Méid an Téacs

Aighneacht maidir leis an Dréacht-Bhille Rollúcháin Scoile do Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna

Samhain 1, 2013

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhoilsiú an dréacht-bhille rollúcháin scoile do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Ar an 2 Meán Fómhair 2013 d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, dréachtscéim Ghinearálta do Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil), 2013 mar aon le dréachtrialacháin chun a bpléite sula n-achtófar an reachtaíocht.

Is mian le GAELSCOILEANNA TEO. buíochas mór a ghabháil le gach scoil agus le gach duine a chabhraigh lena bhfeachtas sainmheon teanga na scoileanna lán-Ghaeilge a chosaint. Léiríonn an dréacht-bhille dea-thoradh an fheachtais sin sa mhéid is nach mbeidh bac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge, ná go mbeidh bac ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do ghaelscoileanna mar scoileanna friothálacha.

Faoin rialachán nua:

  • Ní ligfí do scoileanna iarratais ar ligean isteach a ghlacadh roimh 1ú Deireadh Fómhair na bliana roimh bhliain an rolluithe ach go gceadófaí tréimhse níos faide ná sin i gcás scoileanna cónaithe.
  • Bheadh sé ar chumas an Aire a rialú nach ceadaithe táillí iontrála ar bith a iarraidh nó a ghearradh mar choinníoll le hiarratas a dhéanamh ar ligean isteach ar scoil.
  • Ní bheadh scoileanna in ann agallaimh a chur ar thuismitheoirí agus páistí roimh an rollú.
  • Áit gur féidir le scoileanna a chruthú go bhfuil liostaí feithimh ar bun acu, is féidir, de mhaolú air sin, ligint dóibh na liostaí sin a ghlanadh thar thréimhse roinnt blianta.
  • Ligfear do scoileanna tús áite a thabhairt d’iarratasóir gur siblín é/í le mac léinn nó iarmhac léinn de chuid na scoile.
  • Déileálfar le hachomhairc ag leibhéal na scoile.

Aithníonn GAELSCOILEANNA TEO. go bhfuil tuiscint léirithe sa dréacht bhille seo ar riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge leis an mbunchosaint atá ann don sainmheon teanga sa phróiseas iontrála. Is ábhar imní é áfach i gcás scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu go mbeidh bac orthu agallamh a chur ar thuismitheoirí, modh oibre atá ag roinnt scoileanna chun cumas agus nósmhaireacht teanga clainne a thomhais. Dúshlán an-mhór eile atá sonraithe sa dréachtbhille ná go mbeidh bac ar thosaíocht a thabhairt don fhreastal ar réamhscoil / naíonra. Aithnítear sa teoiric agus sa chleachtas go bhfuil fíor-thábhacht leis an luath-thumadh sa Ghaeilge sa naíonra mar ullmhúchán don bhunscoil lán-Ghaeilge, agus leagann an-chuid bunscoileanna lán-Ghaeilge an-bhéim ar an eispéireas foghlama seo sa pholasaí rollúcháin.

Tá aighneacht ullmhaithe ag GAELSCOILEANNA TEO. agus curtha faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach maidir le Dréacht-Scéim Ghinearálta Bhille Oideachais (rollachán scoile). Is féidir an aighneacht a léamh anseo: Aighneacht Gaelscoileanna Teo. Rollú Scoile

Seo thíos cáipéisí an dréacht bhille: