Méid an Téacs

Buntáistí an Oideachais Dátheangaigh – Longfort, 2 Márta

Feabhra 24, 2016

Ilchultúrachas 3

Tá fáilte roimh thuismitheoirí agus éinne gur suim leo cúrsaí oideachais, teanga agus forbairt an pháiste freastal ar an léacht phoiblí seo. Beidh an Dr. Hywel Lewis mar aoichainteoir ar an oíche agus is saineolaí é ar na buntáistí cognaíochta a thugann an t-oideachas dátheangach do pháistí; go ngnóthaíonn páistí i bhfad níos mó ná cumas teanga agus go mbíonn siad ina bhfoghlaimeoirí níos cumasaí agus níos muiníní i dtimpeallacht dhátheangach.

Leanfar an chaint le seisiún ceisteanna agus freagraí do thuismitheoirí le deis a thabhairt dóibh ceisteanna a chur ar phainéal, ar a mbeidh Yvonne Ní Mhurchú, príomhoide Ghaelscoil Longfoirt, maidir le haon ní a bhaineann le do pháiste a chur chuig scoil lán-Ghaeilge. An dtuigfidh siad an múinteoir? An mbeidh na tuismitheoirí in ann cabhrú leis an obair baile? An mbeidh na páistí in ann léamh i mBéarla? Bígí linn le haghaidh comhrá fáilteach agus oscailte le saineolaí aitheanta go hidirnáisiúnta ar an ábhar seo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193. Tá an t-imeacht seo á eagrú ag Gaelscoileanna Teo. agus Conradh na Gaeilge le feasacht a ardú maidir le hoideachas lán-Ghaeilge.

Bileog Eolais