Méid an Téacs

Scéim tógála na Roinne Oideachais & Scileanna do 2015 fógartha, 18 scoil lán-Ghaeilge le foirgnimh scoile nua a fháil

Nollaig 18, 2014

Is cúis áthais do Gaelscoileanna Teo. go bhfuil 18 scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna a ainmníodh inniu i bplean tógála na Roinne Oideachais & Scileanna don bhliain 2015. Cuirfear foirgnimh scoile nua ar fáil do na scoileanna thíos, roinnt díbh atá i cóiríocht shealadach le beagnach 30 bliain anuas. Guíonn muid gach rath ar an obair tógála agus beimis ag súil leis go mbeidh foireann agus daltaí na scoileanna thar a bheith sona agus sásta ina seomraí ranga nua.

Na scoileanna lán-Ghaeilge ar an liosta tógála do 2015 ná:

  • Gaelscoil de hÍde
  • Gaelscoil Charraig Uí Leighin
  • Gaelscoil Mainistir na Corann
  • Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin
  • Scoil Caitlín Maude
  • Gaelscoil Ros Eo
  • Gaelscoil an Chuilinn
  • Gaelscoil na Giúise
  • Scoil Náisiúnta na bhForbacha
  • Gaelscoil Mhic Amhlaigh
  • Gaelscoil Riabhach
  • Gaelscoil Mhic Aodha
  • Gaelscoil Liatroma
  • Gaelscoil an Ráithín
  • Gaelscoil Longfoirt
  • Gaelscoil an Bhradáin Feasa
  • Gaelscoil Thulach na nÓg
  • Gaelscoil Philib Barún

Tá an liosta iomlán agus tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh na Roinne Oideachais & Scileanna, www.education.ie.