Méid an Téacs

Comhdháil Oideachais 2012 – Go raibh míle maith agaibh!

Samhain 28, 2012

A chairde dhil,

Ba mhór le foirne agus boird GAELSCOILEANNA TEO. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne a bhí i láthair linn ag Comhdháil Oideachais 2012 i nGaillimh ar an 23 Samhain. Bhí freastal iontach ar an ócáid agus tá súil againn gur bhain na rannpháirtithe taitneamh agus tairbhe as. Cuirfear ábhar na gceardlann ar fáil go luath ar www.gaelscoileanna.ie agus ba mhór linn dá bhféadfaí an t-eolas seo a scaipeadh ach go háirithe ar foireann na scoile más rud é nach raibh deis acu bheith i láthair i mbliana. Tá tuarascáil bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. ar fáil le híoslódáil ón suíomh chomh maith.

Dóibh siúd a bhí linn, ba mhór linn bhur dtuairimí a chloisteáil ina leith. Ní thógfaidh sé níos mó ná 3 nóiméad an suirbhé a chomhlánú, agus beidh an t-aiseolas ina chabhair ollmhór dúinn agus muid ag ullmhú do chomhdháil na bliana seo chugainn. Tá an suirbhé ar fáil anseo: http://www.surveymonkey.com/s/comhdhail2012 agus tá fáilte romhat an nasc a scaipeadh ar foireann eile na scoile más rud é go rabhadar ann.

Tá súil againn gur thug an Comhdháil spreagadh agus misneach do gach éinne a bhí rannpháirteach ann, is cinnte gur thug sí muinín dúinne inár gcuid oibre ar son na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Le buíochas agus dea-mhéin,
Foirne agus boird GAELSCOILEANNA TEO. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo.