Méid an Téacs

Comhrá ’17: 9 – 16 Deireadh Fómhair

Meán Fómhair 15, 2017

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an gcuriarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá 247 sa bhliain 2013, áit ar baineadh 168 uair a’ chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a’ chloig cainte. Rinneadh iarracht 170 uair a shroicheadh i 2015, ach níor éiríodh leis go dtí 2016, nuair a d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a’chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhar le Conradh na Gaeilge.

Bhí grúpaí ón Eoraip, ón Áis, ó Mheiriceá Thuaidh, ó Mheiriceá Theas, agus ón Astráil ag caint ‘s ag comhrá lena chéile ar-líne mar chuid den churiarracht #Comhrá16 arna eagrú ag an gConradh, áit go raibh an comhrá Gaeilge gan stad á shruthú beo ar www.snag.ie ar feadh na seachtaine.

Póstaeir Comhrá 17 leath lch

Bíonn idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn Ghaelacha tríú leibhéal, scoileanna, chlubanna CLG, chiorcail chomhrá Is Leor Beirt, stáisiúin raidió, institiúidí oideachais, craobhacha Chonradh na Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag déanamh a gcuid cainte ar son na curiarrachta seo. Úsáidtear Google Hangouts le comhrá leanúnach a cruthú, gur féidir úsáid ar ríomhaire nó fón, agus is iontach an deis í buaileadh le daoine le Gaeilge fud fad an domhain!

Táimid ag súil leis an gcuriarracht a shárú arís eile i mbliana le Comhrá ’17 a bhéas ar siúl ón 9 – 16 Deireadh Fomhair. Cuirimid fáilte roimh gach grúpa, duine aonar nó scoil páirt a ghlacadh. Is féidir clárú don iarracht i mbliana leis an bhfoirm ar anseo.

Brostaigí – líonann an t-amchlár go han-sciopaidh!