An Ré Nua: Ar lorg an tálainn nua is fearr i gceol traidisiúnta/ceol tíre
Márta 7, 2013
Gríosaítear ceoltóirí óga lena bhféinbhranda de cheol traidisiúnta páirt a ghlacadh i dtionscnamh corraitheach nua i gcomhar le Comhaltas Dhoire agus Cultúrlann Uí Chanáin.
Is comórtas é An Ré Nua atá dírithe ar cheoltóirí óga nuálacha a ghríosadh le dul in iomaíocht lena chéile chun seans a fháil le tús a chur le gairm i gceol traidisiúnta agus ceol tíre.
Beidh deis ag bannaí cheoil, dísrigh agus amhránaithe taibhiú ag Fleadh Cheoil na hÉireann, ag roinnt ardán le taibheoirí clúiteacha cosúil le Flook, Beoga, Cara Dillon, Tim Edey & Brendan Power agus Dervish.
Dúirt Eibhlín Ní Dhochartaigh, Cathaoirleach Fleadh Cheoil na hÉireann agus Oifigeach Forbartha Ealaíon ag Cultúrlann Uí Chanáin: ‘Tá mé an-tógtha leis an tionscnamh nua seo. Seo an rud is fearr chun an chathair a ullmhú don ró-ualú ceoil a bheidh anseo i mí Lúnasa, ach chomh maith leis sin tugann sé ardán den scoth do cheoltóirí nua chun gairm sa cheoil a fhorbairt.’
Beidh an seans ag buaiteoirí na dtrí catagóir a gceol a thaifeadadh d’albam díolama nua darbh ainm An Ré Nua 2013, ag taispeáint ardchaighdeán an cheoil traidisiúnta/tíre chomhaimseartha ó cheoltóirí óga. Gheobhaidh siad maistirchóip dá gceol ar EP.
Dúirt Odhrán Ó Maoláin, comhordaitheoir an tionscadail gur deis iontach é seo: ‘Tá súile na hearnála cultúir ar Dhoire i mbliana, mar sin is í an áit is fearr don tionscadal seo. Gheobhaidh na hiomaitheoirí uasnochtadh ar an tionscal ceoil tíre chomh maith le suim na meán.’
Beidh ceol na mbuaiteoirí taifeadta go proifisiúnta agus seolfar an t-albam ag an chéad Fleadh Cheoil i nDoire. Beidh siad ar an chlár ag imeacht mór mar chuid de sceideal na Fleidhe. Chomh maith leis sin beidh seans acu taibhiú a dhéanamh ag Music City, imeacht eile i gclár Chathair an Chultúir.
Beidh na réamhbhabhtaí ag tarlú i gcomhthráth le clár ealaíon míosúil na Cultúrlainne do 2013, ag tabhairt deis do na hiomaitheoirí ardán a roinnt leis na ceoltóirí is fearr i gceol traidisiúnta. Beidh cuairteanna ó Lau a bhuaigh ‘Best Group’ ag Gradam Ceoil Tíre de chuid BBC Radio 2, agus ardmholadh faighte ag albam s’acu Race the Loser ó na léirmheastóirí agus a fuair léirmheas cúig réalt ón Guardian agus mír ar Later…with Jools Holland.
Beidh Goitse, Rura, Donal Lunny, Pádraig Rynne agus Sylvian Barou páirteach sa tionscadal seo agus beidh an chéad bhabhta ar siúl ar an 8ú Márta le ceolchoirm bheo le PJ Mc Donald, Bríd Harper, Gerdy Thompson agus maestro an bhodhráin John Joe Kelly.
Beidh 3 catagóir sa chomórtas: bannaí cheoil, dísrigh agus amhránaithe. Tá an comórtas oscailte do rannpháirtithe in Éireann agus sa Ríocht Aontaithe agus níl aon aoisteorainn. Moltar do na ceoltóirí nua gan cailleadh amach ar an tionscadal corraitheach nua seo a d’fheadfaí a bheith mar cheap foirfe lainseála do ghairm i gceol tíre na hÉireann. Caithfear na iontrálacha a bheith istigh faoin 1ú Márta 2013 agus is féidir clárú ar-líne ag fleadhcheoil.ie nó scairt a chur ar oifig na fleidhe ar +44(0)28 71 373 573.
Ceardlann Saor in Aisce do Scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus na Ceiltise, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Márta 7, 2013
Dáta: Dé Sathairn, 23 Márta 2013
Ionad: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún
Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine Ní Cholchúin ag an seoladh thíos ROIMH an 14 Márta 2013.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.
Tuilleadh eolais:
Áine Ní Cholchúin nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: aine@cic.ie
Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon
Gearrscannán Gaeilge i bPictiúrlann Light House
Márta 7, 2013
Beidh trí ghearrscannán ar an scáileán sa bPictiúrlann Light House, i Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2013.
Léiríodh an trí scannán le haghaidh TG4, ach is é seo an chéad deis iad a fheiceáil riamh. Chomh maith leis sin, is é an chéad uair a bheidh scannán as Gaeilge againn sa phictiúrlann.
Páirtnéir, Eoinín agus Bás Arto Leary is iad an trí ghearrscannán i gceist agus léiríodh iad le chéile leis an tionscnamh gearrscannánaíochta Scéal (http://www.tg4.ie/sceal).
Beidh na gearrscannáin le feiceáil Déardaoin, 14 Márta ag 18:30 i Scáiléan a Dó – scáileán iontach galánta ina bhfuil dath difriúil ar gach cathaoir!
Beidh na fáltais ar fad ag dul go dtí an Capuchin Day Centre, carthanas áitiúil a oibríonn le daoine gan dídean.
Tá costas €7.50 ar na ticéid agus tá praghas íslithe do mhic léinn agus do sheanóirí (€6).
Foilsithe ar Gaelport.com
Sparánacht taighde – COGG
Márta 7, 2013
Forbairt na huimhearthachta i scoileanna lán-ghaeilge/ The development of numeracy in Irish medium schools
Fáilteoidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta roimh thairiscintí ó mhic léinn ag leibhéal dochtúireachta nó ó thaighdeoirí eile ar mian leo taighde a dhéanamh maidir le forbairt na huimhearthachta i mbunscoileanna nó in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge.
Ní bhaineann aon luach faoi leith leis an sparánacht ach d’fhéadfaí sparánacht taistil, sparánacht foilsitheoireachta, sparánacht riaracháin, sparánacht táillí agus/nó costais bliana nó níos faide a bheith i gceist.
Foirm iarratais le fáil le híoslódáil ar www.cogg.ie
Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Luain 25 Márta 2013.
Áiseanna d’fhoghlaim agus do Theagasc trí Ghaeilge agus do theagasc na Gaeilge – COGG
Márta 7, 2013
Tugtar cuireadh do chomhlachtaí, d’institiúidí nó do dhaoine aonair iarratais a dhéanamh ar lorg thacaíocht mhaoinithe le haghaidh fhorbairt áiseanna teagaisc agus foghlama do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge nó do theagasc na Gaeilge i scoileanna uile na tíre.
Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Luain 25 Márta 2013.
Applications for financial support are invited from companies, institutions and individuals for the development of teaching and learning resources for Irish medium schools or for the teaching of Irish in all schools.
Foirm iarratais le fáil le híoslódáil ar www.cogg.ie
Scéim Chónaithe Ghaeilge ITBÁC 2013
Márta 6, 2013
Cuireann Oifig na Gaeilge scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn le Gaeilge chun árasán a roinnt lena chéile trí mheán na Gaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath i rith na bliana acadúla. Beidh an Ghaeilge mar theanga labhartha an tí. Ní mór d’iarratasóirí Gaeilge a bheith acu agus beidh ar na mic léinn a bheith gníomhach i gcur chun cinn agus spreagadh na Gaeilge ina saol cónaithe agus i measc mhic léinn na hInstitiúide. Is iontach an deis í an scéim chónaithe do mhic léinn cónaí trí mheán na Gaeilge le mic léinn eile na hInstitiúide.
Tá ag éirí go hiontach leis an Scéim Chónaithe Ghaeilge i mbliana. Tá seisear mac léinn ag cur fúthu i gColáiste Náisiúnta na hÉireann ó fud fad na tíre. Tá na mic léinn ag déanamh staidéir ar réimse leathan d’ábhar. Tá go leor imeachtaí Gaeilge eagraithe acu sna campais éagsúla agus tá níos mó imeachtaí á bpleanáil acu as seo go dtí deireadh na bliana.
Is é an Luan an 11 Márta an dáta deiridh d’iarratas, is féidir foirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil ag http://dit.ie/oifignagaeilge/sceimchonaitheghaeilge/ , trí ríomhphost a chur chuig gaeilge@dit.ie nó glaoch a chur ar 01 402 7043.
Sinéad Ní Dhomhnaill
Oifigeach na Gaeilge / Irish Language Officer
Seomra 5036, Urlár 5
Sráid Áinséir
Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath / Dublin Institute of Technology
gaeilge@dit.ie
014027043
Uaireanta Oifige: Dé Máirt-Déardaoin, 9-5. / Office Hours: Tuesday-Thursday, 9-5.
www.dit.ie/oifignagaeilge/
www.facebook.com/oifig.nagaeilgedit
Síneadh ama tugtha d’eagrais Ghaeilge
Márta 6, 2013
Leanfar ag cur maoinithe ar fáil do naoi n-eagraíocht déag atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge go dtí 31 Nollaig 2013, de réir ráitis atá eisithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas inniu, 06 Márta 2013.
Tionóladh an seachtú cruinniú déag d’Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas inniu in Ard Mhacha.
I láthair ag an gcruinniú bhí Carál Ní Chuilín MLA (ar chlé), Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Aire Sóisearach OCALCA Jonathan Bell MLA, agus Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Sa ráiteas deirtear gur aontaigh na hAirí síneadh a chur leis na socruithe reatha do bhunmhaoiniú go dtí an 31 Nollaig 2013.
Thug siad treoir freisin go gcuirfí pleananna chun cinn chun samhail athbhreithnithe do bhunmhaoiniú a thabhairt isteach; samhail a chuimseoidh na Straitéisí ábhartha teanga sa dá dhlínse, ag féachaint do chinneadh críochnaitheach a dhéanamh faoi mhí an Mheithimh 2013 ar a dhéanaí.
Ba í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a thug an treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge sa bhliain 2009.
Tá cainteanna fós ar siúl maidir le maoiniú na n-eagras faoi chóras nua maoinithe a thiocfaidh i gcomharba ar an tsamhail nua mhaoinithe a bhí molta ag Foras na Gaeilge. Reáchtáladh cruinnithe le heagrais an tseachtain seo seo caite inar pléadh an próiseas athreithnithe agus cúrsaí maoinithe amach anseo.
Is cosúil go mbeidh ciorrú de 6% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge don bhliain 2013 ón mbuiséad a bhí ar fáil dóibh in 2012. Tá iarrtha ag na ranna ar Fhoras na Gaeilge an ciorrú seo a chur i bhfeidhm san ollbhuiséad a chuirtear ar fáil le haghaidh bunmhaoiniú.
Tá an comhráiteas ar fáil le léamh anseo.
Foilsithe ar Gaelport.com
Nuachtlitir Futa Fata
Márta 6, 2013
Scrúduithe TEG 2013
Márta 5, 2013
Beidh scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ar siúl in ionaid ar fud na tíre (Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Luimneach, Ciarraí, Corcaigh, Cill Chainnigh, Má Nuad & Béal Feirste) chomh maith le hionaid thar lear, ar na dátaí seo:
B2* 20.04.2013
B1 27.04.2013
A2 11.05.2013
A1 25.05.2013
*Sásaíonn an cháilíocht seo na riachtanais iontrála do chúrsaí bunmhúinteoireachta.
Seo do sheans cáilíocht aitheanta a bhaint amach sa Ghaeilge. Is féidir aitheantas a fháil ar scileanna labhartha Gaeilge den chéad uair i mbliana agus an scrúdú cainte amháin a dhéanamh.
Tuilleadh eolais ag www.teg.ie nó cuir glaoch ar (01) 708 3737.
Féile Litríochta do Dhéagóirí
Feabhra 28, 2013
Beidh an Fhéile Litríochta bliantúil Fuint Focal ar siúl an deireadh seachtaine seo, 1-3 Marta 2013, in Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.
Féile Litríochta do dhéagóirí is ea Fuint Focal eagraithe ag Pléaráca Teo, ina mbeidh ceardlanna scríbhneoireachta i mbliana ó scríbhneoirí, Míchéal Ó Ruairc, Jackie Mac Donncha, Colm Ó Broin, Cathal Póirtéir agus Colm Mac Séalaigh. I measc na n-imeachtaí ar an gclár tá cur i láthair ó Alan Titley ar ‘Trúir Scríbhneoirí Beoga’ – Pádraic Ó Conaire, Seosamh Mac Grianna agus Seán Mac Mathúna. Is í an t-úrscéalaí Anna Heussaff a sheolfaidh an féile.
Tá scoláirí ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, agus Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin ag freastal ar an bhféile i mbliana.
Eagraítear Fuint Focal mar chuid do Chlár Litríochta agus Drámaíochta Phléaráca Teo. atá maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon, le rannpháirtíocht sa scríbhneoireacht chruthaitheach a chothú i measc óige Chonamara agus litríocht na Gaeilge a chothú don todhchaí. Bíonn go leor imeachtaí éagsúla á reachtáil ag Pléaráca i rith na scoil bliana ar fud Chonamara mar chuid den gclár seo, tograí léitheoireachta, ceardlanna litríochta, togra léirmheastóireachta, aonach leabhar don aos óg- Brícíní, maraon le ceardlanna drámaíochta.
Is ócáid faoi leith é Féile Fuint Focal a thugann Gaeilgeoirí óga le chéile ón Ghaeltacht, agus ón Ghalltacht, thar deireadh seachtaine amháin le díriú isteach ar dhian-cheardlanna scríbhneoireacht chruthaitheach trí mheán na Gaeilge faoi stiúir scríbhneoirí aitheanta. Is réimse ealaíne aonarach uaigneach é réimse na litríochta mar cheird ach tugann an féile seo deis don dream óg castáil lena gcomhpháirtithe ag ócáid a dhéanann ceiliúradh ar réimse ealaíon gur spéis leo agus a thugann deis do dhaoine óga saothar a roinnt agus a phléigh i dtimpeallacht tacúil, taitneamhach ag cur lena scileanna cruthaitheach agus cumarsáide, ag cothú gréasán úr Gaeilge don todhchaí.
Foilsithe ar Gaelport.com