Méid an Téacs

Bua ag Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc i bhFéile Peile Gael Linn 2009

Bealtaine 12, 2009

Is iad foireann GAELSCOIL EOGHAN UÍ THUAIRISC, CEATHARLACH  a thug leo an corn ag Féile Peile Gael Linn 2009 a reáchtáladh i nGaeltacht Ráth Chairn, Co. na Mí  le cúpla lá anuas.  Fuaireadar an  ceann is fearr sa Chraobh ar fhoireann SCOIL SANTAIN, TAMHLACHT, BAILE ÁTHA CLIATH i gcluiche taitneamh, spórtúil! Ghlac captaen na foirne, Conal Ó Sé, le Corn Gael Linn ó Sheán Ó Ceallaigh.

                                                                             

Eagraíonn Gael Linn an Fhéile seo go bliantúil anois chun deis a thabhairt do ghasúir ó bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna teacht le chéile in atmasféar taitneamhach, shóisialta. Tá an oiread sin spéise á léiriú ann le tamall de bhlianta go mbíonn ar fhoirne cáiliú trí réamhbhabhtaí le bheith páirteach ann.  Is iad an ocht bhfoireann a d’fhreastal ar Fhéile Laighin i mbliana ná:

Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach; Scoil Santain,Tamhlacht, Baile Átha Cliath; Scoil Éanna, An Uaimh, Co. na Mí; Scoil Oilibhéar, Cluain Saileach, Baile Átha Cliath; Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Cill Dara; Scoil Uí Riada, Cill Chóca, Co. Chill Dara, Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí, and Scoil Náisiúnta Uí Ghramhnaigh, Rath Cairn, Co. na Mí.

Foirne meascaithe de naoinúr imreoir a bhíonn i gceist,  agus caithfidh ar a laghad ceathrar cailín  a bheith ar an bpáirc i gcónaí  !  Bíonn trí chluiche ag gach foireann, agus téann na buaiteoirí ar aghaidh go dtí  na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige. 

Ní hamháin ar an pháirc imeartha a bhíonn an spórt, ar ndóigh!  Cuireadh an-fháilte roimh na cuairteoirí sa cheantar. Bhí deis  ag na scoláirí cairde nua a dhéanamh i measc buachaillí agus cailíní ó scoileanna eile agus iad ar fad faoin díon céanna! Bhí an-chraic acu chomh maith ag an tráth na gceist boird, ceolchoirm agus céilí a  eagraíodh dóibh mar chuid den ócáid agus bhain gach éinne a bhí i láthair sult agus tairbhe as an bhFéile!

 

Rinneadh tuairisc ar an scéal le déanaí sa Carlow People