Méid an Téacs

Cothrom na Féinne sna Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoi chaibidil ag Tionól Forbartha Bliantúil Gaeloideachas i gcomhar le COGG ar an 24 Samhain 2017

Samhain 20, 2017

Preasráiteas

Cothrom na Féinne sna Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoi chaibidil ag Tionól Forbartha Bliantúil Gaeloideachas i gcomhar le COGG ar an 24 Samhain 2017.
Bliain ar aghaidh ó chéadfhoilsíodh an Polasaí don Oideachais Gaeltachta, agus é tráthúil dá réir cíoradh a dhéanamh ar théama na Comhdhála – Cothrom na Féinne, téama a bhaineann go dlúth le gach oideachasóir sa chóras lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Agus í ag labhairt ar an téama, deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas, “Tá ábhar agus míniú sa téama seo do gach uile duine atá ag treabhadh an ghoirt san oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Táimid thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh an tOllamh Alan Titley inár láthair lena shaineolas a roinnt ar an téama agus chun ábhar machnaimh a thabhairt dúinn ina bhealach cumasach, machnamhach agus siamsúil féin”.

Agus í ag caint ar thábhacht na hócáide don earnáil, deir ní Ghréacháin “Táimid an-sásta go bhfuil an deis againn an chomhdháil oideachais náisiúnta seo a reáchtáil agus a fhorbairt go bliantúil chun freastal ar shainriachtanais na bhforas tumoideachais lán-Ghaeilge mar phobal ar leith mar aon leis an deis a sholáthar daoibh tógáil ar an gcomhoibriú agus comhroinnt dea-chleachtais idir scoileanna agus pobail. Is iomaí dea-chleachtas atá ann, agus le moladh go hard, agus tá an-áthas orainn go bhfuil an taighde a choimsiúnaigh an eagraíocht ar Critéir Aitheantais cuí um dhearbhú cáilíochta agus dea-chleachtais do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar bhonn uile Éireann foilsithe anois agus go seolfar pacáiste tacaíochta do scoileanna ina leith ag an gcomhdháil. Taighde fíorthábhachtach agus tairbheach a bheidh ann do gach scoil a chuireann oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil agus creidimid go mbeidh éifeacht an-dearfach leis”.

Fáiltíonn Uachtarán Feidhmeach na heagraíochta, Anna Ní Chártúir roimh rannpháirtithe, aíonna agus páirtithe leasmhara uile na comhdhála, tráth a chuirfear “clár cuimsitheach fiúntach ar fáil do na forais tumoideachais uile”. Aithnítear go forleathan go bhfuil tábhacht ar leith leis an Tionól Forbartha seo, ní hamháin mar go gcuireann sé go mór le hoiliúint ghairmiúil leanúnach na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, ach mar cheiliúradh poiblí ar ardchaighdeán an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus is mór againn an deis a bheith páirteach sa cheiliúradh sin”.

Gabhann Gaeloideachas buíochas mór le Foras na Gaeilge as an maoiniú do reáchtáil an Tionóil seo.

Féadfar clárú don Tionól ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar 01 8535195. Tá gach eolas faoin imeacht ar www.gaeloideachas.ie

Críoch

Teagmháil | Contact

Do lucht na Meán Cumarsáide ag súil le freastal ar an gComhdháil Bhliantúil san Óstán Mullingar Park ar an Aoine 24 Samhain nó d’éinne eile ag lorg eolais, moltar teagmháil a dhéanamh le:

Oifig Gaeloideachas ar 01-8535195