Méid an Téacs

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí iar-bhunscoile

Meitheamh 14, 2011

Más múinteoir iar-bhunscoile tú atá ag teagasc trí Ghaeilge, beidh deis agat feabhas a chur ar do chuid scileanna teanga an samhradh seo mar go bhfuil COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) ag eagrú dianchúrsa Gaeilge arís i mbliana. Tá an cúrsa seo á reáchtáil i bpáirt le Gaelchultúr agus beidh sé ar siúl i dTrá Lí, Contae Chiarraí, idir 15-19 Lúnasa 2011.
“Is é seo an tríú bliain dúinn an cúrsa seo a chur ar fáil,” arsa Siobhán Patten, Bainisteoir na Sainchúrsaí Gaeilge i nGaelchultúr. “D’éirigh go hiontach leis an gcúrsa le dhá bhliain anuas agus táimid dóchasach go mbeidh an-rath ar cheann na bliana seo chomh maith. Taitníonn an cúrsa le múinteoirí de bhrí go bhfuil sé praiticiúil agus go bhfreastalaíonn sé ar na riachtanais atá acu.”
Dírítear den chuid is mó ar chruinneas agus ar shaibhreas sa teanga labhartha agus scríofa. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa cur le cumas múinteoirí an Ghaeilge a úsáid go cruinn agus go muiníneach sa seomra ranga agus sa scoil i gcoitinne. Cuirtear ceardlanna teicneolaíochta ar fáil le linn an chúrsa freisin. Dírítear sna ceardlanna sin ar na háiseanna agus ar na hacmhainní teicneolaíochta atá ar fáil sa Ghaeilge, cinn ar líne ina measc.
“Chomh maith leis na buntáistí oideachasúla atá ag baint leis an chúrsa seo,” a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, “tugann sé deis iontach do mhúinteoirí atá ag obair i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar fud na tíre teacht le chéile chun smaointe a roinnt maidir leis an obair atá ar siúl sna scoileanna sin.”
Más múinteoir meánscoile tusa atá ag obair i scoil Ghaeltachta nó lán-Ghaeilge agus más mian leat freastal ar an gcúrsa seo, ní mór duit glaoch ar COGG ag (01) 634 0831 nó ríomhphost a sheoladh chuig eolas@cogg.ie.

www.gaelchultur.com