Aitheantas buan do Ghaelcholáiste Chill Dara
Bealtaine 30, 2012
Tá aitheantas buan bronnta ag an Roinn Oideachais ar Ghaelcholáiste Chill Dara.
D’oscail an mheánscoil sa Nás i 2003 le naonúr daltaí agus fuair siad aitheantas sealadach i 2004. Beidh suas le 200 dalta ag freastal ar an scoil i mí Mheán Fómhair 2012.
“Is cinneadh fíorthabhachtach é seo a thugann aitheantas don éileamh ollmhór atá ar fud fad na tíre d’oideachas lánGhaeilge.” arsa Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra. “Tá an t-éileamh seo ag méadú gach uile bhliain agus go háirithe ag an dara leibhéal mar nach bhfuil a dhóthain soláthair ann.”
“Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le gach duine atá bainteach leis an scoil a chinntigh ó bunaíodh é gur scoil den chéad scoth a bheadh ann.
Beidh scoileanna lánGhaeilge dara leibhéal faoin bhForas ag súil go mbeidh an cinneadh céanna a dhéanamh ag an Roinn Oideachais gan mhoill ar stádas a n-aitheantas féin, arsa Ó hEaghra.
“Tá buíochas ag dul don Roinn Oideachais as ucht a aithint go bhfuil an t-éileamh seo ann d’oideachas lánGhaeilge. Tá an dá scoil dara leibhéal de chuid an Forais Phátrúnachta, Meánscoil Gharman agus Gaelcholaiste Phort Láirge, fós ag feitheamh ar an dea-scéal céanna.”
Tá iarratais déanta ag an bhForas ar phátrúnacht le haghaidh ceithre scoil lánGhaeilge a bheidh lonnaithe i mBaile Brigín agus i nDún Droma i mBaile Átha Cliath, i gCarraig Uí Leighin i gCorcaigh agus iarratas faoi leith curtha isteach ar ghaelcholáiste do Mhaigh Nuad i gCill Dara.
D’éirigh leis an gcéad trí iarratas ach dhiúltaigh an Roinn Oideachais d’iarratas Mhaigh Nuad in ainneoin go raibh liosta éilimh a raibh níos mó ná 580 ainm bailithe leis ag iarraidh Gaelcholáiste sa cheantar.
www.gaelsceal.ie