Méid an Téacs

Caighdeán an Bhéarla agus an Mhata sna scoileanna lán-Ghaeilge os cionn an mheáin náisiúnta

Samhain 28, 2011

D’fháiltigh GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhógairt an Fhorais Taighde inniu gur léirigh torthaí na dtástálacha náisiúnta ar chaighdeán an Bhéarla agus an mhata sna bunscoileanna lán-Ghaeilge go bhfuil siad i bhfad os cionn an mheáin náisiúnta. Ag labhairt ag Comhdháil Bhliantiúil agus Oideachais 2011 a d’oscail inniu ar an Tulach Mhór, dheimhnigh príomhthaighdeoir an Fhorais Taighde, an Dr. Shiel gurb é seo an chéad uair riamh a rinneadh tástálacha ar fhurmhór na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta mar aonad samplach iontu féin ar ghnóthachtáil sa Bhéarla agus sa mhata. Daingníonn na dea-thorthaí seo torthaí ó thaighde dhúchasach neamhspleách eile atá déanta in Éirinn agus tagann siad le dea-thorthaí an tumoideachais ar bhonn idirnáisiúnta.

Tagann na dea-thorthaí seo sna sála ar thaighde an NCE-MSTL (an Lárionad Sármhaitheasa i bhFoghlaim agus Teagasc an Mhata agus an Eolaíocht) a léiríonn go bhfuil buntáistí trí chur chuige an dátheangachais i gceist don pháiste i bhfoghlaim an mhata in Éirinn.   Príomhfhócas na Comhdhála 2011 ná an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta i gcomhthéacs na scoileanna lán-Ghaeilge, le ceardlanna, plé agus díospóireacht thar an dá lá ar na straitéisí is éifeachtaí le barrfheabhas a bhaint amach ar chaighdeán reatha na scoileanna agus an tionchar nach beag a imríonn sé ar an iar-bhunleibhéal agus ar an nGaeilge sa tríú leibhéal.

D’oscail an tAire Stáit Oiliúna agus Scileanna, Ciarán Cannon an Chomhdháil dar téama Ag Saibhriú Saol Páistí go hoifigiuil.  Ag labhairt ar maidin, thréaslaigh an tAire pobal na scoileanna lán-Ghaeilge, Gaeltachta agus a bpáirtithe leasmhara as na dea-thorthaí atá foilsithe agus á léiriú trí an chóras tumoideachais. Thug sé aitheantas do thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge agus d’obair na múinteoirí, a chinntíonn go mbíonn ard inniúlacht sa Ghaeilge ag foghlaimeoirí. D’aithin an tAire éileamh suntasach an phobail ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag gach leibhéal agus thréaslaigh sé GAELSCOILEANNA TEO. as a bheith ceannródaíoch san obair seo ag spreagadh tuismitheoirí, ag poibliú buntáistí an dátheangachais agus ag tacú le soláthar ar ardchaighdeán.

D’fháiltigh Uachtarán na heagraíochta, Mícheál Ó Broin roimh an aitheantais seo, “fáiltímid go mór roimh na ráitis ar thábhacht na hearnála oideachais lán-Ghaeilge, agus ar ról GAELSCOILEANNA TEO.  san obair luachmhar seo agus táimid an-bhuíoch den Aire as a bheith i láthair don ócáid seo. Aithnímid, áfach, go bhfuil impleachtaí an-mhór ann don earnáil leis an ngéarchéim eacnamaíochta. Táimid ag troid i gcoinne constaicí leanúnacha. Aithnímid ar fad go bhfuil srian ar an Roinn ó thaobh caiteachais ach impím ar an Roinn agus ar an Aire inniu gan an ghéarchéim a úsáid mar cheap milleáin chun sleamhnú as a ndualgais agus gealltanais i leith forbairt na gaelscolaíochta. Níl uainn ach cothrom na féinne dár bpáistí agus dár scoileanna.”

Thréaslaigh Ó Broin leis an slua de 300 duine ó phobal uile na scoileanna ag an mbunleibhéal agus an iar-bhunleibhéal lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht as na dea-thorthaí a léirigh an Dr. Shiel. Thug sé aitheantas don bhrú breise atá ar scoileanna, go háirithe le bliain anuas leis an laghdú sa cóimheas agus an méadú sna ranganna dá bharr. “In ainneoin na gcúinsí fíor-dhúshlánacha seo tá cruthúnas againn ar sár-obair, díograis agus cumas na scoileanna agus sár-éifeacht an chórais tumoideachais mar chóras oideachais.”

Ag labhairt faoi mhana na Comhdhála Ag Saibhriú Saol Paistí deir sé “roghnaíomar an mana seo mar go  ndeimhníonn na torthaí nua seo agus na torthaí leanúnacha ó na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta go bhfuil saol na bpáistí á saibhriú tríd agus de thoradh an chórais tumoideachais. Táimid an-bhródúil as go meallann agus go bhfreastalaíonn na scoileanna lán-Ghaeilge ar pháistí ó gach cúlra sóisialta, eacnamaíochta agus acadúil. ”

Chuir Ó Broin fáilte ar leith roimh Phríomhfheidhmeannach an Choimisiún um Chearta an Duine a labhair ag fáiltiú na Comhdhála faoi pholasaithe iontrála scoile, éagsúlacht agus iolrachas sa chóras oideachais, agus rochtain ag tuismitheoirí ar an ngaelscolaíocht ag an dá leibhéal i gcomhthéacs cearta an duine.

Ghabh Ó Broin buíochas mór le rannpháirtithe na Comhdhála ó gach cearn den oileán agus chuir sé fáilte ar leith roimh rannpháirtithe an tuaiscirt agus na Gaeltachta. Deir sé “níl aon cheist ach go mbaineann rath na Comhdhála  2011 leis an tiomantas don fhoghlaim leanúnach atá sna scoileanna d’fhonn a chinntiú go leanfar ag cur ardchaighdeán oideachais ar fáil do na páistí.”

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.