Méid an Téacs

Imeachtaí Idirscoile – deontais ar fáil!

Eanáir 8, 2014

Cuireann Gaelscoileanna Teo. deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Eanáir – Meitheamh 2014 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh don tréimhse seo. Bíonn an-tóir ar na deontais, agus molaimid do scoileanna an deis a sciobadh agus iarratas a dhéanamh go luath! Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála i ndiaidh an imeachta. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:

  • Naíonraí /naíscoileanna agus bunscoileanna
  • Bunscoileanna amháin
  • Bunscoileanna agus iarbhunscoileanna
  • Iarbhunscoileanna amháin

Tríd an scéim seo, bíonn deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile. Cuireann Gaelscoileanna Teo. uasmhéid de:

  • €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann
  • €500 / £450 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann
  • €750 / £675 más 4 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach.

Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo: Foirm Iarratais

Tugann na himeachtaí idirscoile seo deis tábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail. Is féidir teagmháil a dhéanamh liom má tá ceist ar bith agat ina leith. Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil do scoileanna agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil, féach anseo.

Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.