Méid an Téacs

Ionsaí mór fógartha do ghaelscoileanna le leasaithe molta sa chóimheas daltaí le múinteoir

Samhain 25, 2010


Is ábhar ollmhór imní é do ghaelscoileanna na tíre seo fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le deireadh a chur leis an socrú reatha cóimheas daltaí le múinteoir atá i bhfeidhm sna gaelscoileanna. Faoin gcóras reatha tá cur chuige i bhfeidhm a aithníonn na dúshláin bhreise atá ag na gaelscoileanna atá beag agus ag forbairt trí chóimheas daltaí-múinteora a cheadú atá beagán níos fábharaí ná an gnáthchóimheas.

D’aithin an córas reatha na dúshláin bhreise atá le sárú sna gaelscoileanna agus iad i mbun forbartha, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclam iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus láidiriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint.

Tá sé fógartha go mbeidh na gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla ó Mheán Fómhair 2011, athraithe a bheith an-tromchúiseach agus a fhágfaidh scoileanna le caillteanas foirne, ranganna móra agus laghdú iomlán ar eispéaras éifeachtach foghlama an pháiste. Beidh impleachtaí tromchúiseacha ann d’fhostaíocht múinteoirí, ach go háirithe dóibh siúd nach bhfuil cearta painéal acu agus i bhfianaise nach bhfuil painéal cuí ann do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge.

Dar le Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo., “ón méid glaochanna atá faighte again inniu ónár scoileanna, is léir go mbraitheann siad go bhfuil neamhaird agus ionsaí á dhéanamh ag an Roinn orthu. Má leantar leis seo caillfidh múinteoirí postanna agus ní bheidh áit ar phainéal acu mar nach bhfuil painéal ceadaithe ag an Roinn do scoileanna an Fhorais. Má chuirtear é seo in éineacht leis an easpa cóiríochta atá ag tromlach dena scoileanna, an diúltú aitheantais do Ghaelscoil Ráth Tó, ardaítear ceisteanna maidir le dearca na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais.”

Tá glaonna leanúnach ag teacht isteach ó scoileanna chuig GAELSCOILEANNA TEO. ag léiriú a gcuid imní faoi na himpleachtaí a bheidh ann d’fheidhmiú éifeachtach na scoileanna leis an mbrú breise a bheidh ar mhéid na ranganna agus ar ualach an mhúinteora. Dúirt Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.  ina thaobh

“tuigimid an ghéarchéim atá ann san earnáil agus is buile marfach i ndiaidh buile marfach atá ag teacht. Ní amháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus doghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos arís de bharr drochphleanáil agus easpa físe an Rialtais seo. Leanfaimid orainn ag lorg soiléirithe agus idirphlé leis an Roinn faoin gceist seo.”

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Críoch.

GAELSCOILEANNA TEO: 01-8535195 / Mícheál Ó Broin ag 0879467700 /Bláthnaid ní Ghréacháin (Ardfheidhmeannach) ag 0868050335.
An Foras Patrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge: Caoimhín Ó hEaghra ag 0861738044