Méid an Téacs

Amhras léirithe faoi shuirbhéanna ar phátrúnacht

Nollaig 21, 2012

Tá sé ráite ag an bhForas Pátrúnachta gur gá a bheith ‘staidéartha’ i leith torthaí na tuairisce a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite faoi phátrúnacht ar scoileanna.

Dúirt Caoimhín Ó hEarra, Ard-Rúnaí ma heagraíochta: “Is léir go bhfuil tuismitheoirí ag lorg rogha oideachais dá bpáistí agus tá súil againn tríd an bpróiseas go mbeidh oideachas lánGhaeilge á chur ar fáil i gceantair nach bhfuil i láthair na huaire.”

Dhírigh an suirbhé píolótach ar chúig cheantar ar leith; an tInbhear Mór, Caisleán an Bharraigh, an Trá Mhór, Baile Átha Troim agus Fionnbhrú.  Ghlac 1,788 tuismitheoir a raibh leanaí réamhscoile agus bunscoile acu páirt sna suirbhéanna i mí Dheireadh Fómhair.

Léirigh idir 10% agus 21% gurbh fhearr leo oideachas lánGhaeilge dá bpáistí.  Tá Gaelscoileanna sna cúig cheantar cheana féin agus dúirt an tuairisc gur féidir leo freastal ar an éileamh reatha don Ghaelscolaíocht.

Mhaígh Ó hEaghra go raibh laigeachtaí ag baint leis an suirbhé de bharr líon íseal na dtuismitheoirí a ghlac páirt ann.  “Os rud é go raibh scoileanna lánGhaeilge sna ceantair sin is léir go raibh tuismitheoirí chun dul i dtreo an rogha nach raibh ar fáil ina gceantar,” ar seisean.

“Is ábhar imní é nach bhfuil léargas níos iomláine á fháil ar mhianta tuismitheoirí.  Bhí an suirbhé ag díriú ar phátrúnacht, ar shainspiorad spioradálta na scoile agus ar theanga na scoile ach ba léir go ndearna na meáin Bhéarla neamhaird ar cheist na teanga agus iad ag clúdach an tsuirbhé i rith an phróisis,” a dúirt sé.

Léirigh an tAthair Micheal Drumm, as Comhpháirtíocht na Scoileanna Caitliceacha amhras i dtaobh na bhfigiúirí chomh maith.  Dúirt sé nach dtugann na figiúirí sa suirbhé léargas ceart ar thuairimí tuismitheoirí an cheantair agus d’iarr sé ar an Roinn Oideachais na figiúirí a chur i gcomhthéacs mór-phobail scoile an cheantair.

Tá an Roinn Oideachais chun suirbhé níos forleithne a dhéanamh sa bhliain úr in 38 ceantar eile.  Dar leis an bhForas Pátrúnachta beidh torthaí éagsúla ar an tuairisc mar go mbeidh ceantair atá gan soláthar gaelscoile san áireamh.

“Tá sé curtha in iúl ag an bhForas Pátrúnachta ó thosaigh an próiseas seo gur fhás scoileanna lánGhaeilge ó éileamh na dtuismitheoirí,” arsa Ó hEaghra.

“Go stairiúil, tosaíonn siad beag ach nuair a thuigeann an pobal áitiúil na buntáistí a bhaineann le hoideachas lánGhaeilge tagann fás agus borradh ar scoileanna.

“Ina theannta sin, tá gá le hardú feasachta i measc an phobail go ginearálta maidir le buntáistí oideachas dátheangach,” ar seisean.

www.gaelsceal.ie
Foilsithe ar 19 Nollaig 2012