Campaí Samhraidh ar fud na tíre
Bealtaine 29, 2012
Is gearr go mbeidh scoileanna ar fud na tíre ag dúnadh don samhradh ach beidh deiseanna ag daltaí óga feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge ag campaí samhraidh ar fud na tíre.
Feachtas
Lártíre-beidh Feachtas ag eagrú campa samhraidh do dhaltaí idir 10 agus 15 bliana d’aois i gcoláiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr i mí Iúil.
Beidh an campa samhraidh ar siúl ón 9 -13 Iúil agus beidh réimse leathan imeachtaí ann i rith na seachtaine mar shampla drámaíocht, ealaín, amhránaíocht agus spóirt éagsúla.
Tá tríocha spás ar an gCampa Samhraidh agus tá costas €70 an duine air. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Fheachtas ar 01 672 25940
Ógras
Ar fud na tíre-Tabharfar an deis do pháistí níos óige freastal ar champaí samhraidh a bheidh ar siúl ag an óg-eagraíocht Ógras i rith an tsamhraidh.
Bíonn roinnt mhaith de na campaí seo ar siúl i gCúige Laighean agus bíonn campaí eile ar siúl i Maigh Eo, i nGaillimh, i dTír Chonaill, i gCiarraí agus i nDoire.
Beidh go leor imeachtaí éagsúla ar siúl le linn na gcampaí samhraidh – ina measc beidh cluichí Gaelacha, cispheil, peil, drámaíocht, ceol, céilí, comhrá, ealaín agus cluichí boird.
Óige na Gaeltachta
Dún na nGall: Beidh campa samhraidh á reáchtáil i nGleann Cholm Cille in Ionad CLG naomh Columba. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolais le fáil ó Sheán ag 0872441842 nó Síle 0749532956
Connacht/Laighean: Beidh campaí samhraidh ar siúl ar 16 Iúil – 20 Iúil i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolas uaidh: Joanne ag 087-9092543 nó 091-506014
Na Déise: Reáchtálfar campa eile sa Rinn ón 16 Iúil – 20 Iúil
Corcaigh: Beidh Campaí Samhradh na Mumhan ar siúl i mí Iúil agus i mí Lúnasa. Cuirfear tús leo i mBéal Átha an Ghaorthaigh an tseachtain dar tús 9 Iúil agus beidh campa samhraidh eile ar siúl ón 23 Iúil – 27 Iúil ar Oileán Chléire. Ina dhiaidh sin beidh dhá champa samhraidh i gCúil Aodha ón 30 Iúil go dtí 10 Lúnasa.
Ciarraí: beidh campa samhraidh i gCorca Dhuibhne ón 13 Lúnasa – 17 Lúnasa Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm gach lá. Breis eolais ó Debra ag 026-65883
Foilsithe ar Gaelport.com