtpholasaí gur cheart féachaint ar scoileanna ‘Béarla’ a sholáthar má bhíonn an t-éileamh ar a leithéid “sách mór”.

Tugadh le fios ag díospóireacht oscailte a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair i gceannáras na Roinne Oideachais go gcuirfí bailchríoch ar an bpolasaí nua Gaeltachta roimh dheireadh na bliana 2015 agus go bhfoilseofaí é go luath in 2016.

Dheimhnigh an Roinn Oideachais arís i mí Eanáir na bliana seo go raibh sé i gceist an polasaí nua a fhoilsiú “go luath in 2016”.

Bhí Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach COGG, “an-dóchasach” an uair sin go bhfoilseodh an Roinn an polasaí roimh an Olltoghchán ag deireadh mhí Feabhra, ach níl tásc ná tuairisc ar an bpolasaí ó shin.

Ba mhór an spéis a chuir an pobal sa pholasaí nua. Faoi mhí Iúil na bliana seo caite, dhá mhí i ndiaidh fhoilsiú na moltaí, bhí os cionn leathmhíle aighneacht faighte ag an Roinn Oideachais ó scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí agus eagraíochtaí teanga agus pobail.

Tugadh suntas ar leith do na moltaí mar gurb é an chéad uair ó bunaíodh an stát ar thug an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil do na riachtanais ar leith a bhíonn ag daltaí ar cainteoirí dúchais iad. Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh pháistí, múinteoirí agus scoileanna sa Ghaeltacht.

 

www.tuairisc.ie

70 ‘gnó le Gaeilge’ cláraithe cheana féin le ‘Eolaire’ an Chonartha a sheolfar i mí an Mheithimh

Aibreán 20, 2016

Beidh Eolaire Chonradh na Gaeilge beo ar líne ó mhí Mheithimh na bliana seo ar aghaidh. Dheimhnigh an Conradh an méid sin ar Twitter inné agus iad ag iarraidh ar chomhlachtaí a bhaineann úsáid as an nGaeilge clárú leis an tseirbhís nua.

Go dtí seo, tá tuairim is 70 duine nó comhlacht cláraithe leis an Eolaire, ina mbeidh eolas faoi chomhlachtaí atá sásta agus in ann seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil dá gcuid custaiméirí. Is dlíodóirí iad tuairim is 30 de na daoine sin.

Dúirt Ian Mac Gabhann, Oifigeach Iontrála Sonraí Chonradh na Gaeilge, go bhfuil “bunchloch” curtha leis an mbunachar nua agus go bhfuil an Conradh ag súil go mbeidh sé ina “phríomháis teagmhála” ag lucht labhartha na Gaeilge.

“Tá muid ag díriú isteach anois ar an Eolaire agus é le seoladh i mí an Mheithimh. Bhí muid an-ghnóthach le Seachtain na Gaeilge agus Comóradh 1916, mar sin bhí an obair cineál mall ar feadh cúpla seachtain.

“Tá 70 comhlacht cláraithe anois leis agus tá an líon sin ag dul i méid gach lá. Tá muid ag dul i dteagmháil le comhlachtaí ceann ar cheann agus ag scagadh na n-eolairí atá ann cheana féin, ach tá cuid mhaith acu as dáta faoin am seo,” a dúirt Mac Gabhann.

Beifear in ann seirbhísí a lorg ar an eolaire trí eochairfhocal a chur isteach, cuardach de réir earnála, nó cuardach de réir contae a dhéanamh.

Taispeánfar na comhlachtaí atá in ann seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, an cineál seirbhíse a chuirtear ar fáil, agus ainm an duine nó na ndaoine atá fostaithe ag an gcomhlacht a bhfuil Gaeilge acu. Taispeánfar uaireanta oscailte agus seoladh na ngcomhlachtaí freisin. Dúirt Mac Gabhann go mbeidh ‘cuardach casta’ ar fáil “a bheidh thar a bheith sainiúil”.

Beidh teacht ar an Eolaire ar líne agus ar aip PEIG.ie.

« Previous PageNext Page »