Méid an Téacs

Dianchúrsa Gaeilge do Mhúinteoirí in Iarbhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge

Iúil 9, 2014

18-22 Lúnasa, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24

Díreofar sa chúrsa ar an saghas teanga a úsáideann múinteoirí ar bhonn laethúil, is é sin frásaí agus stór focal is féidir a úsáid nuair a bhítear ag plé le daltaí sa seomra ranga agus timpeall na scoile, le múinteoirí eile agus le tuismitheoirí.

Bainfear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna. Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, rud a thabharfaidh a lán deiseanna do na rannpháirtithe cleachtadh a dhéanamh ar an méid a bheidh múinte dóibh.

Cuirfear seisiún speisialtóireachta ar fáil maidir le príomhábhar gach múinteora (seachas teangacha). Déanfar gach iarracht freastal ar an dara hábhar ach ní bheifear ábalta é sin a dhéanamh i ngach cás.

Díreofar ar na gnéithe is lárnaí agus is úsáidí de ghramadach na Gaeilge, e.g. aimsirí an bhriathair, réamhfhocail shimplí, forainmneacha réamhfhoclacha, inscne ainmfhocal/na tuisil, daoine agus rudaí a chomhaireamh, dátaí agus orduimhreacha, agus an modh ordaitheach. Úsáidfear cluichí agus comórtais chun an fhoghlaim a dhéanamh níos spreagúla agus níos éifeachtaí.

Beidh na nithe seo i gceist sna ranganna maidir le Teicneolaíocht an Eolais agus an Ghaeilge: – ríomhaire a chur in oiriúint don Ghaeilge – Microsoft Word a shocrú don Ghaeilge – an seiceálaí litrithe GaelSpell – áiseanna ar an nGréasán, e.g. foclóirí Gaeilge ar líne, bunachair shonraí, irisí ar líne – acmhainní d’fhoghlaimeoirí óga agus fásta

Bainfear úsáid as Gramadach gan Stró! agus Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level mar théacsleabhair le linn an chúrsa agus cruthófar cuntais ar an suíomh ríomhfhoghlama www.ranganna.com do na rannpháirtithe.

Sonraí ar www.gaelchultur.com.