Méid an Téacs

300 pacáiste eolais iarrtha ag tuismitheoirí

Nollaig 10, 2012

Léiríonn figiúirí ata curtha amach ag an Aire Stáit Gaeltachta go bhfuil dul chun cinn mall á dhéanamh ar dháileadh pacáistí eolais sa Ghaeltacht.

Tá na pacáistí mar chuid den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh, a fógraíodh i mí Aibreán seo caite mar chomharba ar Scéim Labhairt na Gaeilge, nó Scéim na nDeich bPunt mar a glaodh air fadó. Chuir 3,370 teaghlach isteach ar an scéim in 2011 sular tháinig deireadh leis.

Go dtí seo tá 57 teaghlach sa Ghaeltacht tar éis iarratas a dhéanamh le haghaidh pacáiste. Ar a laghad is ardú é seo ó mhí an Mheithimh, tráth a raibh pacáistí iarrtha ag 12 theaghlach.

Tá cúrsaí níos fearr lasmuigh den Ghaeltacht de réir dealraimh, óir atá 243 pacáiste seolta chuig teaghlaigh, ardú ó 32 sé mhí ó shin.

Chuir an tAire Stáit McGinley na sonraí ar fáil do Tom Fleming, Teachta Dála Neamhspleách do Chiarraí Theas, sa Dáil an tseachtain seo caite.

Dúirt se chomh maith go bhfuil bileog, ag tógáil do pháiste le Gaeilge, á dháileadh ag an tseirbhís réamhbhreithe in Ospidéal Thra Lí agus ag ionaid sláinte i nGaeltacht Chiarraí.

Dúirt sé go mbeadh siad á ndáileadh ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo agus go mbeadh an eagraíocht réamhscolaíochta ag cur físeáin a d’fhorbair an Roinn faoi na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga an tí ar fáil do thuismitheoirí.

Bheadh ról lárnach ag Comharchumann forbartha Chorca Dhuibhne i gcur chun cinn an cláir freisin, arsa an tAire.

Dúirt se chomh maith go raibh €241,075 curtha ar fáil ag an Roinn d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun cúntóirí teanga a earcú sa chontae. Le cúnamh Dé, ní thabharfaidh an t-éileamh reatha do na pacáistí eolais léargas dúinn ar an ráth a bheas ar na gnéithe eile den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a luaigh an tAire.

Is cosúil go bhfuil neart ar bun ag an Roinn ó thaobh an chláir de ach is léir nach bhfuil mórán rátha ar na pacáistí eolais go dtí seo.

www.gaelsceal.ie