Tionscnamh bunscoile – Oileán an Bhulla
Meitheamh 24, 2014
Nach mór 7 gciliméadair ó lár Bhaile Átha Cliath tá Oileán an Bhulla. Tá sé suite i mBá Átha Cliath agus bíonn na mílte daoine ag tabhairt cuairt air gach lá. Téann daoine ag siúl agus ag súgradh ar an oileán álainn seo. Téann daoine ag imirt gailf agus ag snámh agus le déanaí ag déanamh surfáil-ghaoithe ann.
Tá an leabhrán seo dírithe ar scolairí na Bunscoile. Baineann an t-eolas ann leis an nádúr atá le feiceáil go luath sa samhradh. Phiocamar an séasúir seo mar gur féidir le rang dul chuig an Oileán chun staidéar imshaoil a dhéanamh thart faoin am sin.
Phiocamar trí shuíomh chun staidéar faoi leith a dhéanamh orthu.
A An Riasc Goirt L 1 – 6
B Na Dumhcha Féaracha L 7 – 10
C An Trá L 11 – 14
Sna trí shuíomh seo faightear an-chuid den dúlra, idir phlandaí, shliogáin, agus éin. Chuireamar béim ar ocht ngné nádurtha i ngach ceann de na suímh dhifriúla seo. Tá níos mó gnéithe le feiceáil sna suímh seo ach nílimid chun an iomarca a bhrú isteach sa tionscnamh áirithe seo.
Roimh chuairt a thabhairt chuig an Oileán ullmhaigh tionscnamh sa rang roimh ré. Ansin nuair a bhíonn sibh ar an Oileán bainfidh sibh níos mó tairbhre as an turas. Ar an turas tabhair an leabhrán seo libh, comh maith le pinn dhaite, déshúiligh (binoculars) agus ceamara. Aimsigh an bláth nó éan nó sliogán, agus cuir tic faoin bpictiúr i do leabhrán ag taispeáint go bhfaca tú é. Déan sceits de agus dathaigh é. Tá roinnt sceitseanna le dathú ar chúl an leabhráin seo L 15.
Tá Ionad Eolais tógtha ar an Oileán ag Comhairle na Cathrach (féach an léarscáil L1) agus is fiú cuairt a thabhairt air seo, chun eolas breise a bhailiú. Fágann Bus Átha Cliath, an 130, ó Sráid na Mainistreach i lár na cathrach go rialta agus fágtar tú an-chongárach don Oileán. Uaidh sin is gá duit siúl thar an Droichead Adhmaid nó an Cabhsa, chun an tOileán a shroicheadh (féach an léarscáil). Is féidir le bhur mbus féin taisteal chuig an Oileán ar an gCabhsa agus pairceáil in aice leis an Ionad Eolais.
Tá súil againn go mbainfidh sibh tairbhre as an leabhrán seo. Táimid cinnte go mbainfidh sibh an-taitneamh as cuairt a thabhairt ar an Oileán.
Ba mhaith linn ár mórbhuíochas a ghabháil do Pheadar Ó Báille, as ucht na moltaí agus na ceartúcháin a rinne sé sa théacs.
Seán Ó Coileáin
Proinsias Mac an Bheatha
Is féidir an leabhrán a íoslódáil anseo: Oileán an Bhulla – Tionscnamh Ranga
Seomraí ranga réamhdhéanta ar díol
Meitheamh 24, 2014
Ar Díol: seomraí ranga réamhdhéanta dara-láimhe, mar an nua. Déanfar na seomraí a aistriú agus a ath-thógáil. Praghsanna réasúnta, le go ndíolfar iad.
Seán Mulcahy
Tel. 087 7941718
Nuachtlitir an Fhorais Phátrúnachta Mí an Mheithimh
Meitheamh 23, 2014
Nuachtlitir ar líne anseo.
Suíomh gréasáin nua Scoilnet, lena n-éascófar comhroinnt acmhainní múinteoireachta agus foghlama i measc múinteoirí, á lainseáil ag an Aire Quinn
Meitheamh 20, 2014
Táthar tar éis athchóiriú a dhéanamh ar thairseach oideachais na Roinne Oideachais agus Scileanna, Scoilnet.ie, chun ligint do mhúinteoirí a gcuid acmhainní múinteoireachta agus foghlama féin a chomhroinnt agus a uaslódáil. Go nuige seo, ní raibh i Scoilnet ach suíomh gréasáin do thomhailt amháin, a chuireadh úsáideoirí ar aghaidh chuig ábhar eile ar líne, gan áis idirghníomhach ar bith aige féin.
Anois is féidir le múinteoir cláraithe bunscoile nó iar-bhunscoile ar bith a gcuid acmhainní múinteoireachta agus foghlama féin a chur san áireamh agus iad a mhapáil do churaclam na hÉireann.
Ag lainseáil Scoilnet nuashonraithe dó, mhisnigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. múinteoirí chun comhroinnt a dhéanamh agus cur leis an suíomh tríd an uirlis “Resource Finder”.
“Deis iontach é seo do mhúinteoirí cláraithe bunscoile agus iar-bhunscoile na hÉireann chun acmhainní múinteoireachta a chruthú agus a chomhroinnt. Tá fhios againn go bhfuil fonn ar mhúinteoirí na hÉireann acmhainní digiteacha a úsáid agus a chomhroinnt agus mar fhianaise air sin tá an líon múinteoirí as Éirinn a thugann cuairt ar acmhainní ar nós suíomh gréasáin an Times Education Supplement,” adúirt an tAire Quinn.
“Bíodh is gur sáracmhainn é seo do mhúinteoirí, tá de bhuntáiste bhreise ag Scoilnet go bhfuil inneachar ann a bhaineann go sainiúil le curaclam na hÉireann. Fáiltím chomh maith roimh na hacmhainní ann dár nGaelscoileanna agus Scoileanna sa Ghaeltacht. Mhisneoinn múinteoirí chun acmhainní a chomhroinnt i measc a bpiaraí.”
Ina theannta sin, tá ceadúnú Creative Commons curtha i bhfeidhm ag an suíomh gréasáin i dtreo is go gcuirfear ar fáil, áit gur féidir é, acmhainní uaslódáilte mar
Open Educational Resources (OER).
I measc príomhghnéithe an tsuímh gréasáin nua tá:
- Tacaítear agus misnítear le múinteoirí chun a gcuid acmhainní múinteoireachta agus foghlama féin a chomhroinnt agus a uaslódáil ar an suíomh gréasáin.
- Tá na hacmhainní go léir ar Scoilnet mapáilte go díreach ar churaclam na hÉireann, buntáiste shuntasach do mhúinteoirí na hÉireann a bhíonn go minic ag iarraidh curaclaim dlínsí eile ar nós an RA agus SAM a oibriú amach agus iad ag cuardach ábhar ar líne.
- Tá áis chuardaigh eochairfhocail bhreisithe ann chun acmhainní a aimsiú agus na torthaí a bheachtú de réir leibhéil nó ábhair nó snáithe de churaclam.
- Is féidir le múinteoirí agus le seirbhísí tacaíochta eolas úsáideach cáilíochtúil ar nós “moltaí faoi úsáid ” a chur leis na hacmhainní uaslódáilte.
- Is féidir le múinteoirí sonraí “caighdeáin” a chur le hacmhainní ag úsáid uirlisí dóibh e.g. rátáil réalta, ceanáin, líon comhranna, etc. rud a chiallaíonn go bunúsach go mbíonn na huirlisí ag múinteoirí chun caighdeán na n-acmhainní a mheasúnú iad féin.
- Tacaíonn Scoilnet le huaslódáil acmhainní ilteangacha agus fáiltítear ach go háirithe roimh acmhainní ó mhúinteoirí atá ag obair i nGaelscoileanna agus scoileanna sa Ghaeltacht.
- Misnítear le húsáid ceadúnas Creative Commons ar acmhainní uaslódáilte chun a chinntiú go mbíonn na roghanna d’úsáid (agus athúsáid) acmhainní soiléir.
- Ní ceadaithe d’aon duine ach do mhúinteoirí amháin acmhainní a chur leis an suíomh gréasáin nua Scoilnet. Is tábhachtach an sás chun an caighdeán a rialú é seo mar is ag múinteoirí na hÉireann is fearr atá fios céard a oibríonn i rangsheomraí na hÉireann.
Cuimsíonn Scoilnet.ie bunachar sonraí de bhreis is 11,000 acmhainn ar líne ar a n-áirítear suíomhanna gréasáin, quizeanna, pleananna ceachta, nótaí, físeáin/closáin, cluichí agus ilmheáin eile.
Úsáideann múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile na hÉireann Scoilnet.ie go gníomhach. In 2013, taifeadadh 1.66m cuairt. Ar an mórchóir, tá sé de nós ag múinteoirí bunscoile an suíomh a úsáid níos mó ná múinteoirí iar-bhunscoile, de choimheas 2:1.
Beidh Scoilnet ag bogadh in 2014 i dtreo comhthadhall a dhéanamh le ranna eile Rialtais agus le heagraíochtaí eile de chuid na hearnála poiblí a tháirgeann acmhainní oideachasúla do mhúinteoirí agus scoileanna chun a chinntiú go mbíonn a n-ábhair go léir curtha san áireamh nó tagairtí tugtha dóibh ar an suíomh. Is den tábhacht é a chinntiú go mbíonn gach ábhar oideachasúil atá arna mhaoiniú go poiblí éasca le haimsiú agus éasca le hamharc air i gcomhthéacs an churaclaim.
Cuirfidh an tSeirbhís Forbartha Gairmiúla do Mhúinteoirí, Teichneolaíocht san Oideachas, deiseanna foghlama ar fáil do mhúinteoirí maidir le gach gné de Scoilnet a úsáid. Déanfar é seo ar gach cúrsa samhraidh 2014 de chuid na Seirbhíse. Beidh croí-mhodúl Scoilnet, mar aon le ceardlanna tiomnaithe faoi úsáid Scoilnet, san áireamh chomh maith i ngach cúrsa scoilbhliana agus gach ceardlann a bheidh arna gceapadh agus arna seachadadh ag an tSeirbhís tríd an líonra Lárionad Oideachais.
www.education.ie
Brat Glas faighte ag Gaelscoil Longfoirt
Meitheamh 19, 2014
Comhghairdeas le daltaí agus foireann Ghaelscoil Longfoirt, a ghnóthaigh Brat Glas don scoil. Bhí lá mór ceiliúrtha acu le déanaí agus bhain siad an-sult as!
Gaelscoil Longfoirt ar Facebook
Coiste bunaithe iarbhunscoile Phort Laoise ar Midlands 103 FM
Meitheamh 17, 2014
Éist le Ciara Fogarty ón gcoiste ag labhairt maidir lena bhfeachtas anseo:
Téarmaí sacair – Corn an Domhain
Meitheamh 13, 2014
Tá liosta téarmaí sacair i bhfoirm póstaeir ar fáil le híoslódáil ar focal.ie. Bainigí taitneamh as!
Branar Téatar do Pháistí – Ceardlann do Mhúinteoirí
Meitheamh 13, 2014
Sonraí anseo: www.branar.ie
Cúrsa Gaeilge do dhaoine fásta ar Inis Mór
Meitheamh 11, 2014
Beidh cúrsa Gaeilge do dhaoine fásta á réachtáil ag Gaelfhios Teo. dóibh siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcumas sa Ghaeilge ar Inis Mór Árainn ón Domhnach an 6ú lá de mhí Iúil go dtí an Satharn an 12ú lá de mhí Iúil.
Cuirfidh siad béim ar na scileanna go léir – éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh.
Tabharfar deis do gach scoláire tógáil ar an méid Gaeilge atá acu sa Ghaeilge. Beidh deis acu seo a ghlacaidh páirt a bheith ag damhsa ag glacadh páirt i seisiúin ceoil, a bheith ag siúl, ag rothaíocht, ag snámh, ag curachóireacht, ag marcaíocht capall agus eile.
Is é an costas atá ar an tseachtain seo ná 490 euro (lóistín agus oiliúint san áireamh).
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le
Gaelfhios Teo.
Gort na gCapall,
Cill Rónáin ,
Oileáin Árann,
Co na Gaillimhe
info@odireain.com
0876979979
Cúrsaí Oiliúna le Forbairt Naíonraí Teoranta
Meitheamh 10, 2014
Tá cúrsaí oiliúna éagsúla á reáchtáil ag Forbairt Naíonraí Teoranta ar fud na tíre le linn Meitheamh agus Iúil agus tá fáilte roimh pobal na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta freastal orthu.
Níl na cúrsaí seo aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó thaobh laethanta inseirbhíse aitheanta. Is ar mhaithe le hábhar spéise agus i gcás na cúrsaí garchabhair an cháilíocht garchabhair aitheanta féin a spreagfaidh daoine chun freastal ar na cúrsaí oiliúna thíos.
Is féidir le daoine atá spéis acu sna cúrsaí thíos luaite clárú leo tríd an fhoirm iarratais thíos a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais chugainn sa phost leis an íocaíocht cuí nó trí ríomhphost agus an táille cuí a íoc ar lá / oíche an imeachta.
Is trí Ghaeilge a ritear cúrsaí oiliúna Forbairt Naíonraí Teoranta.
Cliceáil ar an íomhá thíos le leagan níos mó a fheiceáil.
Póstaer: Aistear, Dún na nGall
Póstaer: Athchúrsa Garchabhair, Corcaigh, Meitheamh2014
Póstaer: Ceardlann – Ag Ullmhú don Scoilbhliain Nua