Méid an Téacs

Is Eolaí Mé

Meán Fómhair 16, 2016

eSraith eolaíochta shiamsúil é ‘Is Eolaí Mé’, dírithe ar dhaoine ó 8-12 bliain d’aois, léirithe ag Meangadh Fíbín do TG4. Cuirfear tús le craoladh an chláir i sceideal an Fhómhair ar Cúla 4 ar an Mháirt 20ú Meán Fómhair agus craolfar é dhá uair sa tseachtain as seo go Nollaig, an Mháirt agus an Déardaoin ag 5.25i.n. Beidh an clár ar fáil ar sheinnteoir TG4 www.tg4.tv chomh maith. Seolfar an suíomh gréasáin www.cula4.com/Iseolaime ar an Mháirt 20ú chomh maith agus beidh eolas le fáil ansin faoin mír ‘Déan é seo sa Bhaile’ agus gach ní eile freisin.

Tugann “Is Eolaí Mé” léargas físiúil agus taitneamhach ar an eolaíocht agus ar an timpeallacht. Tá rannpháirtíocht ó dhaoine óga ó chuile chearn den tír sa tsraith seo agus iad ag baint triail as turgnaimh eolaíochta agus ag tabhairt cuairte ar ionaid eolaíochta ar fud na tíre ar nós Réadlann na Dúcharraige, W5 Béal Feirste, Caisleán Bhiorra agus Tochailt Seandálaíochta i mBaile Átha Troim.

Tosaíonn gach clár sa saotharlann, Aladdin’s cave na heolaíochta, áit a gcuireann an láithreoir Peadar, téama an lae faoi bhráid an lucht féachana.

Tugann  ‘IS EOLAÍ MÉ’ léargas taitneamhach agus greannmhar ar na hábhair atá faoi chaibidil sa churaclam. Díríonn gach clár ar ábhar amháin ar nós SOLAS, DOMHANTARRAINGT, AN GRIANCHÓRAS & srl.

Tá aíonna óga i ngach eagrán ag cabhrú le Peadar sa stiúideo agus iad i mbun turgnaimh spleodracha agus iad ar an láthair freisin le Peadar agus Úna ag taifeadadh fuaimeanna ialtóga, ag seoltóireacht, ag treodóireacht agus go leor leor eile.

iempeadar1

Is í príomhaidhm na sraithe ná an lucht féachana a tharraingt ar ais i dtreo na mbunphrionsabail eolaíochta, ábhair a láimhseáil, ábhair a dhearadh, triail a bhaint as turgnaimh agus an timpeallacht mórthimpeall orthu a fhiosrú.

Beidh na haíonna óga seo in iomaíocht lena chéile i ngach eagrán agus iad i mbun dúshláin eolaíochta chun bonn óir IS EOLAÍ MÉ a bhuachan.

Tá míreanna beochana fite fuaite sa chlár chomh maith le míreanna drámaíochta gearra ag deireadh gach clár scríofa ag Patricia Forde leis na haisteoirí Jonathan & Neil Gunning ag glacadh páirt an Ollaimh aosta & an dalta drogallach. Tá na míreanna seo léirithe i stíl scannán tostach dubh & bán agus na haisteoirí ag díriú isteach ar théama an lae go spraíúil.

Críochnaíonn gach eagrán le treoracha simplí do thurgnamh gur féidir a dhéanamh sa bhaile.

Tá Peadar Ó Goill and Úna Ní Fhlatharta ag láithriú le comhairle ón Dr. Naomi Lavelle (Dr. How Science Wows).

Tá an tsraith stiúrtha ag Róisín Ní Thuairisg & Deirdre Ní Fhlatharta agus í léirithe ag Siobhán Ní Bhrádaigh, Darach Ó Tuairisg & Mícheál Ó Domhnaill.

Tá ‘Is Eolaí Mé’ léirithe do TG4, le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann agus ag baint leas as an scéim tacaíochta atá i bhfeidhm ag Rialtas na hÉireann do scannáin agus do dhrámaíocht teilifíse.

iemuna5