Méid an Téacs

Cinneadh Tromchúiseach an Aire Oideachais do Thodhchaí Na nGaelscoileanna Agus Caomhnú Na Teanga

Bealtaine 14, 2007

Ábhar uafáis agus alltachta é do GAELSCOILEANNA TEO. agus do gaelscoileanna na tíre seo cinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta a léamh sna meáin inniu, 14 Bealtaine 2007 i dtaobh cleachtais an tumoideachais i ngaelscoileanna na tíre seo. Is é an cinneadh tromchúiseach atá á ghlacadh ag an Aire ná go gcuirfear iallach ar na gaelscoileanna teagasc an Bhéarla a thosú go foirmeálta ar a dhéanaí ag tús an dara théarma sna naíonáin shóisearacha. I bhfocail an Ardfheidhmeannaigh, Bláthnaid ní Ghréacháin, "Gníomh éigríonna a bheadh sa chinneadh seo, nach bhfuil aon bhunús oideachasúil, saineolach ná teangeolaíoch leis".

Ar iarratas an Aire, chuir an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) próiseas comhairliúcháin poiblí i bhfeidhm faoi fhorbairt teanga agus forbairt litearthachta i mbunscoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán. Mar thoradh an phróisis, lena raibh taighde saineolach ar chleachtas an tumoideachais go hidirnáisiúnta mar bhunús, cuireadh ceithre mhúnla faoi bhráid an Aire mí Eanáir 2007, bunaithe ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta d’fhonn polasaí na hearnála tumoideachais a fhorbairt.

Dealraítear go ndéanann an cinneadh seo neamhaird den saineolas idirnáisiúnta, de chomhairle an CNCM, de chomhairle agus aighneachtaí na mórimreoirí oideachais agus Gaeilge agus de thorthaí an taighde agus aighneachtaí a bailíodh go forleathan ó scoileanna agus ó thuismitheoirí na tíre seo. Anuas ar sin, tagann an cinneadh seo salach ar pholasaí an Stáit i dtaobh caomhnú na teanga sa mhéid is go gcuireann sé bac ar an modh is rathúla chur chun cinn na teanga sa tír seo, sé sin cleachtas an chórais tumoideachais iomlán. Aithnítear sa taighde agus sa chleachtas gurb é an córas tumoideachais iomlán an córas is éifeachtúla do shealbhú an dara theanga. Is léir nár tugadh aitheantas ná nár léiríodh aon tuiscint ar an mbúnus ná ar an riachtanas a bhaineann leis na moltaí a leagadh amach i dtuairisc an CNCM agus in aighneachtaí na bpáirtithe oideachais agus na scoileanna i gcoitinne. Níl aon bhunús eolaíoch, acadúil ná údarásach ag an gcinneadh seo in éagmais treoirlínte ar dhea-chleachtas agus in éagmais taighde dúchasach.

Deir Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin, " Tá i gceist leis an gcinneadh seo deireadh a chur leis an gcóras luath-tumoideachais in Éirinn. Níl aon fhianaise ann nach bhfuil ag éirí leis an gcóras. Níl aon fhianaise ann ach an oiread go bhfuil páistí na ngaelscoileanna chun deiridh ó thaobh inniúlacht sa Bhéarla faoin am a sroicheann siad na hardranganna. A mhalairt d’fhianaise atá ann. Ábhar díomá agus ionadh é an cinneadh seo agus céim siar seachas céim chun tosaigh d’earnáil an ghaeloideachais ina iomláine agus do chaomhnú na Gaeilge mar pholasaí Stáit."

Ní ghlacann agus ní ghlacfaidh GAELSCOILEANNA TEO. le haon chinneadh a bheas chun dochair an chórais tumoideachais ina iomláine agus leanfar leis an stocaireacht ar an Rialtas agus na páirtithe polaitiúla ar fad go dtí go dtugtar an t-aitheantas ceart do thorthaí phróisis an CNCM. Éilímid ar an Aire gan an ciorclán atá beartaithe a eisiúint agus go gcuirfí moltaí an CNCM i bhfeidhm láithreach agus go leanfaí le dea-obair an CNCM i bhforbairt treoirlínte ar dhea-chleachtas an tumoideachais.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lánGhaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair. Tá 5 bhunscoil lán-Ghaeilge ag oscailt Meán Fómhair 2007 móide 4 iarbhunscoil nua.

Tuilleadh eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin 086 8050335

Mícheál Ó Broin 087-9467700

eolas@gaelscoileanna.ie

CRÍOCH