Oíche eolais do thuismitheoirí maidir leis an ngaelscoil nua, Teach na Giúise, 19 Márta 2013
Márta 6, 2013
Osclófar Gaelscoil nua i dTamhlacht i 2013 faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Is scoil trí mheán na Gaeilge a bheidh ann a bhfuil comhoideachasúil agus a mbeidh sainspiorad ilchreidmheach aici.
Beidh an scoil nua lonnaithe ar shuíomh in aice leis an ionad pobail i dTeach na Giúise. Tá An Foras Patrúnachta ag glacadh le hiarratais fós d’áiteanna sa scoil nua. Ba cheart do thuismitheoirí a bhfuil suim acu sa scoil seo, an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
Ba cheart do thuismitheoirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur sa phost chuig An Foras Patrúnachta, Bloc K3, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara chomh luath agus is féidir.
Reáchtálfar oíche eolais do thuismitheoirí na bpáistí – a bheidh ag tosú sa scoil i Meán Fómhair 2013 – san ionad pobail i dTeach na Giúise ar an Máirt 19 Márta 2013. Tosóidh an cruinniú ag 7pm.
Thosaigh an An Foras Pátrúnachta, pátrún na scoile nua, ag déanamh feachtasaíochta d’oscailt Ghaelscoile i dTamhlacht i 2011 agus d’éirigh leis an bpátrún neart tacaíochta tuismitheora a fháil. Rinne An Foras Pátrúnachta iarratas ar phátrúnacht don scoil nua ansin i mí Dheireadh Fómhair, 2011.
I mí an Mhárta 2012, d’fhógair an t-Aire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn,an phátrúnacht do na bunscoileanna nua a bheidh ag oscailt i mí Mheán Fómhair, 2012 agus mí Mheán Fómhair, 2013. Tá ríméad ar An Foras Pátrúnachta go mbeidh trí Ghaelscoileanna nua faoin bpátrún, Tamhlacht san áireamh, a bheidh ag oscailt i 2012 agus 2013.
Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus ag an dara leibhéal. Tá 61 bunscoil agus 5 mheánscoil faoina phátrúnacht.
An Foras Pátrúnachta :: +353-1-6294110 :: eolas@foras.ie