Iarbhunscoileanna nua le bunú i 2015-2016
Bealtaine 14, 2013
Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeidh 8 iarbhunscoil nua le bunú sa tréimhse 2015-2016. Scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla a bheidh sna scoileanna nua seo, de réir litir atá faighte ag GAELSCOILEANNA TEO. ón Roinn, agus luaitear sa chomhfhreagras céanna gur “socraíodh agus gur freastalaíodh ar sholáthar trí mheán na Gaeilge sa chéad ghrúpa scoileanna a fógraíodh” (na scoileanna atá le hoscailt i 2013 agus 2014; trí iarbhunscoil lán-Ghaeilge ina measc). Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag lorg soiléirithe ar bhonn práinne maidir leis an ráiteas seo sa mhéid is go bhfuil sé in aghaidh an phróisis daonlathach atá mar bhunús den chur chuige nua trína roghnófar an cineál scoile bunaithe ar shainrogha tuismitheoirí.
Iarrfaidh an Roinn Oideachais ar phátrúin ionchasacha ar na scoileanna nua (sna ceantair liostáilte thíos) deimhniú go mbeidh siad toilteanach Aonaid lán-Ghaeilge a bhunú má tá éileamh orthu, agus tá soiléiriú lorgtha ag GAELSCOILEANNA TEO. ón Roinn maidir leis na próisis atá ann leis an éileamh seo a mheas, na dualgais atá ar phátrúin ionchasacha tairiscint ghníomhach a dhéanamh ar sholáthar lán-Ghaeilge agus na tacaíochtaí atá ar fáil ón Roinn do phátrúin ar mian leo Aonaid a bhunú. Tá go dtí an 28 Meitheamh ag pátrúin le hiarratas a dhéanamh ar phátrúnacht na n-iarbhunscoileanna nua seo. Leanfaidh GAELSCOILEANNA TEO. ag plé leis an Roinn agus leis na pátrúin le cinntiú go bhfuil cearta agus éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge tugtha san áireamh sa phróiseas le scoileanna nua a bhunú.
Tá preasráiteas na Roinne (i mBéarla amháin) le léamh anseo: http://education.ie/en/Press-Events/Press-Releases/2013-Press-Releases/PR13-05-10B.html
Contae | Ceantar | Bliain tosaithe | Líon daltaí |
Cábhán | Dún an Rí | 2016 | 400 |
Corcaigh | Carraig Uí Leighin | 2016 | 500 |
Corcaigh | Mainistir na Corann/Carraig Thuathail | 2016 | 1,000 |
Áth Cliath | Baile Brigín | 2016 | 700 |
Áth Cliath | Baile an tSaoir | 2016 | 1,000 |
Áth Cliath | Coill an Rí, Tamhlacht | 2016 | 1,000 |
Cill Dara | Cill Droichid | 2015 | 1,000 |
Cill Mhantáin | Tuaisceart Chill Mhantáin | 2016 | 1,000 |