Méid an Téacs

Gearrscannáin Gaeilge

Meitheamh 14, 2011

Tá an-bhorradh faoi earnáil na ngearrscannán le blianta beaga anuas agus a bhuí le tionscnaimh ar nós Gearrscannáin, atá á mhaoiniú ag Bord Scannán na hÉireann, tá lucht déanta scannán Gaeilge tar éis a léiriú nach bhfuil aon easpa samhlaíochta ná tallainne ina measc. Is féidir breathnú ar na gearrscannáin a léiríodh faoin scéim go dtí seo ar www.thisisirishfilm.ie, mol meán Bhord Scannán na hÉireann.

Cléireach oifige a chailleann a theanga, bean a bhfuil sé de chumas aici dul in óige gach céad bliain agus fiaclóir a dhéanann ár ar shráidbhaile ciúin – níl anseo ach sampla den iliomad carachtar atá le fáil sa tsraith seo de sheacht ngearrscannán déag Gaeilge atá le fáil ar shuíomh Bhord Scannán na hÉireann.

Eisíonn Bord Scannán na hÉireann dhá scannán Gaeilge gach bliain faoin scéim Gearrscannáin, scéim a bhfuil sé mar sprioc aici déantóirí scannán nua a spreagadh chun saothair a léiriú a thugann dúshlán don lucht féachana agus a chuireann téamaí suimiúla os a gcomhair.

Is léir ó na gearrscannáin atá curtha ar fáil go dtí seo, a bhfuil roinnt saothar beochana ina measc, go bhfuil bua ar leith ag déantóirí scannán na hÉireann. Tá cuid de na haisteoirí is mó cáil sa tír le feiceáil sna gearrscannáin sin: Brendan Gleeson, cuir i gcás, Charlotte Bradley, Tomás Ó Súilleabháin, Colm Ó Maonlaí, Anne Learmont agus go leor eile nach iad. Rinneadh na scannáin in áiteanna éagsúla ar fud na tíre agus pléitear ábhair éagsúla iontu: cúrsaí meabhairshláinte, mar shampla, agus athnuachan paisin i bpósadh atá ar an dé deiridh.

Is féidir breathnú ar na scannáin ar an suíomh www.thisisirishfilm.ie. Chun teacht orthu, cliceáil ar an táb “Shorts” ag barr an leathanaigh, ansin téigh go bun an leathanaigh agus cliceáil ar “Gearrscannáin (2010)”. Tá cóipeanna de na DVDanna ar fáil ó Bhord Scannán na hÉireann ar (091) 561 318 freisin. Tá teastas rátála 15 ag baint leis na scannáin ar fad.

Tá Bord Scannán na hÉireann ag glacadh le hiarratais i gcomhair Gearrscannáin 2011 faoi láthair. Is é Dé hAoine, 8 Iúil 2011, an spriocdháta d’iarratais.

www.gaelchultur.com