Clár Súrfála agus Sábhailteacht Uisce trí Ghaeilge
Márta 21, 2018
Tá sé mar aidhm ag Clár Surfála & Sábháilteacht Uisce Freedom cúnamh a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim.
Ag cur feabhais ar do chuid Gaeilge chomh maith le bheith ag foghlaim faoi shábháilteacht uisce agus conas surfáil i gceart.
Modh teagaisc agus topaicí a chlúdaítear ag Scoil Surfála Freedom:
- Teoiric/Seisiúin Eolais – Teicníc Surfála, Sábháilteacht uisce agus trá.
- Taispeántais ar thalamh – Praiticiúil
- Seisiúin Surfála san uisce – Praiticiúil
- Dul siar agus aiseolas ag deireadh an tseisiúin – Tabharfar carta aiseolais do gach duine a ghlac páirt chun buacphóintí sheisiúin an lae a phlé as Gaeilge agus is féidir léiriú ar an gcárta na scileanna agus na focail Ghaeilge nua a foghlaimíodh le linn an tséisiúin (Cur i láthair aonair agus i ngrúpaí)
Bunscoileanna/Meánscoileanna – seisiún sa seomra ranga sula sroicheann tú Scoil Surfála Freedom
- Cuir leis an stór focal Gaeilge a bhaineann le Surfáil, sábháilteacht Uisce agus timpeallacht trá. Curtha ar fáil ag Scoil Surfála Freedom
- Suim a spreagadh in úsáid na Gaeilge trí shurfáil
- An Clár Surfála agus Sábháilteacht Uisce a chlúdach mar chuid den cheacht.
- Tá sé mar sprioc ag gach seisiún an Ghaeilge a spreagadh agus scileanna teanga a fhorbairt, feabhas a chur ar scileanna luaile a bhaineann leis an surfáil agus eolas a chur ar fáil maidir le Sábháilteacht uisce agus trá.
- Fad an chláir – Seisiúin 2 uair go leith
- Aoisghrúpaí oiriúnacha:
- Bunscoileanna: Rang a cuig agus rang a sé
- Meanscoileanna: bliain 1 go bliain 3
- Ritheann an clár ó mhí Aibreán go mí Bealtaine. Ba chóir grúpaí a chur in áirithe roimh ré.