Spás Súgartha Nua i nGaelscoil Uí Riada
Iúil 1, 2016
Osclaíodh spás súgartha nua i nGaelscoil Uí Riada, Wilton, Corcaigh, ar an 7ú Meitheamh. ‘Cúl an Tí’ a thug muintir na scoile ar an spás iontach seo. Is áit súgartha í – ach le dífríocht – ‘siad daltaí na scoile a bhí lárnach i bpleanáil an spáis. Chabhraigh baill ón Roinn Teiripe Saothair in Ollscoil Chorcaí leis an scoil le dearadh an spáis agus lorgaíodar tuairimí na ndaoine a bheadh á úsáid – na daltaí féin.
Tá na gnéithe ann a bhionn i ngach spás – sleamhnán, balla dreapadóireachta, dréimire rópa, bíomaí chun cothromaíocht a fhorbairt. I dteannta sin tá bothán ann gur féidir le daltaí suí lena gcairde agus ciorcal cainte a úsáidtear mar sheomra ranga ‘amuigh faoin aer’.
Is as adhmad agus ábhair nadúrtha atá sé tógtha agus fágtar cúinní ag fás go fiáin leis. Is breá le daltaí na scoile ó naíonáin go dtí na hardranganna ‘Cúl an Tí’ agus é lán de ‘iontaisí an tsaoil’.