Méid an Téacs

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018 – ríméad ar churaidh réigiúnacha !

Nollaig 7, 2017

Reáchtáladh an dá Chraobh Réigiúnach de chuid Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018 ar na mallaibh -Dé Máirt, 5 Nollaig in Amharclann an Gharáiste, Muineachán agus Dé Céadaoin, 6 Nollaig san Óstán South Court, Luimneach. Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn do iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo.

Bhí foirne sóisearacha agus sinsearacha ó Ghaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Co. Dhoire, Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, Coláiste Oiriall, Muineachán, Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Co. Chorcaí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. an Gaillimhe, Scoil Chuimsitheach Cjhiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis, Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall páirteach sna babhtaí.

‘Tá an troid ar son chaomhnú na timpeallacht á cailliúint againn in Éirinn!’  an rún a bhí le plé ag na sóisir, agus bhí an t-ábhar tráthúil ‘Tá an ciníochas go forleathan in Éirinn go fóill !’ faoi chaibidil ag na sinsir. Bhí na cainteoirí uilig ullmhaithe go hiontach ag a gcuid múinteoirí maithe, agus bhaineadar ar ar fad ardchaighdeán díospóireachta amach. Bronnadh gradaim aitheantais ar na rannpháirtithe ar fad.

 Bhí jab fíordheacair le déanamh ag na moltóirí ag an dá ócáid chun na buaiteoirí a roghnú,  ach bhí ríméad ar na foirne díospóireachta seo a leanas ( agus ní in aon ord ar leith atá siad ! ) nuair a fógraíodh go mbeadh siad  ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann, a reáchtálfar i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Eanáir 2018:

Roinn na Sóisear: Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Co. Dhoire, Coláiste Oiriall, Muineachán, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Roinn na Sinsear:  Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Beidh deis ag na foirne uilig ar phríomhdhuaiseanna arbh fhiú €1,000 iad a thabhairt leo, mar aon le Corn Uishne i Roinn na Sóisear agus Corn Gael Linn i Roinn na Sinsear, ar an lá sin.

Treise leo uilig !