Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge séanta mar rogha do 1,550 páiste i dTuaisceart Chill Dara
Feabhra 10, 2012
De réir fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna le déanaí, níl sé i gceist go dtabharfaí iarratas ar ghaelcholáiste nua san áireamh agus na hiarratais ar phátrúnacht na scoile nua atá le bunú i Maigh Nuad i 2014 á mheas. Fágann an cinneadh seo nach bhfuil gaelscolaíocht ag an iar-bhunleibhéal ar fáil mar rogha don bhreis agus 1,550 páiste atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge i Maigh Nuad, Cill Choca, Léim an Bhradáin agus Dún Bóinne.
D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna i mí Iúil 2011 go mbeadh iarbhunscoil nua le freastal ar 1000 dalta le bunú i Maigh Nuad, agus go mbeadh deis ag patrúin ionchasacha iarratas a dhéanamh ar son pátrúnacht na scoile sin. Foilsíodh na critéir faoina mbeadh na hiarratais á mheas ag an Roinn, agus luadh éagsúlacht an tsoláthair sa cheantar agus rogha an phobail go sonrach ina measc.
Is léir go bhfuil neamhaird á dhéanamh ar an bhfeachtas tréan atá ar bun ó 2005 i leith le gaelcholáiste a éileamh do na páistí sin. Tá dhá iarratas déanta cheana ag Coiste Gairmoideachais Co. Chill Dara ar ghaelcholáiste a bhunú i Maigh Nuad (i 2007 agus 2010) agus tá breis agus 430 léiriú spéise ó thuismitheoirí bailithe ag an bhForas Pátrúnachta (rogha phatrúin an choiste bunaithe) don iarratas nua seo. In ainneoin an chruthúnais fíor láidir éilimh agus spéise, níl an Roinn sásta éagsúlacht an tsoláthair ná rogha phobal Chill Dara Thuaidh a thabhairt san áireamh sa phróiseas mheasúnaithe.
Rinne coiste bunaithe Gaelcholáiste Chill Dara Thuaidh suirbhé ar thuismitheoirí an cheantair i 2010 lena rogha maidir le soláthar iarbhunscolaíochta sa cheantar a mheas, agus léirigh na torthaí gurb é gaelcholáiste áitiúil céad rogha 88% dóibh siúd a ghlac páirt sa suirbhé. Tá an t-éileamh ar an ngaelcholáiste nua seo aitheanta ag tuismitheoirí agus scoilphobail Chill Dara Thuaidh, ag na pátrúin agus ag mórphobal na gaelscolaíochta, agus ba mhór an fhaillí a bheadh ann dá ndéanfadh an Roinn neamhaird de.
Ní léir go bhfuil an Roinn ag tabhairt aird ar na critéir a leagadh síos sna Socruithe Nua i gcomhair Pátrúnachta Scoileanna Nua nó ag léiriú measa ar mhianta na dtuismitheoirí i gCill Dara thuaidh. Éilíonn GAELSCOILEANNA TEO. go dtabharfaí cothrom na féinne d’iarratas an Fhorais Pátrúnachta ar phátrúnacht na scoile nua, agus iarrfaimid ar an Roinn tacaíocht mar is ceart a thabhairt don ghaelscolaíocht agus do mhianta an phobail i Maigh Nuad.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
Tuilleadh eolais:
Clare Spáinneach, Oifigeach Forbhartha, GAELSCOILEANNA TEO.
Fón: 01 8535193 Ríomhphost: cspainneach@gaelscoileanna.ie
Máirín Ní Chéileachair, Cathaoirleach, Coiste Bunaithe Gaelcholáiste Chill Dara Thuaidh
Fón: 01 6290667 Ríomhphost: mairinnicheileachair@gmail.com