Méid an Téacs

Léiriú míchruinn sna meáin maidir le cur chuige na scoileanna lán-Ghaeilge sna polasaithe iontrála

Feabhra 13, 2018

Údar díomá atá san amhras agus sa mhíshástacht atá cruthaithe sna meáin maidir le próiseas iontrála scoileanna lán-Ghaeilge, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas. Tá doiléir cruthaithe sna meáin faoi agallaimh a bheith mar mhodh éigeantach chun áiteanna a bhronnadh ar pháistí sna scoileanna lán-Ghaeilge nuair a thiocfaidh an reachtaíocht i bhfeidhm. Níl fírinne leis sin, ná ní bheadh aon ghlacadh leis sin ag Gaeloideachas, ná ag aon pháirtí eile sa tír.

Sa Bhille, (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 atá á dhréachtú faoi láthair, leagfar amach na cleachtais iontrála a bheidh inghlactha agus iad siúd nach mbeidh agus bord bainistíochta scoile ag dul i ngleic le ró-éileamh ar áiteanna scoileanna. I gcás an 30% de scoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil ar a gcumas glacadh le gach iarratas de bharr teorainn spáis sa scoil agus an cleachtas atá ann tús áite a thabhairt do shiblíní, níl de dhara rogha ag na scoileanna sin ach critéir iontrála a leagan amach. Le linn an chomhairliúchán cuimsitheach a rinneadh ar an gceist le roinnt blianta anuas, shoiléirigh Gaeloideachas agus na heagraíochtaí Gaeilge eile thar ceann pobal na scoileanna lán-Ghaeilge gur córas é an córas lán-Ghaeilge atá fáilteach roimh gach páiste, beag beann ar chumas ná cúlra teangeolaíoch agus go gcreidtear gur seoid luachmhar atá sa teanga agus sa chóras oideachas lán-Ghaeilge ar ceart a bheith ar fáil do gach páiste, ar mian leis nó léi é. Faraor, níl an córas oideachais seo ina rogha forleathan, tá srian á chur ar an bhfás ach tá an t-éileamh ó thuismitheoirí ag ardú de bharr go n-aithníonn siad na buntáistí a bhaineann leis dá gcuid páistí agus go bhfuil suim mhéadaitheach sa teanga i measc an phobail. Tá rogha an oideachais lán-Ghaeilge á cheilt ar na mílte páistí gach bliain de bharr an easpa físe agus tacaíochta ón Roinn Oideachais agus Scileanna chuige. Má leantar leis an moladh go mbeidh bac ar scoileanna ag tabhairt tús áite do pháistí ó réamhscoileanna, beidh impleachtaí móra ann don leanúnachas chuig an bhunscoil ón naíonra agus laghdófar a gcuid stádais dá bharr ag staid atá an-leochaileach dóibh.

Is mionlach bídeach laistigh de mhionlach (5% de phobal na scoileanna lán-Ghaeilge)atá sna teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge mar theanga bhaile. Tacaíonn Gaeloideachas leis na scoileanna a thugann tús áite do na teaghlaigh sin ina gcuid polasaithe iontrála san áit a bhfuil ró-éileamh óir creidtear go bhfuil sé fíor-thábhachtach a chinntiú go bhfuil oideachas ar fáil dóibh ina dteanga dhúchas agus go dtacaíonn a gcuid saibhris teanga le sealbhú na Gaeilge i measc na bpáistí eile. I bhfocail Uí Chártúir, Uachtarán Gaeloideachas, “Tá súil agam go gcinnteoidh an Bille ‘Ligean Isteach i Scoileanna’, 2016 go mbeidh áit ar fáil i nGaelscoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu ag gach páiste atá á thógáil le Gaeilge”. Tacaíonn Gaeloideachas freisin leis na teaghlaigh le beagán Gaeilge agus gan Ghaeilge ach a bhfuil spéis acu san oideachas lán-Ghaeilge dá gcuid páistí.

Agus ní Ghréacháin ag labhairt ar chroílár na faidhbe, deir sí, “Dá mbeadh fíor-rogha ar fáil do gach teaghlach ar mian leo é, agus deis acu teacht ar oideachas lán-Ghaeilge sa bhunscoil agus san iarbhunscoil, ní bheadh an plé seo ag tarlú. Bheadh freastal á dhéanamh ar mhianta tuismitheoirí, bheadh buntáistí an oideachais lán-Ghaeilge ar fáil ar bhonn níos forleithne agus bheadh cosaint agus tacaíocht ann don Ghaeilge mar phríomhtheanga bhaile”.

Tuilleadh eolais
Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach: 086 8050335
Anna Ní Chártúir, Uachtarán: 085 1351097
Seán Ó hArgáin, OCP: 087 4192322