Rannpháirtithe ag teastáil do shuirbhé ar leanaí ar an idirlíon
Márta 12, 2013
Tá Síle Uí Ghacháin i mbun taighde ar ghníomhaíochtaí leanaí ar Láithreáin Líonraí Shóisialta (ar nós Facebook agus Bebo) mar chuid do thráchtas atá ar siúl aici trí Ghaeilge i bhFiontar i nDCU. Sa staidéar seo tá sí ag iarraidh cruthú go bhfuil gá le treoir agus oideachas do leanaí bunscoile ar chúrsaí sábháilteachta agus príobháideachais ar an idirlíon. Tá rannpháirtithe uaithi ó rang a sé i scoileanna lán-Ghaeilge. Ba mhaith lei suirbhé / ceistneoir simplí a chuir amach chuig daltaí rang a sé agus an múinteoir ranga atá acu. Más suim leat go mbeidh do scoil rannpháirteach sa taighde fiúntach seo, is féidir teagmháil a dhéanamh le Síle ar ríomhphost (sile.ui.ghachain@gmail.com) le tuilleadh eolais a fháil.
Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta
Márta 12, 2013
Reáchtálfar Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta ar an Aoine, 15 Márta 2013 i gColáiste Feirste i mBéal Feirste.
Tá an saghas seo do chomhdháil bhliantúil á heagrú ag Comhairle na Gaelscolaíochta, an grúpa comhairleach ar son na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann, le dhá bhliain déag anois.
Is ceann de na comhdhálacha is mó den chineál seo ar oileán na hÉireann í, a mheallfaidh toscairí as Gaelscoileanna ó thuaidh agus ó dheas agus as cuid mhór eagraíochtaí Gaeilge eile, idir chultúrtha agus oideachasúla.
Gabháil na Gairmiúlachta téama na bliana seo agus beidh réimse leathan cainteoirí agus ceardlann acu ar ghnéithe éagsúla ábhartha, go háirithe ó earnáil na Gaelscolaíochta í féin.
Arís i mbliana beidh réimse leathan ceardlann phraiticiúil ar siúl, beidh siad curtha i láthair ag daoine éagsúla, múinteoirí agus saineolaithe eile. ina measc. I rith an lae déanfar plé ar ábhair éagsúla idir fhorbairt teanga is dátheangachas sa Ghaeloideachas.
Déanfaidh an Dr Micheál Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta comhdháil na bliana seo a oscailt go hoifigiúil agus ansin leanfar le cur i láthair agus cainteanna éagsúla i rith an lae.
I measc na n-aoichainteoirí beidh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn agus beidh seisean ag cur síos ar ‘Bhliain na Gaeilge’ agus déanfaidh Príomhoide Choláiste Feirste Micheál Mac Giolla Gunna cur síos ar Choláiste Feirste.
I measc na ndaoine eile a bheidh ag caint, beidh An Dr Máire Ní Ríordáin ó Ollscoil na Gaillimhe ag caint ar fheabhsú na matamaitice sa Ghaelscolaíocht, beidh Pavel Iosad agus an tOllamh Alison Henry, School of Communications, Ollscoil Uladh ag caint ar na buntáistí a bhaineann le dátheangachas sa Ghaeloideachas agus déanfaidh Eibhlín Mhic Aoidh ó Choláiste Mhuire cur síos ar an taighde úr atá déanta aici ar an mheasúnú sa seomra ranga.
Anuas air seo beidh dhá sheisiún ar leith ann do ghobharnóirí Gaelscoile agus cúrsa lae teanga do chúntóirí ranga na hearnála i gcomhar le Coláiste Ollscoile Naomh Muire.
Beidh An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna, i bPoblacht na hÉireann ag glacadh páirt in imeachtaí an lae chomh maith agus beidh ionchur ó iondaithe CCEA, An tÁisaond Lán-Ghaeilge, An Múinteoir Comhairleach ar an Litearthacht, BOLI agus ó thionscadail úra Chomhairle na Gaelscolaíochta-cúrsaí óige agus an tionscadal trasphobail ‘Le Chéile Trí Chultúr’.
Mar aon le cainteanna beidh ceardlann ar áiseanna nua drámaí, scéalta traidisiúnta, leabhair mhóra le ceol agus áiseanna eile ar líne le deis ag múinteoirí páirt a ghlacadh i gceardlann le Jacqueline De Brún, Comhairleoir Oideachais, An tÁisaonad Lán-Ghaeilge agus beidh ceardlann dar teideal Ag Spreagadh na Scríbhneoireachta Cruthaithí sa Seomra Ranga le Fionnuala Uí Mhealláin, Scoil an tSleibhe Dhuibh.
Ní foláir do mhúinteoirí a bheith cláraithe roimh ré chun freastal ar an gComhdháil seo.
Tuilleadh eolais: Tarlach Mac Giolla Bhríde, Comhordaitheoir na Comhdhála
T: + 0044 (0) 28 90 321475 / R: tmacgiollabhride@comhairle.org.
Cláir Oideachais le craoladh ar TG4
Márta 12, 2013
Craolfar dhá chlár oideachais do dhaoine óga atá léirithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge ar TG4 aimsir na Cásca.
Tabharfar treoir do dhaltaí Ardteiste a bheidh ag tabhairt faoin bhéaltriail sna seachtainí atá amach romhainn sa chlár ‘Cuireadh Chun Cainte’. Craolfar é Dé Luain 25 Márta ag 11rn.
Sa chlár cuirfidh an t-aisteoir Marcus Lamb comhairle a leasa ar dhaltaí scoile atá ag ullmhú do bhéaltriail úr na hArdteistiméireachta sa chlár teilifíse ‘Cuireadh Chun Cainte’ atá le craoladh ar TG4 25 Aibreán ag 11am.
Ón bhliain 2012, tá 40% de mharcanna sa scrúdú Ardteiste ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus tá na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh thart ar 15 nóiméad.
Mar sin tá sé tráthúil go bhfuil comhairle ó shaineolaithe oideachais curtha i dtoll a chéile don chlár a tabharfaidh leideanna do dhaltaí agus a chuirfidh ar a suaimhneas iad sula dtabharfaidh siad faoin bhéaltriail.
Gairmthreoir as Gaeilge
Dé Máirt 26 Márta ag 11 rn craolfar an clár ‘Céim Chun Tosaigh: Ag Obair le Gaeilge”. Is clár gairmthreorach spraíúil é Céim Chun Tosaigh: ag obair le Gaeilge atá curtha i dtoll a chéile ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge do dhaltaí atá sa tsraith shinsearach ag an dara leibhéal ar fud na tíre.
Curtha i láthair ag Ciarán Ó Conghaile agus Sibéal Davitt, cloisimid scéalta ó aisteoir, ealaíontóir, preas-oifigeach san airm, múinteoir ríomhaireachta, dlí-theangeolaí, ateangaire, tuairisceoir nuachta, múinteoir Gaeilge thar lear, stiúrthóir naíonra, agus múinteoir surfála ar chuidigh teangacha agus an Ghaeilge go mór leo spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach ó thaobh gairme de.
Tá i gceist ag Céim Chun Tosaigh: Ag Obair le Gaeilge eolas a chur ar fáil maidir le cúrsaí tríú leibhéil, deiseanna oiliúna agus na deiseanna éagsúla a bheidh ar fáil do scoláirí tar éis na scrúduithe Ardteiste agus A leibhéil.
Tugtar léargas ar staid reatha na fostaíochta i réimsí oibre éagsúla agus is cosúil gur éirigh le roinnt de na rannpháirtithe poist dhúshlánacha le Gaeilge a bhaint amach i bhfad i gcéin ó Nua-Eabhrac go dtí an Bhruiséil.
Leis sin, tugtar léargas ar na scileanna inaistrithe a bhíonn ag scoláirí a bhfuil cúpla teanga ar a dtoil acu agus na réimsí oibre éagsúla atá oscailte dóibh
Is le cúnamh maoinithe ó Fhoras na Gaeilge, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, agus ó Líonraí Profisiúnta Múinteoirí a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge na háiseanna teagaisc seo ar fáil.
Foilsithe ar Gaelport.com
€1.56m don phleanáil teanga
Márta 12, 2013
Tá fógartha ag Údarás na Gaeltachta go soláthrófar €1.56m mar mhaoiniú ar thionscnaimh éagsúla pleanála teanga sna míonna romhainn.
Tionóladh cruinniú boird de chuid an Údaráis an tseachtain seo caite sna Forbacha áit ar beartaíodh an maoiniú a dháileadh ar cheithre eagraíochtaí éagsúla a bhfuil tionscnaimh shuntasacha pleanála teanga ar bun acu.
Beidh an deontas mar chómhaoiniú agus mar chúnamh ó thaobh chur i bhfeidhm chláir oibre agus chláir imeachtaí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, Muintearas Teo, Ealaín na Gaeltachta agus Óige na Gaeltachta Teo.
Ceadaíodh €580,000 do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Tá 62 seisiún naíonra faoi scáth na heagraíochta ag cur seirbhíse ar fáil do thart ar 850 páiste chomh maith le seirbhísí eile ar nós seirbhísí naíolainne agus iarscoile, club bricfeasta agus seisiúin do thuismitheoirí, ag freastal ar 450 páiste san iomlán.
Ceadaíodh €400,000 do Mhuintearas Teo. ag a bhfuil sé mar chuspóir seirbhísí ar leith maidir le cúrsaí oideachais, teanga agus forbairt phearsanta a chur i ngníomh agus go háirithe tograí atá dírithe ar sheirbhísí luathoideachais, obair óige, seirbhísí oiliúna, seirbhísí forbartha teanga, seirbhísí pobail agus áitiúla.
Ceadaíodh €335,000 d’Ealaíon na Gaeltachta mar chómhaoiniú ar chur i bhfeidhm chlár gníomhaíochtaí agus scéimeanna forbartha ealaíon na heagraíochta.
Ceadaíodh €250,000 d’Óige na Gaeltachta Teo. mar chúnamh i leith chur i bhfeidhm chlár imeachtaí na heagraíochta. Cuireann Óige na Gaeltachta Teo. seirbhís óige trí Ghaeilge ar fáil do dhaoine óga idir seacht mbliana agus ocht mbliana déag ar fud na Gaeltachta. Tá 45 club óige ar a mbíonn 1,600 ball ag freastal á riar ag an eagraíocht chomh maith le ceithre ionad buail isteach ag freastal ar 200 duine óg.
Foilsithe ar Gaelport.com
Airgead le buachaint do scoileanna agus daoine óga a chuireann an taobh dearfach den idirlíon chun cinn!
Márta 11, 2013
Tá an comórtas “What’s Your Story” seolta don dara bliain agus ba mhaith leo go dtógfaidh do scoil páirt! Creideann muid gurb iad daoine óga cuid den réiteach ar conas domhan ar líne don pobal a chur chun cinn atá sábháilte agus freagrach. Is ceacht praiticiúil é an comórtas seo feasacht a ardú sa scoil faoi conas a bheith sábháilte agus freagrach ar líne.
Tugann “What’s Your Story” guth do dhaoine óga a chuireann iad ag smaoineamh go dearfach ar an idirlíon agus conas a úsáideann muid uilig é.
Séard atá le déanamh ná póstaer nó físeán 2 noiméad a chruthú don téama “Cén chuma atá ar an dtaobh dearfach den idirlíon?” Tá cead seo a dhéanamh as Gaeilge chomh maith. Nuair atá sé curtha isteach ar líne, beidh an pobal in ann breathnú air agus siad na hiontrálacha leis an méid is mó amhairc agus rátála a gheobhaidh gearrliostaithe do na moltóirí. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ar na daoine óga an focal a scaipeadh chun go mbreathnóidh daoine ar a gcuid iontrálacha.
Is féidir le héinne ó aois 8 ar aghaidh cur isteach air. Is gníomhaíocht oideachasúil é chomh maith don teaghlach uilig áit ar féidir leo breathnú ar iontrálacha le chéile.
D’fhéadfadh duine nó scoil a bheith mar an buaiteoir de bharr físeán nó póstaer agus gheobhfar €3,000. Laistigh de gach aoisghrúpa, beidh €500 tugtha don póstaer nó físeán a bhuann. (beidh cead tuismitheora/caomhnóra de dhíth ó iontrálaithe faoi 18).
Tá bileoga eolais agus rialacha ar fáil ar www.trendmicro.ie/whatsyourstory. Má tá ceist ar bith, déan teagmháil le whatsyourstory@trendmicro.ie.
Comórtas BEO!
Márta 11, 2013
Comórtas BEO ar ais arís bliain eile. Fís nó aisling a bhí ag sean ‘fan’ do chuid Howard Jones a chaith blianta fan SFX agus a mhacasamhail ag éisteacht le amhráin cosúil le ‘Like to get to know you well’, ‘New Song’ agus ‘Pearl in the Shell’ atá anois ag tabhairt seans do bhannaí óga cosúil lena ‘Jamaican Vampires’ agus na ‘Wonder Villains’ a gcuid amhráin nua aimseartha bríomhar a chuir os comhair an chéad ghlún eile de éisteoirí ceoil na tíre. Tá neamart a dhéanamh ar cheantar an Iarthuaisceart le blianta anuas ó thaobh ceolchoirmeacha ceoil de. Tá ar dhaoine óga an aistear fhada go Béal Feirste nó go Baile Átha Cliath a dhéanamh le freastal a dhéanamh ar choirmeacha ceoil . Anois tá an seans ag déagóirí óga Dhún na nGall na bannaí úra is fearr sa tír a fheiceáil ar leac an dorais.
Bhí an chéad chomórtas de BEO ar siúl an bhliain seo caite agus bhí rath ar dóigh ar an gcomórtas. Bunaíodh BEO i Leitirceanainn i 2009, áit ar tháinig daltaí ón idirbhliain i gColáiste Áiligh, Coláiste Naomh Adhamhnáin agus An Chlochar le chéile faoi stiúir an Mháistir Mac Ceallabhuí le tús a chuir leis an tionscadal. Seans ar dóigh atá i BEO le taithí a thabhairt don aos óg a gcuid ceolchoirmeacha féin a eagrú ó thús go deireadh. Tháinig toradh ar a gcuid oibre an bhliain seo caite nuair a seoladh Comórtas BEO 2012 san Ionad Cultúrtha i Leitirceanainn. Bhí ainmneacha mór le rá mar mholtóirí ar an gcomórtas, ina measc bhí Paddy McKenna as 2fm, Jackie Hayden as Hotpress, Cian Mac Carthaigh ó Raidió na Life agus na Dirty 9’s, Mary O Hagan ó Today FM agus Brian Fisher ón Nerve Centre i nDoire. D’éirigh le Gairmscoil Choláiste Bhaile An Droichid as Loch Garman an bua a bheith acu agus an duais iontach do €5,000 a bheith leo abhaile. I mbliana bhí an lainseáil de BEO i gCo. Loch Garman agus rinne slua mór as an Iarthuaisceart an turas fada go Baile an Droichid le bheith i láthair ag an lainseáil áit a raibh oíche ar dóigh ag achán nduine.
Cionnas an rath a bhí ar an gcomórtas an bhliain seo caite chuir scoileanna ó cheann ceann na tíre isteach ar an gcomórtas arís i mbliana. Faraor níl áit sa chomórtas deiridh do achán duine agus seo a leanas an sé scoil ar éirigh leo áit a bhaint amach sa chomórtas deiridh i mbliana. Pobalscoil na Rosann, Coláiste na Carraige agus Coláiste Naomh Columba, uilig as Dún na nGall, Scoil Phól agus Coláiste na Trocaire as Luimneach agus Scoil na mBráithre Críostaí as Baile Átha Cliath. Tá muid ag súil go mór leis an oíche chinniúnach ar an 15ú Márta san Ionad Cultúrtha i Leitirceanainn. Tá an t-ádh orainn go mbeidh Paddy McKenna agus Jackie Hayden ar ais arís linn i mbliana agus taispeánann seo an meas a bhí ag an bheirt mhóra le rá seo ar a bhfaca siad anuraidh. Tá buíochas mór tuilte ag achán duine atá páirteach sa tionscadal seo agus tá súil againn go rachaidh sé ó neart go neart. Tá buíochas mór le tabhairt do Comhairle Contae Dhún na nGall a bhí iontach flaithiúil agus a chuir a lámh ina bpóca le déanamh cinnte go dtarlódh BEO anuraidh agus i mbliana arís. Tá todhchaí an cheoil i lámha maithe san am i láthair agus b’fhéidir go bhfeicfidh muid Howard Jones é féin ar an ardán i Leitirceanainn amach anseo. ‘Don’t crack up, bend your brains, see both sides, throw off your mental chains ooh ooh ooh’.
Vaimpír san Áiléar – leabhar nua
Márta 8, 2013
Tá cónaí ar Marius, an vaimpír, in áiléar Ailfí. Gabhann sé timpeall an tí mar is toil leis agus tógann a bhfuil uaidh ón gcófra bia. Níl saol na vaimpíre saor ó thrioblóid nuair a thagann tinneas fiacaile air. Cuirtear leis na deacrachtaí nuair a théann Ailfí chun an stiúideo teilifíse leis na tiripíní. Tá an fhoireann ag iarraidh físeán a dhéanamh de Marius ach an féidir físeán a dhéanamh de Vaimpír?
Do dhaoine óga fásta (10-13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois! Seo an dara leabhar sa tsraith seo. Foilsíodh an chéad leabhar, Ailfí agus an Vaimpír i 2012.
Marius, the vampire, lives in Ailfí’s attic. He goes around the house as he pleases and takes what food he wants from the cupboards. But the vampires life is not free from trouble when he gets a toothache. His problems are worsened when he goes into a television studio with his terrapins. The team television crew are trying to record Marius, but can a vampire be captured on camera?
For young adults (10-13) and young adults of every age! This is the second book in this series. The first book, Ailfí agus an Vaimpír (Ailfí and the Vampire) was published in 2012.
Bhí an-ráchairt ar an gcnuasach gearrscéalta Canary Wharf le hOrna Ní Choileáin (Cois Life 2009). Tá bua na scéalaíochta go nádúrtha inti agus tá roinnt mhaith gradam liteartha bronnta uirthi. Is údar don aos óg freisin í. Is ábhar spéise di domhan na vaimpírí agus sa saothar seo is mian léi vaimpír an 21ú haois a chur os comhair páistí an lae inniu.
There was great demand for Orna Ní Choileáin’s short story collection, Canary Wharf (Cois Life 2009). She is a natural storyteller and has won numerous prizes for creative prose, poetry, drama and short stories. She is also a children’s writer. Órna has an interest in the world of Vampires and in this book she aims to introduce children to vampires of the 21st century.
Orduithe: www.coislife.ie nó, más siopa atá i gceist, tríd Áis ach glaoch a chur ar (01) 6616522 nó ríomhphost chuig ais@forasnagaeilge.ie.
Orders: www.coislife.ie or, in the case of shops, through Áis by phoning (01) 6616522 or e-mailing ais@forasnagaeilge.ie.
Breis eolais/Further information: Julianne Ní Chonchobhair julianne@milefailte.ie 087-1746189
Cad é atá speisialta faoi do mháthair féin?
Márta 8, 2013
Tá Lá na Máthaireacha ag teannadh linn an Domhnach beag seo.
Le linn cuairte ar Dhoire Colm Cille bhí an t-ádh ar Meon Eile bualadh le dáltaí ó rang a 7 i nGaelscoil na Daróige, Baile Mhic Rabhartaigh.
D’fhiafraigh muid an dóibh…
Cad é atá speisialta faoi do mháthair féin?
Físeán ar MeonEile.ie
Earnáil na Gaelscolaíochta ag teacht le chéile arís do Chomhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta 2013
Márta 8, 2013
Is mian le Comhairle na Gaelscolaíochta, an grúpa comhairleach ar son na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann, an dara Comhdháil déag dá cuid a fhógairt, a bheidh á reáchtáil i gColáiste Feirste, Béal Feirste, ar Aoine an 15ú Márta 2013.
Is ceann de na comhdhálacha is mó den chineál seo ar oileán na hÉireann í, a mheallfaidh toscairí as Gaelscoileanna ó thuaidh agus ó dheas agus as cuid mhór eagraíochtaí Gaeilge eile, idir chultúrtha agus oideachasúla.
Gabháil na Gairmiúlachta téama na bliana seo agus beidh réimse leathan cainteoirí agus céardlann acu ar ghnéithe éagsúla ábhartha ag ócáid na bliana seo, go háirithe ó earnáil na Gaelscolaíochta í féin.
Orthu siúd a bheidh ag caint, beidh An Dr Máire Ní Ríordáin ó Ollscoil na Gaillimhe ag caint ar fheabhsú na matamaitice sa Ghaelscolaíocht, beidh Pavel Iosad agus Professor Alison Henry, School of Communication, Ollscoil Uladh ag caint ar na buntáistí a bhaineann le dátheangachas sa Ghaeloideachas, beidh Eibhlín Mhic Aoidh ó Choláiste Mhuire ag caint ar an taighde úr atá déanta aici ar an mheasúnú sa seomra ranga.
Taobh leis so, beidh inchur ó iondaithe CCEA, An t-Áisaond Lán-Ghaeilge, An Múinteoir Comhairleach ar an Litearthacht, BOLI agus ó thionscadail úra Chomhairle na Gaelscolaíochta-cúrsaí óige agus an tionscadal trasphobail ‘Le Chéile Trí Chultúr’.
Lena chois seo, beidh dhá sheisiún ar leith ann do ghobharnóirí Gaelscoile agus cúrsa lae teanga do chuntóirí ranga na hearnála i gcomhar le Coláiste Ollscoile Naomh Muire.
Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh ár gcomhghleacaithe in An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna, i bPoblacht na hÉireann arís, a ghlacfaidh páirt in imeachtaí an lae chomh maith.
Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, An Dr Micheál Ó Duibh, go bhfuil sé, ‘… ag dúil go mór le lucht na hearnála a fheiceáil le chéile arís ag Comhdháil na bliana seo’, agus go bhfuil sé cinnte, ‘ … go mbainfear sult agus tairbhe as an chlár leathan, tarraingteach atá bearthaithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta i mbliana.’
Reáchtálfar an Chomhdháil ar Aoine an 15ú Márta i gColáiste Feirste, Páirc Radharc na bhFeá, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, idir 9.30rn agus 3.45in.
Tuilleadh Eolais/Further Information
An Dr Micheál Ó Duibh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta
Phone: 028 90 321475
Email: moduibh@comhairle.org
nó
Tarlach Mac Giolla Bhríde, Comhordaitheoir na Comhdhála
Phone: 028 90 321475
Email: tmacgiollabhride@comhairle.org
10,000 ag bailiú i gCeatharlach um Cháisc don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2013
Márta 8, 2013
Tá Ceatharlach ag ullmhú d’ionradh na gCeilteach i rith saoire na Cásca nuair a bhaileoidh suas le 10,000 duine ann don 42ú Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach agus ceann de mhór imeachtaí ‘Tóstal’ nab liana sa bhaile.
Is ócaid faoi leith í an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a mhaireann thar sé lá ó 2-7 Aibreán ag ceiliúradh chultúr Ceilteach na dtíortha atá rannpháirteach san fhéile idir Éire, An Bhreatain Bheag, Albain, An Bhriotáin, An Choirn agus Oileán Mhanainn
Tugann an féile idirnáisiúnta deis do na Ceiltigh teacht le chéile chun taitneamh a bhaint as comhluadar agus cuideachta a chéile . Ar chlár na féile bíonn imeachtaí agus fo-imeachtaí idir chomórtais agus ócáidí do cheoltóirí, amhránaithe,cumadóirí, rinceoirí, cóir, filí agus scéalaithe agus a lucht leanúna ó na naisiúin éagsúla.
Tá Bride de Róiste, duine de lucht eagraithe na féile, ag tnúth go mór le sé lá na féile agus dar léi tá sceitimíní ar an pobal áitiúil cheana féin agus an baile ag faire amach do bhailiú na gCeilteach cois Bearbha don dara bliain as a chéile.” Is bliain an-speisialta í seo agus tá sé de phribhléid againn óstáil a dhéanamh ar cheann de phríomh imeachtaí an ‘Tóstal’ i gCeatharlach
“Tá clár spleodrach eagraithe againn don fhéile agus i measc na mbuaicphointí beidh scéalaíocht agus malartú scéalta, ceolchoirmeacha, leabhair le seoladh, amhránaíocht traidisiúnta agus cóir chomh maith le comórtais píobaireachta agus drumadóireachta, cruit agus fidil agus rince idir-chilteach in iliomad ionaid ar fud an bhaile”
Ceann de mhórimeachtaí na féile ná an Comórtas Amhránaíochta Idirnáisiúnta ar an Déardaoin, 4 Aibreán. In iomaíocht beidh amhrán ag gach ceann de na sé thír, amhrán nua-chumtha agus i dteanga na tíre. Ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann beidh an t-amhránaí Seoirse Ó Dochartaigh as Tír Chonaill agus é ag casadh Le Do Thaobh cumtha ag Áine Durkin as Conamara. Is amhrán corraitheach, mothaitheach é a chum Áine in omós dá deirfiúr.
Beidh an baile go léir agus an pobal uile páirteach san fhéile le siamsaíocht ar na sráideanna chuile lá idir damhsa ceilteach, céilí faoin aer, comórtais buscála agus mórshiúl na féile. Agus beidh deis ag gach éinne rith, siúl ná jogáil an Míle Pan Cheilteach!
Déanfaidh 80 sár cheoltóirí traidisiúnta ó cheann ceann na tíre a slí go Ceatharlach chun ceol a sholáthar ag 40 seisiún in dosaen teach tábhairne ar fud an bhaile mar chuid de Trad Trail na féile. Beidh gach deis foghlamtha i rith an ama ann freisin agus idir ceardlanna i ngach uirlis thraidisiúnta chomh maith le ranganna sa rince Sean-Nós , Céilí agus Damhsa na mBriotánach. Cuirfear ranganna ins na teangacha ceilteacha ar siúl freisin le Gaidhlig na hAlban, Manannais, Coirneais agus Gaeilge ar an mbiachlár.
I measc na ngrúpaí a chuirfidh ceolchoirmeacha agus taispeántais ollmhór i láthair ag an bhFéile Pan Cheilteach i mbliana luaitear Banna na nGardaí, RTÉ Cór na nÓg & ASPIRO, Píobaírí an Bhanna Thursa ó Caithness na hAlban, Pervish, The Great Trad Train agus CCÉ ARDS chomh maith le comhléiriú na 3 Cheolfhoireann. Beidh na celebs Daithí Ó Sé agus Kathryn i láthair chun chomhsheoladh a dhéanamh ar leagain Gaeilge agus Béarla an leabhair Lucinda Sly. Tuairiscítear go mbeidh udár an leabhair Maidhc Dainín Ó Sé (athair Dhaithí) agus an t-aistritheoir Gabriel Fitzmaurice ann freisin chun sleachta a léamh go poiblí.
Déanfaidh tír éagsúil Club na Féile a óstáil ins an Ostán Seven Oaks gach oíche i rith na féile chun blas agus saibhreas a gcultúir féin a cheiliúradh agus a roinnt leis an bpobal. Is féile pobail agus féile teaghlaigh í an Fhéile Pan Cheilteach le clár lán d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí a choiméadfaidh idir óg agus fásta gnóthach agus sásta. Mairfidh an margadh faoin aer Blas Cheilteach Cheatharlach ar feadh dhá lá. É sin uile agus tuilleadh….is fiú dul suas go Ceatharlach do ‘Thóstal na gCeilteach’ an Cháisc seo.
Gach eolas ar www.panceltic.ie