Bainisteoir Cúram Leanaí á earcú
Lúnasa 3, 2017
Fáiltíonn an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh Teo., Indreabhán roimh iarratais do phost mar Bhainisteoir Cúram Leanaí ar an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo. Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina hiomláine.
Ní mór d’iarrthóirí na cáilíochtaí/an taithí seo a leanas a bheith ina seilbh:
Taithí bainistíochta/riaracháin a bheith acu chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse cúram leanaí.
Tá cáilíocht FETAC Leibhéal 6 riachtanach nó níos airde agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste.
Seoltar iarratais agus C.V. chuig:
An Rúnaí, An I.T.T. Teo. Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe roimh 5.00i.n. an 24ú Lúnasa 2017
Eolas breise ar fáil maidir le dualgais an phoist ach teagmháil a dhéanamh le 091 593017 nó ríomhphost a sheoladh chuig ittt@eircom.net.