Aitheantas Faighte ón Roinn Oideachais do Cheithre Scoil Nua
Aibreán 25, 2008
AITHEANTAS ÓN ROINN OIDEACHAIS FAIGHTE AG CEITHRE GAELSCOIL
NUA-BHEARTAITHE DO 2008
Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. go mór roimh chinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, TD aitheantas sealadach a bhronnadh ar cheithre Ghaelscoil nua-bheartaithe do Mheán Fómhair 2008. Is cinneadh dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh an ghaelscolaíocht mar rogha do thuismitheoirí agus do dhaltaí sna ceantair seo a leanas ónar eascair an t-éileamh:-
- Gaelscoil na gClocha Liatha, Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin: Scoil Idirchreidmheach faoi phátrúnacht an bhForas Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Gaeilge.
- Gaelscoil Ros Eo, Ros Eo, Co. Átha Cliath: Scoil Chaitliceach faoi phátrúnacht an bhForas Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge.
- Gaelscoil Éadan Doire, Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí: Scoil Chaitliceach faoi phátrúnacht an bhForas Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge.
- Gaelscoil Lorgan, Baile na Lorgan, Co. Mhuineacháin: Scoil Chaitliceach faoi phátrúnacht an Easpaig Chaitliceach.
D’fháiltigh Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin, roimh fhógra an Aire: "Tá an-chuid oibre déanta ag na Coistí Bunaithe, ar bhonn deonach, chun an t-aitheantas seo a bhaint amach. Tréaslaím na Patrúin agus na Coistí Bunaithe as a ndíograis agus guímid gach ráth orthu agus iad ag dul i mbun síol phobal na Gaeilge ina gceantar a chothú."
Deimhníonn an dul chun cinn seo gur rogha an-láidir í an Ghaelscolaíocht mar chóras oideachais i measc an phobail agus go leanann an fás, an fhorbairt agus an t-éileamh ar bhonn leanúnach. Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta ina leith go "leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. ag freastal ar éileamh órgánach an phobail agus ag pleanáil go réamhghníomhach chun a chinntiú go mbeidh soláthar oideachais lán-Ghaeilge, mar chóras oideachas ar ardchaighdeán ar fáil do gach duine sa phobal. "
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 169 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.
CRÍOCH.
Tuilleadh Eolais:
Bláthnaid ní Ghréacháin 01-4773155
Mícheál Ó Broin 087-9467700