Corn Ghlór na nGael 2011
Bealtaine 31, 2011
Reachtáilfear Corn Peile Ghlór na nGael 2011 ar an 8 agus 9 Meitheamh. ’Séard atá i gceist leis na comórtais áirithe seo ná bliotzanna peile do pháistí bunscoile idir bhuachaillí agus cailíní.
Coiste Ghlór Cheatharlach a eagraíonn an comórtas le tacaíocht na múinteoirí a chuireann na cluichí chun cinn ina gcuid scoileanna féin.
Rud suimiúil faoi Chorn Ghlór na nGael ná go bhfuil an comórtas teoranta d’imreoirí i rang a cúig agus níos óige. Ní cheadaítear daltaí sinsearacha ar an bpainéal. Tá na comórtais ag dul ó neart go neart le níos mó scoileanna san áireamh bliain i ndiaidh bliana. Imrítear na cluichí ag deireadh na scoilbhliana agus tugtar cuireadh do bhunscoileanna uile an cheantair a bheith páirteach.
Le roinnt foirne láidir go leor agus roinnt eile le himreoirí ar an bpáirc imeartha don chéad uair riamh b’fhéidir baineann an-éagsúlacht leis na cluichí. Pé scéal é déanann na páistí go léir a seacht ndícheall agus baineann siad taitneamh agus spraoi as na cluichí a imritear ar pháirceanna gleoite Éire Óg.
Cuirfidh Glór Cheatharlach fáilte roimh scoileanna a bheith san iomaíocht arís i mbliana. Gach eolas agus foirmeacha iontrála ar fáil ón oifig ar Shráid an Choláiste nó ar 059 9158105.
Carlow Nationalist – Bríde de Róiste