Scléip 2013 le craoladh ar Raidió na Gaeltachta
Eanáir 8, 2013
Tá an spriocdháta d’iontrálacha don chomórtas tallainne Scléip ag druidim linn (an 18ú Eanáir) agus tá dea-scéal againn a thabharfaidh spreagadh do na daltaí agus iad i mbun cleachtadh; beidh an ceoltóir agus craoltóir Fiachna Ó Braonáin linn arís i mbliana le taifead a dhéanamh ar an gcomórtas, agus craolfar 5 chlár bunaithe ar chraic agus ceol Scléip 2013 ar Raidió na Gaeltachta. Tá súil againn go mbainfidh rannpháirtithe Scléip 2013 oiread taitneamh as bheith ina réaltaí raidió is a bhain iomaitheoirí na bliana seo chaite, agus is cinnte gur bhain éisteoirí Raidió na Gaeltachta an-sult as na cláir, a tugadh ard-mholadh dóibh as feabhais an cheol agus siamsaíocht a bhí le cloisteáil iontu.
Mar sin, ná déanaigí dearmad foirm iontrála a chomhlíonadh thar ceann na scoile, agus beimid ag súil le sibh a fheiceáil ag ceann de na babhtaí réigiúnacha gan ró mhoill. Má tá aon cheist agaibh i leith rialacha an chomórtais, na rannóga is feiliúnaí do na daltaí nó eile, tá gach fáilte romhaibh teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó cspainneach@gaelscoileanna.ie.