Méid an Téacs

Ísliú Stádais An Chomhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Samhain 29, 2012

Alltacht ar Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. agus GAELSCOILEANNA TEO. ar ísliú stádais An Chomhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Aithníonn boird stiúrtha Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. agus Gaelscoileanna Teo. gur reáchtáil  an dá eagraíocht comhchomhdháil den scoth, dar teidil ‘Féinmheastóireacht, Forbairt, Feabhas’ in Óstán an Ardilaun i nGaillimh Dé hAoine seo caite. D’fhreastail níos mó ná 300 duine ar an gcomhdháil, an líon is mó daoine  a d’fhreastail ar chomhdháil Gaeloideachais go dtí seo. Cuireadh scoth na gceardlanna ar fáil do na rannpháirtithe mar aon le heolas cuimsitheach ar a gcuid áiseanna teagaisc Gaeilge ó na comhlachtaí a raibh seastáin acu aige.

Baineadh siar as a raibh i láthair, agus, as na scoileanna go léir, nuair a d’fhógair Ard -Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú, go mbeidh An Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta á comhtháthú leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe (CNCM). Tá alltacht ar an dá eagraíocht go bhfuil an Roinn ag pleanáil seo agus is cinnte go mbainfidh an cinneadh seo go mór ó éifeacht COGG bheith ag feidhmiú mar aonán neamhspleách agus mar eagraíocht a bheidh ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Ag labhairt di thar cheann Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. dúirt Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach na heagraíochta, “gur léir nach bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag feidhmiú de réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge tríd an ísliú stádais seo a chur i bhfeidhm. Luaitear sa Straitéis go gcuirfear an fhoireann chuí agus na hacmhainní cuí ar fáil don Chomhairle lena dualgas a chomhlíonadh ach is léir nach bhfuil an Roinn ag comhlíonadh a dualgais maidir leis an straitéis sa chás seo.” Luaitear  freisin sa Straitéis  ‘beidh príomhról ag COGG i bhfeidhmiú na Straitéise san earnáil Oideachais’. Cén chaoi ar féidir le COGG príomhról a bheith aici más ag laghdú a cuid cumhachtaí atá an Roinn Oideachais?

Dúshláin mór do na scoileanna a bheidh ann nuair nach mbeidh siad in ann a gcuid oibre go léir le COGG a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, rud a bheadh do-dhéanta agus iad slogtha ag an CNCM, áit nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag gach éinne a oibríonn ann. Léiríonn seo fiú nach aon sábháil airgid a bheidh ann mar go mbeidh ar COGG fós a riarachán iomlán féin a dhéanamh.

“Is na scoileanna a bheidh thíos leis sa deireadh nuair a bhfuil an baol ann go laghdófar stádas COGG níos mó thar na blianta atá romhainn agus mar sin nach mbeidh an soláthar céanna acmhainní ar fáil do scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar líon na n-acmhainní i nGaeilge do na scoileanna seo tá géarghá i gcónaí cur leis agus de réir mar a athraíonn curaclaim beidh gá le hacmhainní eile arís”, arsa Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán Gaelscoileanna Teo.

Beidh an dá eagraíocht ag troid go láidir in aghaidh an chinneadh seo ar son na scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Ar ceann de na moltaí láidre maidir le COGG atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge luaitear go ndéanfar ‘beart láithreach le dlús a chur le forbairt an ionaid acmhainní oideachais Gaeilge i mBaile Bhúirne i gCo. Chorcaí’. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag déanamh a mhalairt de tacaíocht a thabhairt do COGG agus ní féidir seasamh le sin.

Críoch

Tuilleadh Eolais:

Nóra Ní Loingsigh (Gaelscoileanna Teo.) ag 087-6737560 /  Máirín Ní Chéileachair ag 087-2861655

Treasa Ní Mhainín (Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo.) ag 087-6777140.

Nóta don eagarthóir
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Is í Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. an t-aon eagraíocht oideachais Gaeltachta atá ag feidhmiú ar an mbonn náisiúnta, a chuireann tacaíochta agus comhairle ar fáil, mar aon le stocaireacht a dhéanamh ar son na scoileanna Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibhéal.