Méid an Téacs

Folúntas le Glór na nGael

Meitheamh 30, 2016

Glor_na_nGael_Logo_FB_460_256

www.glornangael.ie 046 943 0974
FOLÚNTAIS
Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha teanga trí chomórtas idir grúpaí pobail. I 2014 ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht Gaeilge, ceann den sé cheanneagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael i dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach; forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.

Tá áthas ar Ghlór na nGael an dá fholúntas a leanas a fhógairt:

Oifigeach Forbartha
Beidh ról an Oifigigh Forbartha tiomanta don phobal agus bainfidh sé le fás agus forbairt Ghlór na nGael trí straitéis shainmhínithe. Cuirfidh tú an Ghaeilge chun cinn trí imeachtaí comhaontaithe, caidrimh agus gníomhaíochtaí pobalbhunaithe ar fud na hÉireann. Beidh an ról ceantarbhunaithe agus mar sin beidh solúbthacht maidir le láthair riachtanach.
Beidh an té a roghnófar ag obair go príomha i gCúige Chonnacht agus Iarthar Mumhan, ach ó am go chéile ag tabhairt faoi dhualgais náisiúnta. Is ón Oifig Réigiúnach i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a dhéantar obair an réigiúin a bhainistiú.
Próifíl an phoist
Post forbartha atá i gceist leis an bpost seo. Beidh ar an té a cheapfar ag tabhairt faoi;

  • Forbairt Ghlór na nGael mar ghluaiseacht
  • Forbairt sheirbhísí Glór na nGael sna 3 réimse: Pobal, Teaghlaigh le Gaeilge & Gnó / Fiontraíocht
  • Forbairt coistí atá cláraithe le Glór na nGael
  • Forbairt seirbhísí a bheadh úsáideach do phobal ginearálta na Gaeilge

Grád: Oifigeach Feidhmiúcháin
Scála Tuarastail: De réir Ciorcláin 17/2015 | Aguisín 2A (€27,739 – €47,975)
Téarma: Conradh 3 bliana (1.09.16 – 31.08.19)

 

Riarthóir
Próifíl an phoist
Post forbartha atá i gceist leis an bpost seo. Beidh ar an té a cheapfar ag tabhairt faoi;

  • Chóras Riaracháin d’ardchaighdeán a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i nGlór na nGael.
  • Orduithe tograí éagsúla Ghlór na nGael a phróiseáil agus a seachadadh.
  • Tacaíocht riaracháin a sholáthar d’fhoireann Ghlór na nGael.

Grád: Oifigeach Cléireachais
Scála Tuarastail: De réir Ciorcláin 17/2015 | Aguisín 2A (€21,879 – €37,341)
Téarma: Conradh 3 bliana (1.09.16 – 31.08.19)
Ionad Oibre: Oifigí Ghlór na nGael, Ráth Chairn, Co. na Mí.
Spriocdháta: Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@glornangael.ie faoin Dé hAoine 29 Iúil 2016 ag 5.00i.n. do cheachtar den dá folúntas.

Níos mó eolais anseo: Fógra Poist Oifigeach Forbartha & Riarthóir 2016