FOLÚNTAS: Riarthóir Oifige, Gaeloideachas
Nollaig 12, 2017
Riarthóir Oifige
Conradh 3 Bliana
Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa atá de dhíth chun obair oifige Gaeloideachas a riar.
Baineann obair Gaeloideachas le cur chun cinn an Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.
Scála Tuarastail: 17/2015 Oifigeach Cléireachais, €21,879 – €37,341
Foirm iarratais móide sainchuntas poist le fáil trí ríomhphost a chur ag
foluntais@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.
Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe: Meán lae Déardaoin, 21 Nollaig 2017
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.