Méid an Téacs

Ionad Oideachais I mBaile Bhúirne

Márta 13, 2007

Lár-ionad Tacaíochta agus Forbartha don Ghaeilge lonnaithe i mBaile Bhúirne

 

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. roimh fhógra an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, TD agus an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, go gcuirfear tús agus feidhm le tionscnamh tacaíochta agus forbartha don Ghaeilge i mBaile Bhúirne i nGaeltacht Mhúscraí in iarthar Chorcaí.

 

Dar le Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO. gur céim chun tosaigh do mhúineadh na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge an fógra seo. "Tá sé fíorthábhachtach d’earnáil na gaelscolaíochta a leithéid de sheirbhís agus acmhainn a bheith ar fáil anois. Tá sé suntasach go bhfuil ról aitheanta ag na páirtithe leasmhara ar fad sa togra seo. Tá súil againn go rachaidh an tionscnamh seo i ngleic leis na dúshláin atá os ár gcomhair, ach go háirithe i dtaobh oiliúint mhúinteoirí agus soláthar acmhainní don gaelscolaíocht agus don Ghaeilge mar ábhar", a deir sé.

 

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. leis go mbeidh an acmhainn náisiúnta seo faoi stiúir an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), agus go gcuirfidh an t-ardú sa bhuiséad atá geallta dóibh go mór le soláthar níos cuimsithí d’achmhainní teagaisc agus foghlama don Ghaeilge.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 163 bunscoil agus 38 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

 

Tuilleadh Eolais:

Bláthnaid Ní Ghréacháin 086-8050335

Mícheál Ó Broin 087-9467700