Ceachtanna Feadóg Stáin ar líne do Scoileanna
Meitheamh 7, 2013
Seo chugaibh suíomh spreagúil nua feadóg stáin atá oiriúnach le húsáid ar chlár bán idirghníomhach: www.feadogonline.com
• Cuidíonn le múinteoirí an fheadóg stáin a mhúineadh (beag beann ar chumas ceoil)
• Ceachtanna roinnte i dtrí chúrsa (oiriúnach do rang 1 go rang 6 nó do ranganna ceoil don Teastas Sóisearach, nó san Idirbhliain)
• Soláthraíonn plean praiticiúil do sheinm an cheoil sa scoil
• Cliathnodaireacht agus litreacha ar fáil i ngach ceacht
• I ngach ceacht: fuaimrian feadóige, fuaimrian de thionlacan pianó; gearrthóg físe
Tabhair cuairt ar ár suíomh le rang samplach a fheiceáil nó déan teagmháil linn ag an uimhir thíos nó cuir ríomhphost chugainn le triail 21 lá saor in aisce a eagrú
Ríomhphost: info@virtualclassroom.ie
Teil: +353 86 3371360