Méid an Téacs

Comhordaitheoir Dara Leibhéal

Lúnasa 29, 2017

Conradh na Gaeilge

Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge mar eagras deonach atá tiomnaithe do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na cruinne. Bunaithe ag Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus eile é in 1893, tá an eagraíocht ar thús cadhnaíochta in athbheochan úsáid na teanga agus ag múscailt spéise sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach ó shin i leith. Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge Comhordaitheoir Dara Leibhéal a fhostú le cabhrú linn ár gclár oibre dara leibhéal a chur i gcrích. Cuirfear béim ar leith ar dhaltaí dara leibhéal a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina saol féin, agus ar na buntáistí atá ann dóibh cumas sa Ghaeilge a bheith acu a chur os a gcomhair, .i. deiseanna fostaíochta, rogha níos leithne de chúrsaí tríú leibhéal, buntáistí cognaíocha, srl.

Cur síos ar an bpost

Faoi cheannas an Stiúrthóra Forbartha agus Buanchoiste an Chonartha, beidh de dhualgas ar an gComhordaitheoir Dara Leibhéal na dualgais a leanas a chomhlíonadh:

  • Ceardlanna feasachta agus gnímh a eagrú agus a chomhordú sa dara leibhéal i rith na bliana acadúil agus sna coláistí Gaeilge sa samhradh
  • Deiseanna fostaíochta le Gaeilge agus deiseanna oideachais sa tríú leibhéal a chur chun cinn i measc daltaí dara leibhéal
  • Cabhrú le mórimeachtaí an Chonartha a chur chun cinn sa dara leibhéal  Tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí dara leibhéal leis an nGaeilge a spreagadh
  • Tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail dara leibhéal atá an Conradh gníomhach iontu
  •  Dualgais eile de réir mar is gá.

Cur síos ar an té a cheapfar

  • Duine fuinniúil atá tiomanta don Ghaeilge a spreagadh i measc daoine óga
  • Cáilíocht 3ú leibhéal nó a chomhionann de thaithí
  • Caighdeán maith Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
  • Ardscileanna cur i láthair / caint poiblí
  • Scileanna maithe eagrúcháin agus ríomhaireachta
  • Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr

Spriocdháta: Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoi Dé Máirt, 05 Meán Fómhair 2017 ag 11.00r.n.