Méid an Téacs

400 dalta i Leitir Ceanainn ag plé Bhuntáiste Breise na Gaeilge

Deireadh Fómhair 18, 2010

Tá camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge faoi lán seoil le hócáidí i mBéal Feirste agus i Leitir Ceanainn le coicís anuas.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i meánscoileanna ar fud na tíre.  Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.  Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag an gComhdháil, i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste, agus i Leitir Ceanainn.

Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

I measc na n-aoichainteoirí labhair i Leitir Ceanainn an tseachtain seo caite, bhí réalt spóirt de chuid fhoireann peile Dhún na nGall fear Gaeltachta, Caoimhín Ó Casaide.  Labhair Loretta Ní Churraighín as Teileann, i gceantar Ghleann Cholm Cille, faoina cuid oibre mar Fheidhmeannach le hOireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus rinne Caitlín Uí Chlochláin cur síos ar a cuid taithí féin agus í ag obair mar Chomhordaitheoir Gaeilge le Comhairle Chontae Dhún na nGall.

Phléigh iriseoir Nuacht RTÉ/TG4, Caoimhe Ní Chonchoille na deiseanna agus na buntáistí a thug an Ghaeilge di féin, agus dúirt sí nach mbeadh gairm beatha dá leithéid bainte amach aici gan an Ghaeilge.  D’inis Caoimhe do na 400 dalta scoile a bhí i láthair faoin am a chaith sí ar ollscoil in OÉ, Gaillimh, áit ar thug sí faoi Chéim sna Dána agus Máistreacht sa Nua Ghaeilge le Scoil na Gaeilge, agus faoin Ard Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Mar chuid den seimineár cuireadh fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí,  rud a spreag díospóireacht spleodrach faoi thodhchaí na teanga, stádas Gaeltachta, an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteistiméireacht, an Ghaeilge ag an tríú leibhéal, tacaíocht an Rialtais don teanga.

Bhí ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
I mí na Samhna, tabharfaidh an Chomhdháil aghaidh ar an Tulach Mhór agus ar Bhaile Átha Cliath leis an seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge.  Chun do scoil a chlárú don ócáid seo, déan teagmháil le Brígíd, ag 01 679 4780.