Méid an Téacs

Sciob an deis! Deontais ar fáil tríd an scéim Le Chéile Trí Ghaeilge

Deireadh Fómhair 22, 2014

Tá Gaelscoileanna Teo. ag cur deontas ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tríd an scéim nua ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Meán Fómhair – Nollaig 2014 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh don tréimhse seo. Bíonn an-tóir ar na deontais, agus molaimid do naíonraí agus do scoileanna an deis a sciobadh agus iarratas a dhéanamh go luath! Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála i ndiaidh an imeachta. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
•    Naíonraí / naíscoileanna
•    Bunscoileanna
•    Iarbhunscoileanna

Tríd an scéim seo, bíonn deis ag naíonraí agus scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le naíonraí agus scoileanna eile. Cuireann Gaelscoileanna Teo. uasmhéid de:
•    €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 naíonra/scoil rannpháirteach ann
•    €500 / £450 d’imeacht le 3 naíonra/scoil nó níos mó rannpháirteach ann
•    €750 / £675 más 4 naíonra/scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach.

Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo:  http://www.gaelscoileanna.ie/events/eolas/foirm-dimeachtai-idir-scoile/

Baineann na deontais seo leis an tréimhse Meán Fómhair – Nollaig 2014 amháin. Ní féidir linn deontais a cheadú d’imeachtaí lasmuigh den tréimhse sin faoi láthair. Tá súil againn an scéim a fhógairt arís in Eanáir 2015.

Tugann na himeachtaí seo deis tábhachtach do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le chéile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa an naíonra agus na scoile, chun leasa na bpáistí agus na ndaltaí agus chun leasa an phobal. Is féidir teagmháil a dhéanamh liom má tá ceist ar bith agat ina leith. Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil – féach http://www.gaelscoileanna.ie/events/foirmeacha-iarratasapplication-forms/

Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.